Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
an-bhfuil-biseach-i-ndan-don-ruis-a-fhad-is-ata-stailin-ina-laoch-naisiunta?

An bhfuil biseach i ndán don Rúis a fhad is atá Stailín ina laoch náisiúnta?

| Eoin O Croinin | ,

Nuair a thit an tAontas Sóivéadach as a chéile ag tús na 1990idí, bhí tréimhse oscailteachta ann – nó glasnost mar a tugadh air sa Rúisis – inar caitheadh solas ar uafáis an Stailíneachais. Is iomaí leabhar a foilsíodh sa tréimhse sin inar caitheadh súil fhéinchriticiúil ar stair na tíre agus inar nochtadh an scéin agus leatrom a d’fhulaing muintir na Rúise faoin ré chumannach. 

In 1989, bunaíodh an eagraíocht neamhrialtasach Memorial a raibh sé d’aidhm aici cuntas a choinneáil ar na coireanna in aghaidh na daonnachta a rinneadh san Aontas Sóivéadach, le linn ré Stailín go háirithe. 

Chuir Memorial brú ar an KGB, an phríomhghníomhaireacht slándála san Aontas Sóivéadach, eolas a scaoileadh maidir leis na reiligí rúnda inar cuireadh iad siúd a bhí ina ‘naimhde ag an stát’ – na daoine a cuireadh chun báis tar éis seóthrialacha inar ‘cruthaíodh’ go raibh ‘coir’ éigin déanta acu i gcoinne an chumannachais nó i gcoinne Stailín féin. D’impigh Memorial ar an rialtas breis aitheantais a thabhairt dóibh siúd ar fad a cuireadh chun báis go héagórach agus a d’fhulaing géarleanúint agus leatrom faoin gcóras Sóivéadach.

Ach ní mó má sásta a bhí tírghráthóirí coimeádacha áirithe leis an tréimhse glasnost seo – Vladimir Púitín agus a chomrádaithe ina measc. Dar leo go raibh an mháthairthír á cáineadh go róghéar agus go raibh féinmheas na Rúiseach á chreimeadh dá bharr.

Agus bhí cuid den fhírinne áirithe ansin – nuair a thit an tAontas Sóivéadach as a chéile, bhraith an pobal na Rúise go raibh cuid dá n-oidhreacht caillte acu agus gur fágadh ina ndílleachtaí iad. B’údar míshuaimhnis é dóibh nuair a thosaigh intleachtóirí ag tarraingt airde ar eachtraí uafáis na staire, eachtraí arbh fhearr le formhór an phobail dearmad a dhéanamh orthu. 

Ní mór cuimhneamh gur iomaí Rúiseach a raibh sinsir dá gcuid comhpháirteach i réimeas Stailín ar bhealach amháin nó ar bhealach eile – b’fhéidir gur oibrigh siad mar phóilíní rúnda nó gur sceith siad ar chomharsana nár thaitin leo, comharsana a daoradh chun báis nó chuig an nGulag dá bharr.

Cé gur tháinig laghdú ar ghnaoi an phobail ar Stailín ar feadh tamaill i dtús na nóchaidí de réir mar a bhí aird á tarraingt ar bhrúidiúlacht a réimis, is gearr gur thosaigh meon an phobail ag feabhsú arís ina leith: léiríonn suirbhéanna le scór blianta anuas gur fearr leis an bpobal ceannairí tíoránacha dá leithéid ó stair na Rúise ná ceannairí a thug leasuithe isteach. De réir na suirbhéanna, is mó gnaoi atá ag an bpobal ar Stailín agus Leinín, cuir i gcás, ná mar atá acu ar Krushchev, duine a tháinig i gcomharbacht ar Stailín agus a dhamnaigh é, nó ar Gorbachev, duine a thug leasuithe daonlathacha isteach. 

Cad is cúis leis an athrú meoin sin i leith Stailín? Cén fáth gur ar na ceannairí forlámhacha atá gnaoi an phobail? Toisc gur thuill na ceannairí sin meas don Rúis agus gur chuir siad eagla ar an domhan roimpi, de réir dealraimh. Ba chuma go ndearna siad sin trí mheán na scéine agus an tslada.  

Agus is é fírinne an scéil go gcaithfidh go bhfuil mian éigin de chuid na Rúiseach á sásamh ag Púitín freisin. Nuair a tháinig sé chun cinn, bhí ceannaire ‘crua’ ag teastáil ón bpobal a sheasfadh an fód i gcoinne an Iarthair agus a chuirfeadh an tír ar a boinn arís tar éis bhlianta anróiteacha aindlíthiúla na 1990idí nuair a tháinig méadú mór ar an mbochtaineacht agus ar an éagothroime shóisialta. Bhí creachadh déanta ag na holagarcaigh ar an tír agus bhí an seanchóras leasa shóisialta tite as a chéile. Gheall Púitín go ndéanfadh sé beart ar son an ghnáth-Rúisigh a bhí thíos leis sin ar fad.

Thairis sin, ós rud é go raibh náisiún na Rúise agus impireacht na Rúise fite fuaite lena chéile i gcónaí, ba bhuille tubaisteach é d’fhéiniúlacht agus d’uabhar na Rúiseach nuair a tugadh ísliú céime dá máthairthír le turnamh an Aontais Shóivéadaigh, rud a d’fhág iad gan impireacht, gan mhisean stairiúil ina súile siúd. Cuid den chúis ar éirigh le Púitín dul i gcion ar an bpobal, mar sin, ná go raibh sé meáite ar stádas na Rúise a athbheochan agus dúshlán a thabhairt do Mheiriceá agus don Iarthar.  

Ní dheachthas i ngleic mar is ceart le trámaí na staire sa Rúis nuair a thit an cumannachas faoi mar a rinneadh sa Ghearmáin nuair a thit an faisisteachas agus níl ról nua cruthaithe ag an Rúis di féin sa saol comhaimseartha faoi mar atá déanta ag an nGearmáin. 

An bhfuil biseach i ndán don Rúis a fhad agus atá Stailín ina laoch náisiúnta agus an tuairim ann go forleathan gur rud tubaisteach náireach a bhí i dturnamh na himpireachta Sóivéadaí toisc gur fhág sé an Rúis lag leochaileach? Ní dóigh liom. 

Níos mó