Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘cluasa-capaill-ar-an-ri’-an-leabhar-is-fearr-diol-in-eirinn

‘Cluasa Capaill ar an Rí’ an leabhar is fearr díol in Éirinn

| Maitiu O Coimin | ,

Bhain an leabhar Cluasa Capaill ar an Rí, athinseacht ar an scéal aitheanta béaloidis faoi Labhraidh Loinsigh, ar bharr an liosta is fearr díol The Irish Times/Nielsen le deireanas. Bhí an leabhar a scríobh Bridget Bhreathnach as Ros Muc agus a d’fhoilsigh Futa Fata sa Spidéal ar bharr an mórliosta leabhar sa rannóg ‘Ficsean do Pháistí agus d’Ógánaigh’ don tseachtain dár chríoch 19 Márta 2022. Foilsíodh an liosta ar The Irish Times ag an deireadh seachtaine. 

Dúirt Bridget le NÓS gur léiriú é seo go mbíonn éileamh ar leabhair i nGaeilge nuair a bhíonn siad le feiceáil i go leor siopaí ar fud na tíre. Ag tagairt don stádas speisialta a fuair Cluasa Capaill ar an Rí níos túisce an mhí seo ar Lá Domhanda na Leabhar. Bhí an leabhar mar chuid den fheachtas in Éirinn agus í curtha chun cinn go mór i siopaí leabhar ar fud na hÉireann. 

“Bhí eagrán speisialta ann do Lá Domhanda na Leabhar, agus bhí sí le feiceáil in i bhfad níos mó siopaí ná mar a bheadh leabhar Gaeilge mar í go hiondúil. Is léiriú é seo go mbíonn tóir ar leabhair Ghaeilge ach iad a bheith ar fáil do na léitheoirí. Níor cheap mé go bhfeiceann leabhar Gaeilge ar bharr liosta Nielsen, gan chaint ar leabhar a scríobh mé féin! Le cúnamh Dé tabharfaidh sé aitheantas don leabhar agus feicfidh níos mó daoine fós é, is deis eile é seo an leabhar a chur os comhair an tsaoil,” a dúirt sí. 

Bhí Bridget ar camchuairt timpeall na tíre i rith Sheachtain na Gaeilge mar chuid d’fheachtas bolscaireachta do leabhair i nGaeilge. Labhair sí le páistí, tuismitheoirí, agus múinteoirí ar fud na hÉireann faoin leabhar agus dúirt sí gur údar iontais di na “rudaí difreáilte” a thóg daoine éagsúla amach as an leabhar. 

“Luaigh siad rudaí liom nach raibh mé ag cuimhneamh orthu agus an leabhar á scríobh agam, agus bhí an dream óg ag baint an-bhrí aisti. B’in ceann de na rudaí a bhí muid ag iarraidh a dhéanamh leis an leabhar – an béaloideas a thabhairt slán ach casadh nua a bhaint as an scéal. Bhí go leor ábhar plé ag cuid de na gasúir is sine sa leabhar – labhair siad faoi mhisneach a bheith agat asat féin agus an chaoi a n-airíonn daoine go gcaithfidh siad iad féin a athrú má bhíonn rud éigin difreáilte fúthu. 

“Labhair siad faoin gcos ar bolg agus an chumhacht atá ag an rí sa scéal, agus an chaoi a raibh sé in ann a thoil féin a chur sa mullach ar dhaoine. Cheangail siad é sin leis an méid atá ag tarlú sa Rúis, agus faoi na srianta ba cheart a bheith ar an gcumhacht. Bhí sé suimiúil an t-ábhar a tharraing siad as an scéal a fheiceáil,” a dúirt Bridget. 

Thaitin an taighde a bhí ar Bridget a dhéanamh agus an leabhar á scríobh aici go mór léi, agus dúirt sí gur fhoghlaim sí féin cúpla rud nua faoin mbéaloideas, ábhar ar chuir sí spéis mhór ann agus í ag fás aníos i Ros Muc 

“Léadh mé an t-uafás scéalta béaloidis agus scéalta a bhain le miotaseolaíocht na Gréige, na Róimhe, agus na Rúise, agus na scéalta sin ar fad agus mé féin i mo chailín óg. Tá an oiread saibhris i scéalta na hÉireann agus ba bhreá liom go mbeadh tuilleadh acu sin á n-inseacht sa mbealach seo. Chuir mé an-suim sa taighde ag iarraidh teacht ar chroí an scéil, filleadh ar bhunús an scéil agus é sin a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile,” a dúirt sí. Is é Cluasa Capaill ar an Rí an dara leabhar ón bhfoilsitheoir Futa Fata ina dtugtar inseacht nua ar scéal béaloidis do léitheoirí óga. Bhí an-rath go deo ar An Féileacán agus an Rí, athinseacht sa stíl chéanna ar Thochmharc Éadaoine, scéal Fiannaíochta

Níos mó