Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
gradam-le-bronnadh-ag-conradh-na-gaeilge-ar-uachtaran-na-heireann-ag-ard-fheis

Gradam le bronnadh ag Conradh na Gaeilge ar Uachtarán na hÉireann ag Ard-Fheis

| Tuairisc.ie | ,

Beidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn i láthair ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an mhí seo agus gradam speisialta le bronnadh air.

Tá sé fógartha gur ar Uachtarán na hÉireann a bhronnfar Gradam an Uachtaráin de chuid Chonradh na Gaeilge.

In Óstán Chuan na Gaillimhe a reáchtálfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana agus bronnfar an gradam ar an Uachtarán Ó hUigínn ag Dinnéar na hArd-Fheise, ag a ndéanfaidh an tUachtarán óráid, oíche Dé Sathairn, an 26 Feabhra.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go mbronnfar an gradam ar an Uachtarán Ó hUigínn mar aitheantas as an obair atá déanta aige ar son na Gaeilge.

“Is cúis ollmhór onóra dúinn go mbeidh Gradam an Uachtaráin de chuid Chonradh na Gaeilge á bhronnadh ar Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, ag Ard-Fheis na bliana seo. Ó toghadh an tUachtarán Ó hUigínn den chéad uair is mór an tacaíocht a thug sé don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

“I mbliana beidh deis againn mar Chonradh ár mbuíochas a chur in iúl dó as ucht na tacaíochta sin agus as ucht na hoibre atá déanta aige leis an teanga a chur chun cinn agus a cheiliúradh le blianta fada anuas. Beidh deis iontach againn éisteacht leis an Uachtarán agus é i mbun óráide ag an ócáid bhronnta.

“Gabhann muid ár mbuíochas leis as glacadh leis an chuireadh agus tá muid ar fad sa Chonradh ag súil go mór leis an oíche,” a dúirt an Dr Comer.

Tá an dinnéar ceiliúrtha ar cheann de roinnt imeachtaí atá beartaithe mar chuid den Ard-Fheis, a bheidh ar siúl i nGaillimh idir 25-27 Feabhra.

Ar an Aoine, an 25 Feabhra, a sheolfar Cartlann Chonradh na Gaeilge atá lonnaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Le trí bliana anuas tá breis agus 600 bosca curtha i dtaisce sa Chartlann, áit a ndearnadh catalógú orthu agus ar cuireadh in ord iad. Tá an catalógú sin curtha i gcrích agus tá an cnuasach iomlán ar fáil do thaighdeoirí. I rith dheireadh seachtaine na hArd-Fheise beidh roinnt ábhar ón chnuasach ar taispeáint go poiblí in Áras na nGael i nGaillimh.

Cuirfidh an craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus colúnaí le Tuairisc.ie, Máirín Ní Ghadhra, díospóireacht i láthair idir painéal polaiteoirí oíche Dé hAoine. Tá na polaiteoirí a bheidh ag glacadh páirt le fógairt go luath.

Pléifear rúin agus clár oibre Chonradh na Gaeilge maidin Dé Sathairn agus seolfar Seachtain na Gaeilge 2022 le Energia go poiblí.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go bhfuil an eagraíocht ag súil le himeachtaí an deireadh seachtaine agus an deis ag daoine freastal ar an Ard-Fheis arís.

“I mbliana beidh cead arís ag teachtaí, ag craobhacha agus ag cuairteoirí teacht le chéile den chéad uair ó thosaigh paindéim Covid-19.

“Tá muid ag súil go mór le fáilte mhór chroíúil a chur roimh chairde agus chomhghleacaithe nach bhfaca muid ach ar scáileán le dhá bhliain anuas agus na ceisteanna móra teanga á bplé againn le chéile arís.”

Níos mó