Mac le gníomhaí teanga agus Gaeilgeoir é an comhairleoir speisialta de chuid Boris Johnson atá go mór i mbéal an phobail faoi láthair.
Rinne ceannasaí preasa nua Johnson, Guto Harri, agallamh le suíomh nuachta Breatnaise le déanaí a tharraing aird na meán ar fud an domhain.
Dúirt Guto Harri san agallamh le Golwg.360, macasamhail Tuairisc.ie, gur chan Príomh-Aire na Breataine líne ó ‘I Will Survive’, an t-amhrán de chuid Gloria Gaynor, nuair a chuir sé ceist air an dtiocfadh sé slán ón gconspóid uile a bhfuil sé sáite inti le tamall.
Dúirt Harri freisin san agallamh nach “liúdramán amach is amach” a bhí sa Phríomh-Aire.
Ceapadh Harri ina cheannasaí preasa an tseachtain seo caite tar éis do Johnson fáil réidh le roinnt dá chomhairleoirí mar thoradh ar an gconspóid a bhain le cóisirí a reáchtáladh i Sráid Downing le linn na dianghlasála.
Mac é Guto Harri le Harri Pritchard Jones, cainteoir Breatnaise aitheanta a d’fhoghlaim an Ghaeilge agus a raibh aithne mhór ag pobal na teanga agus na Gaeltachta air.
Údar agus gníomhaí teanga Breatnaise, ab ea Harri Pritchard Jones a rinne céim leighis i gColáiste na Tríonóide agus a chaith tréimhse in Árainn mar dhochtúir ionaid.
Is ann a d’fhoghlaim sé go leor dá chuid Gaeilge agus is ann a thosaigh sé ag scríobh a chéad leabhair, Troeon a foilsíodh i 1966.
Bhí cairde go leor aige i saol na Gaeilge, ina measc na craoltóirí Seán Mac Réamoinn agus Ciarán Mac Mathúna.
Bhí baint mhór ag Harri Pritchard Jones, a bhásaigh in 2015, le feachtais ar son na Breatnaise sna 1970idí a d’fhág lorg mór ar ghníomhaithe teanga na hÉireann. Thug sé tríocha lá sa phríosún nuair a dhiúltaigh sé a cheadúnas teilifíse a dhíol mar chuid d’agóid ar son stáisiúin teilifíse Breatnaise.
Chaith a mhac, Guto Harri, tréimhse fhada ag obair mar iriseoir leis an BBC agus bhí sé ina chomhairleoir ag Boris Johnson nuair a bhí sé ina mhéara ar Londain.
Cainteoir líofa Breatnaise é Harri a mbíodh clár teilifíse ar S4C aige sular ceapadh é mar cheannasaí preasa nua Johnson.