Ceathrar ‘Banlaochra’ roghnaithe ag Oireachtas na Gaeilge
Is iad Aoife Nic Mhánais, Caitlín Ní Chualáin, Nada Ní Chuirrín, agus Róisín Ní Chéileachair na mná atá roghnaithe ag Oireachtas na Gaeilge mar ‘Bhanlaochra’ Gaelacha mar chuid den cheiliúradh a rinneadh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan.
D’iarr lucht an Oireachtais ar phobal na Gaeilge níos túisce an mhí seo moltaí a thabhairt faoi na mná Gaelacha ba cheart a áireamh ina Banlaochra, agus cuirfidh buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais, Póilín Ní Chiaráin, agallamh ar an gceathrar a roghnaíodh as na moltaí sin.
Is múinteoir bunscoile í Aoife Nic Mhánais as Cill Dhéagláin i gContae na Mí a tharraing aird an tsaoil mhóir uirthi féin anuraidh agus an Taliban ag glacadh ceannais ar an Afganastáin an athuair. Bhí Aoife sa tír sin agus saighdiúirí Mheiriceá ag tarraingt amach as agus thug sí tuairiscí cróga calma ar a raibh ag titim amach in Kābəl (Cabúl).
Is í Caitlin Ní Chualáin, as Indreabhán i gCois Fharraige, Eagarthóir Stiúrtha Clár RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is amhránaí aitheanta ar an sean-nós í freisin a bhfuil Corn Uí Riada buaite aici. Ceapadh ina hamhránaí cónaithe in Ionad Léann na hÉireann in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2019. Tá roinnt leabhar do dhaoine óga aistrithe go Gaeilge aici freisin, leabhar de chuid Enid Blyton ina measc.
Is ceoltóir agus damhsóir ar an sean-nós as Gaeltacht na Gaillimhe í Nada Ní Chuirrín atá i mbun dochtúireachta i láthair na huaire. Is iomaí comórtas damhsa agus ceoil atá buaite ag Nada, Steip an Oireachtais ina measc.
Is aisteoir agus craoltóir í Róisín Ní Chéileachair as Corca Dhuibhne i gContae Chiarraí. Ceapadh ina Clár-Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall tamall de mhíonna ó shin. Tháinig sí chun cinn den chéad uair in 2016 mar gheall ar a ról sa chlár EIPIC a craoladh ar TG4 an bhliain sin. Is amhránaí cumasach freisin í a ghlacann páirt i gcomórtais an Oireachtais agus comórtais eile.
Cuirfidh an t-iriseoir aitheanta Póilín Ní Chiaráin na mná faoi agallamh in Óstán an Gresham ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath ag 19.00 Déardaoin an 31 Márta. Craolfar an ócáid beo ar shuíomh an Oireachtais freisin.