‘An Cailín Ciúin’ go glórach glórmhar ag IFTA
Thug an scannán Gaeilge An Cailín Ciúin an chraobh leis sa gcatagóir ‘An Scannán Is Fearr’ ag na Gradaim IFTA ag an deireadh seachtaine – an chéad uair a bhuaigh scannán Gaeilge an duais mhór i stair na ngradam.
Ba é an t-aisteoir Meiriceánach Chris Pine – a bhí i ról Captain Kirk sna scannáin Star Trek – a bhronn an gradam ar léiritheoir an scannáin Cleona Ní Chrualaoi ag an searmanas a craoladh ar Virgin Media One oíche Dé Sathairn.
Ocht ngradam ar fad a bronnadh ar An Cailín Ciúin: an gradam don Stiúrthóir is Fearr ar Cholm Bairéad; gradam don Aisteoir Mná is Fearr ar Catherine Clinch; an gradam don Chineamatagrafaíocht is Fearr ar Kate McCullough; an gradam don Eagarthóireacht is Fearr ar John Murphy; an gradam don Dearadh Léirithe ar Emma Lowney; an gradam don Cheol is Fearr ar Stephen Rennicks; agus gradam an ‘Rising Star’ ar Cholm Bairéad.
Ainmníodh an scannán Gaeilge do dheich ngradam ag na Gradaim IFTA. Ainmníodh Foscadh agus Doineann do dhá ghradam freisin. Ainmníodh Dónall Ó Héalaí don Aisteoir is Fearr agus ainmníodh Cillian Ó Gairbhí don Aisteoir Tánaisteach is Fearr do Foscadh. Ainmníodh Peter Coonan dá ról sa phríomhpháirt in Doineann.