Tá sé fógartha ag úinéirí nua Óstán na Ceathrún Rua i gConamara go bhfuil an t-óstán le réiteach chun lóistín a chur ar fáil do theifigh ón Úcráin atá ag éalú ón gcogadh sa tír sin.
Bhí Óstán na Ceathrún Rua i nGaeltacht Chonamara ar an margadh le tamall anuas ach deimhníodh do RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh sé le ceannach i bprionsabal ag an gcomhlacht Next Week & Co Ltd.
Cuireann dhá óstán eile atá faoi stiúir an chomhlachta sin lóistín ar fáil do theifigh agus daoine atá i soláthar díreach. Deirtear áfach nach bhfuil sé i gceist go n-úsáidfí Óstán na Ceathrún Rua mar ionad do theifigh amach anseo.
Is le Next Week & Co Ltd óstán an Abbeyfield i mBealach an Doirín i Ros Comáin a chuireann lóistín ar fáil do theifigh ón tSiria faoi chlár de chuid an Rialtais. Is leo freisin óstán an Riverside i Maigh Chromtha i gCorcaigh, a úsáidtear mar Ionad Soláthair Dhírigh. Fuair an comhlacht €6.39 milliún ón stát in 2020 chun an lóistín sin a chur ar fáil.
Tá 26 seomra codlata ar fad in Óstán na Ceathrún Rua, a cuireadh ar an margadh in 2020 ar €750,000.
D’fhógair úinéirí óstáin eile i nGaeltacht Chonamara an tseachtain seo go raibh siad chun lóistín a chur ar fáil do mhuintir na hÚcráine atá ag éalú ón gcogadh.
Dúirt úinéirí Óstán Chuan Charna go mbeidh an t-óstán dúnta don phobal ar feadh trí mhí agus iad chun an 25 seomra san óstán sin a chur ar fáil do dhaoine atá tar éis teitheadh as an Úcráin.
Agus í ag labhairt le Tuairisc maidir leis an gcinneadh, dúirt Mary Rogers go raibh siad ag iarraidh a gcuid a dhéanamh chun tacú leosan atá ag éalú ón gcogadh.
“Tá 25 seomra codlata againn anseo agus tá muid chun an t-óstán uile a chur ar fáil chun suaimhneas a thabhairt dóibh. Tá súil agam go mbeidh sé go maith don cheantar agus go gcuirfear fáilte rompu.”
Tá an chéad dream le teacht go hIorras Aithneach in iarthar Chonamara an tseachtain seo agus táthar ag súil le 50 duine ar fad, idir mhná agus pháistí.
Breis is 3.5 milliún duine atá teite as an Úcráin chuig tíortha eile ó thosaigh ionradh na Rúise ar an tír ar an 24 Feabhra. Tá breis is 10,000 acusan tagtha go hÉirinn ó shin agus meastar go mbeidh breis is 40,000 teifeach ón Úcráin anseo roimh dheireadh mhí Aibreáin.
Dúirt an tAire Talmhaíochta Charlie McConalogue go bhféadfadh Éire glacadh le suas le 200,000 teifeach ar fad.