Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
tuairisc-on-ruis-–-‘ta-formhor-na-ndaoine-i-mo-thimpeall-scanraithe-agus-trina-cheile-cosuil-liom-fein’

Tuairisc ón Rúis – ‘Tá formhór na ndaoine i mo thimpeall scanraithe agus trína chéile cosúil liom féin’

Eagla agus éidreoir. Sin a mhothaím féin gach lá ón 24 Feabhra. Ní féidir liom a chreidiúint go bhfuil na himeachtaí tragóideacha seo ag tarlú anois i ndáiríre. Tromluí gan deireadh: ba mhaith liom múscailt uaidh gach lá agus gach nóiméad ach ní féidir liom. Tá sé amhail is gur ag síorthitim atá mé, gan bun nó fód éigint a shroichint. 

Tá dlí i bhfeidhm sa Rúis ón 5 Márta go ngearrfar téarma príosúin 5-15 bliain as “fakes a scaipeadh” mar gheall ar an “ghníomhaíocht speisialta mhíleata” seo (ní féidir linn focail eile a úsáid). Is é atá i gceist le fakes gach sórt eolais nach raibh sna meáin oifigiúla Rúiseacha. Má scríobhann éinne sna meáin shóisialta nó áit éigin eile rud ar bith in aghaidh na “gníomhaíochta speisialta”, tá gach dealramh air go gcaithfidh sé roinnt blianta sa phríosún. Rannpháirtíocht i ngníomh nó agóid sráide éigin ar son na síochána – fíneáil nó 5-20 lá sa phríosún. 

Tá sé uafásach bheith sáinnithe idir tigh an diabhail agus tigh an deamhain. Nuair a scríobh duine éigin teachtaireacht ar Facebook (dúnta anois) ‘Táim ar son na síochána’, fuair sé dhá shórt freagra go deimhin. 

As an Rúis – ‘Tá tú i gcoinne do stáit féin, is fealltóir tú!’. 

As an Úcráin – ‘Is cladhaire tú, is tusa a chaitheann na buamaí orainn, cén fáth nach éiríonn tú as sin?’

Tá formhór na ndaoine i mo thimpeall scanraithe agus trína chéile cosúil liom féin. Ach de réir an tsuirbhé oifigiúil, tá breis is leath de mhuintir na Rúise ar son “gníomhaíochta” sin a dtíre. Ceapann siad gur cheart é a dhéanamh chun na poblachtaí féin-

fhógartha i gceantair Donetsk agus Luhansk a chosaint. Dúradh liom go mb’fhéidir go gcabhródh na smachtbhannaí leis na daoine sin “gach rud a thuiscint i gceart”. Ach is cuma an bhfuil tú “ar son” nó “i gcoinne” na “gníomhaíochta”, tá na smachtbhannaí céanna ar gach duine againn. Agus, ar an taobh eile, ní féidir linn cumhacht na bolscaireachta a shéanadh. De réir an tsuirbhé chéanna, tá i bhfad (beagnach a dhá oiread) níos mó daoine ar son na “gníomhaíochta” ina measc siúd a fhéachann ar an teilifís gach lá, ná i measc an dreama nach bhféachann uirthi ar chor ar bith nach bhféachann uirthi ach corruair. 

Luíonn na smachtbhannaí ar gach Rúiseach, is cuma cén dearcadh polaitiúil atá acu. Tá gach éinne thíos leo, mar gheall ar an gcaighdeán maireachtála agus cúrsaí airgeadais – ó ghnáthdhaoine go lucht rachmais, ó lucht leanúna an Uachtaráin go “lucht na síochána”. 

Agus tá gach dealramh air nach bhfuil sé ach ina thús. 

Tá comhlachtaí móra idirnáisiúnta ag imeacht ón Rúis agus na mílte daoine fágtha gan phost. Ní féidir le lucht gnó sa Rúis a gcuid earraí a dhíol thar lear agus airgead a fháil thar tír isteach. Ní féidir linn teitheadh fiú – cuireadh deireadh le formhór na n-eitiltí idirnáisiúnta. 

I súile an domhain, tá gach Rúiseach ciontach as an méid atá ag tarlú san Úcráin. Má tá milleán éigin ormsa, seo é: ba mhaith liom bheith beo agus gan a bheith faoi choinneáil. Tuigim go bhfuil cuma na claidhreachta ar na focail sin. 

Ach má cheapann tú gur leor sin chun a bheith ciontach – tá súil agam go ndéanfá féin a mhalairt dá mbeifeá i mo bhrógasa. 

Ach, is dóigh liom, má tá doicheall éigin ort roimh ghnáthmhuintir na Rúise (nó na hÚcráine, nó pé náisiún eile ar domhan) gur ghlac tú páirt sa chogadh cheana agus gur chaill tú do chogadh cheana féin.

Caithfimid a bheith dóchasach, ach anois is deacair domsa agus do mo leithéid cúis dóchais éigin a aimsiú. Tá seanfhocal cáiliúil againn (agus tá súil agam nach bhfuil sé coiscthe fós): 

“Is fearr drochshíocháin ná dea-chogadh”. 

Míle uair níos fearr, i ndáiríre.

– Iriseoir gnó agus iriseoir taistil i Moscó é Vitaly Kovalchuk

Níos mó