Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘b’eigean-seacht-mi-de-sciotail-ghaire-a-chur-dinn’

‘B’éigean seacht mí de sciotaíl gháire a chur dínn’

| aifric ni scolai | ,

Más iomaí siúlach scéalach, bíonn a fhios agaibh gurb é an toradh atá agamsa ar dheireadh seachtaine in Paris ná sála mo bhróg ag titim as a chéile agus neart scéalta inste agus cloiste agam.

Chuaigh mé féin agus ceathrar cara liom go Paris ar feadh deireadh seachtaine le castáil ar a chéile – tá an chuid is mó againn ag staidéar thar lear agus an-scoite amach óna chéile, agus shocraigh muid theacht le chéile san áit ba lárnaí. Níl a fhios agam an mó caint nó siúl a rinne muid. Bhí beirt acu nach raibh feicthe agam le os cionn bliana, agus ní fhaca mé an bheirt eile ó mhí Lúnasa sular fhág mé le dhul ar Erasmus. 

B’éigean dúinn seacht mhí de sciolladh agus sciotaíl gháire a chur dínn in achar an-ghairid, ach by daid níor chuir muid ár gcuid ama amú. 

Níl aon duine againn inár gcónaí gar do Paris, ná baol air, agus muid uilig tugtha faoin am a shroich muid an chathair oíche Déardaoin. Deich n-uaireanta a chloig a thóg an bus abhaile orm maidin Dé Domhnaigh – agus uair an chloig lena chois sin, mar nár thuig mé cé chomh fada uaim agus a bhí stop an bhus. Thóg sé fiche nóiméad eile orm theacht ar an stop agus shiúil mé an sráidbhaile á lorg. 

Níorbh é seo an chéad uair a ndeachaigh muid amú sa tréimhse ghairid sin. Shilfeá nár bhreathnaigh muid ar oiread agus mapa amháin agus muid ag leagan amach pleananna an deireadh seachtaine. Cibé áit a ndeachaigh muid, bhí an chéad rud eile a theastaigh uainn a fheiceáil leathuair an chloig uainn, agus má bhí rud éigin eile ar an liosta is ar an taobh eile dínn arís a bhí sé, agus é fós ceathracha nóiméad uainn. Faoin am ar fhág mé maidin Dé Domhnaigh bhí aithne mhaith curtha agam ar mheaisín na dticéad an Mhetro. 

Ach mura raibh mise théis breathnú ar mhapa b’fhearr fós mé ná iad siúd again a bhí dár dtreorú agus mapa faoin smig acu. Tharla sé níos mó ná uair amháin go raibh Google Maps oscailte agus treoir á tabhairt aige, agus muid ag siúl, droim iontaithe againne le ceann scríbe. Thrasnaigh muid bóithre agus d’iompaigh muid coirneáil, beag beann ar shaighid an mhapa a bhí muid ag iarraidh muid a chur ar an mbealach ceart.  

Go gairid sular fhág mé chuir mé ceist ar chara liom anseo in Toulouse, arbh as Paris dó, céard a mholfadh sé dom a dhéanamh ina chathair dhúchais. Is é an chéad rud a dúirt sé liom, agus cuma an-dáiríre ar a aghaidh aige, ná fanacht glan ar cheantar Gare du Nord. B’oth liom a rá leis gur i mbrú óige buailte leis an stáisiún sin a bhí muid ag fanacht. 

Dhiúltaigh sé aon chomhairle eile a chur orm ina dhiaidh sin, os rud é go raibh an chéad riail briste cheana féin agam. Ní raibh dul amú ar bith ar mo dhuine agus thuig mé dhó nuair a shroich mé an áit an chéad oíche. Isteach liom sa mbrú óige, cúigear póilíní seasta sa foyer romham agus cuma an chantail orthu. Ní liomsa a bhí siad ag fanacht ar aon nós agus d’éalaigh mé amach, go ciúin, mo chás ag gíoscán agus mé á tharraingt i mo dhiaidh. Suas liom cúig urlár go dtí an seomra, áit a raibh na cailíní ag fanacht go mífhoighdeach le tús a chur leis an deireadh seachtaine. 

Níos mó