Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
eigse-na-bruiseile:-feile-urnua-ag-gaeil-na-mor-roinne

Éigse na Bruiséile: féile úrnua ag Gaeil na mór-roinne

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Beidh Gaeil na Beilge ag cruinniú le chéile i gceann coicíse don chéad eagrán den fhéile nua Éigse na Bruiséile.

Féile deireadh seachtaine atá ann a bheidh ar siúl an 13-15 Bealtaine i gcathair ina bhfuil thart ar 200 duine ag obair trí mheán na Gaeilge agus ina bhfuil borradh faoi phobal na teanga le tamall de bhlianta.

Cuirfear tús le cúrsaí in Ambasáid na hÉireann Dé hAoine 13 Bealtaine, áit a dtabharfaidh an t-iar-ollamh le Gaeilge in Ollscoil na hGaillimhe, Mícheál Mac Craith, léacht ar Choláiste Naomh Antaine i Lobháin agus a bhfearfaidh Ambasadóir na hÉireann, Kevin Conmy, fáilte roimh mhuintir na hÉigse.

Dé Sathairn tá cuairt beartaithe ar na lámhscríbhinní Gaeilge atá á gcoinneáil i Leabharlann Náisiúnta na Beilge, sin agus ócáid ar chath Fontenoy leis an úrscéalaí Liam Mac Cóil, an chéad léiriú de dhráma nua-scríofa le Rua Breathnach agus ceolchoirm ina mbeidh amhráin á gcanadh sa Ghaeilge, sa Phléimeanais agus sa Vallúinis, canúint áitiúil de na teangacha Rómánsacha atá á labhairt go fóill i ndeisceart na Beilge.

Dé Domhnaigh beidh duine de na daoine is lárnaí san fheachtas ar son stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach, Pádraig Ó Laighin, ag seoladh a leabhair nua ‘Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht’, rud an-tráthúil ó tharla go bhfuil an Ghaeilge ina teanga iomlán oifigiúil de chuid an Aontais anois ó bhí tús na bliana ann.

I measc na n-amhránaithe a bheidh ar ardán le linn na hÉigse beidh Doimnic Mac Giolla Bhríde, Claire Nic Ruairí, Raphaël De Cock agus Liam Ó Ceallaigh.

Is í an t-ealaíontóir aitheanta, Selkies, atá lonnaithe sa Bhruiséil, a rinne an dearadh tarraingteach do chlár na hÉigse.

“Le dornán blianta anuas tá fás mór i ndiaidh teacht ar phobal na Gaeilge anseo sa Bhruiséil,” arsa Tomaí Ó Conghaile, duine de lucht eagraithe na hÉigse agus an fear a bhunaigh an iris seo.

“Chuir srianta COVID isteach go mór ar an saol sóisialta sa Bheilg, mar a tharla gach áit ar domhan, ach tá doirse an tsaoil ar oscailt arís agus shíl muid gur mhithid féile a chur ar siúl chun deis a thabhairt do dhaoine teacht le chéile agus ceiliúradh a dhéanamh ar chultúr na teanga anseo san Eoraip.

“Is cathair an-ilteangach í an Bhruiséil agus ba mhaith linn cur leis sin ar bhealach spraíúil agus cuid de shaibhreas ár gcultúir féin a roinnt le muintir na Bruiséile ag an am céanna.”

Is ar bhonn deonach atá Éigse na bliana seo á cur le chéile ach deir Tomaí go bhfuil súil acu maoiniú a mhealladh le haghaidh imeachtaí na bliana seo chugainn.

€30 atá ar thicéad don deireadh seachtaine ar fad agus tá gach eolas le fáil ar eigse.be

Níos mó