Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
gradam-idirnaisiunta-raidio-buaite-ag-clar-bunaithe-ar-fhiliocht-louis-de-paor

Gradam idirnáisiúnta raidió buaite ag clár bunaithe ar fhilíocht Louis de Paor

Tá gradam idirnáisiúnta raidió buaite ag an bhfile aitheanta Louis de Paor as clár dátheangach a rinne sé do RTÉ bunaithe ar fhilíocht dá chuid.

Bhuaigh an clár Lá dá raibh/One Day gradam óir sa rannóg ‘Cultúr agus na hEalaíona’ ag na New York Festivals Radio Awards 2022, féile mór le rá ina mbíonn cláir ó áiteanna ar fud an domhain san iomaíocht gach bliain. Breis is 200 léiritheoir, stiúrthóir agus scríbhneoir a bhí i mbun moltóireachta ag gradaim na bliana seo.

Tá an clár bunaithe ar shaothar a rinne de Paor i bpáirt leis an gceoltóir agus an cumadóir Dana Lyn as Nua Eabhrac. Baintear úsáid as an bhfilíocht agus as an gceol chun scéalta ó bhaile beag ficseanúil in iarthar na hÉireann a insint. Is é de Paor a chum agus a léigh an dán agus ís í Lyn a chum an ceol.

Craoladh an clár ar RTÉ Lyric FM an mhí seo caite.

Agus é ag labhairt le Tuairisc faoin mbua, dúirt an Paorach gur dea-scéal a bhí ann dóibh siúd a bhíonn ag plé leis an nGaeilge go raibh píosa ealaíona sa teanga tar eis dul i bhfeidhm ar mholtóirí na féile.

“Ábhar misnigh dúinn ar fad atá ag plé leis an bhfilíocht agus leis an nGaeilge is ea duais idirnáisiúnta den tsaghas seo, comhartha go bhfuil pobal idirnáisiúnta ann a chuireann suim san obair atá idir lámha againn,” arsa de Paor. “Is iontach an rud é go bhféadfadh dán fé bhaile nach ann dó in iarthar na hÉireann dul i bhfeidhm ar dhaoine sa tslí sin.

Léiríodh Lá dá raibh/One Day ar dtús san Irish Arts Center i Nua-Eabhrac roinnt blianta ó shin agus d’oibrigh de Paor agus Lyn ansin chun é a chur in oiriúint do chlár raidió.

“Is i Nua-Eabhrac a chuireamar tús leis an obair agus le linn na paindéime a chríochnaíomar é, tráth a rabhamar beirt fé ghlas ar dhá thaobh an Atlanaigh, gan cead siúil againn ach ar bhóithre na samhlaíochta amháin!”

D’oibrigh de Paor agus Lyn  lena chéile ar thograí eile roimhe seo, ina measc ceoldráma bunaithe ar Thóraíocht Dhiarmuid agus Ghráinne.

D’éirigh go maith le RTÉ ag na New York Festivals Radio Awards i mbliana agus an gradam do ‘Craoltóir na Bliana’ buaite ag an gcraoltóir náisiúnta. Bhuaigh roinnt eile de chláir RTÉ gradaim óir freisin.

Ainmníodh 56 saothar ar fad ón tír seo do na gradaim agus bhí cláir ó Ocean FM, WLR FM agus Newstalk i measc na stáisiún a fuair ainmniúchán.

Níos mó