Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
scoil-gheimhridh-ghaoth-dobhair-ar-ais-aris-an-deireadh-seachtaine-seo

Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ar ais arís an deireadh seachtaine seo

| sean o dubhchon | ,

Bhí Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair faoi bhrat suaimhnis le dhá bhliain anuas, agus srianta paindéime ag cur stop le cultúr saibhir an cheoil in iarthuaisceart Dhún na nGall –  cultúr saibhir a mhaireann sna cnoic agus sna carraigeacha, agus a ritheann trí na haibhneacha, na lochanna agus sna sruthanna. 

Tá idir thraidisiún agus fuaimeanna comhaimseartha le cloisteáil i gcuid saothar cheoltóirí Ghaoth Dobhair, agus éachtaí bainte amach acu sa tír seo agus i bhfad i gcéin. Smaoinigh ar an méid atá bainte amach ag Altan lena gcuid albam cheannródaíoch agus ar fhuaim uathúil cumaisc Clannad, a mheascann foinsí traidisiúnta, sean-nóis agus Ceilteacha le popcheol. Smaoinigh freisin ar amhránaíocht Emma Ní Fhíoruisce agus ar an iliomad amhránaithe sean nóis ón gceantar, Doiminic Mac Giolla Bhríde agus Máire Ní Choilm ina measc. 

Ní raibh an ceol sin le cloisteáil go hard le tamaill mhaith, ach ní fada go mbeimid ar fad ábalta blaiseadh a fháil de dhraíocht cheol Ghaoth Dobhair!

Tá clú agus cáil mhór ar Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair agus tiocfaidh na sluaite chuig an cheantar i rith dheireadh seachtaine fada na Cásca. Féile chúig lá a bheidh ann i mbliana agus cuirfear blaiseadh ar fáil den éagsúlacht atá againn i gceol traidisiúnta na tíre seo. Beidh ceoltóirí agus amhránaithe aitheanta chomh maith leis an chéad ghlúin eile le cloisteáil i rith na féile. Beidh trí láthair ar fad i gceist leis na himeachtaí ar fad: Amharclann Ghaoth Dobhair sna Doirí Beaga, An Gailearaí i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus an teach tábhairne Teach Hiúdaí Beag ar an mBun Bhig. 

Déardaoin, 14 Aibreán

SíFiddlers

Cuirfear tús lá Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair le hoscailt oifigiúil, taispeántas agus seoladh dlúthdhiosca sa Ghailearaí i bPáirc Ghnó Ghaoth Dhobhair ag 19.00 Déardaoin an 14 Aibreán. 

Tabharfaidh siad siúd atá ag freastal aghaidh ar Amharclann Ghaoth Dobhair, achar gearr ar shiúl, do cheolchoirm speisialta de chuid na SíFiddlers, grúpa d’fhidléirí ban as Dún na nGall. Trí dhuine dhéag ar fad a bhíonn ag seinm leis na SíFiddlers agus tarlaíonn rud éigean an-speisialta agus iad ag cruthú ceoil i gcuideachta a chéile. Is iad Bríd Harper, Mairéad Ní Mhaonaigh, Liz Doherty, Tara Connaghan, Clare Friel, Aisling Byrne, Theresa Kavanagh, Melanie Houton, Róisín McGrory, Clodagh Warnock, Claire Gallagher, Denise Boyle agus Eimear McColgan baill na SíFiddlers agus tagann siad le chéile ó gach coirnéal den chontae. Eisíodh a gcéad ceirnín in 2019. 

Dé hAoine, 15 Aibreán

Marty Barry agus Cathal Ó Curráin

Leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh an tráthnóna dár gcionn le léacht speisialta dar teideal ‘Ceol atá ligthe i ndearmad’. Déanfar iniúchadh ar an gceol rince is mó a raibh clú air ag tús an fhichiú haois. Seo imeacht eile a bheidh ar siúl sa Ghailearaí i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair, agus tosóidh an léacht ag 14.30.   

Beidh scoth an cheoil le cloisteáil níos moille san oíche ó ghlúin nua ceoltóirí, atá ag dul ó neart go neart agus a bhfuil ag éirí go hiontach leo i saol an cheoil thraidisiúnta. Beidh dhá albam á seoladh le Cathal Ó Curráin agus Marty Barry i gcaife Amharclann Ghaoth Dobhair ag 19.00, sula mbeidh an bheirt acu thuas ar an stáitse i gcuideachta Megan Nic Fhionnghaile, Nia Ní Bheirn agus An Crann Óg. Tá croí agus anam eisceachtúil le cloisteáil i gcuid saothar na gceoltóirí seo agus níl amhras ar bith ann ach go mbeidh ceolchoirm den scoth a dhéanamh acu. 

Dé Sathairn, 16 Aibreán

Tiarnán Ó Duinchinn

Beidh deis ag daoine freastal ar dhá cheolchoirm ar an Satharn, an dá cheann acu ar siúl in Amharclann Ghaoth Dobhair. 

Ag a trí a chlog beidh triúr ceoltóir tréitheacha ar an stáitse: an cruitire Laoise Kelly, an píobaire Tiarnán Ó Duinchinn agus an t-amhránaí Gabriel McArdle. Tá saothar taifeadta ag Laoise i gcuideachta leithéidí The Chieftains agus Kate Bush agus tá trí albam aonair dá cuid féin eisithe aici. Bronnadh an gradam ‘Ceoltóir na Bliana’ uirthi ag Gradam Ceoil TG4 2020. Tá ceithre Fhleadh Ceoil na hÉireann agus dhá chraobh Oireachtais bainte ag Tiarnán dá phíobaireacht. Tá clú agus cáil ar Gabriel McArdle dá chuid amhránaíochta, bua a bhí faoi chaibidil sa tsraith Seo Mo Laoch ar TG4. 

I ndiaidh dóibh a bheith báite sa traidisiún ag an chéad cheolchoirm, beidh deis ag lucht freastal na Scoile Geimhridh ceolchoirm eile a fheiceáil a mbeidh meascán den traidisiún agus ceol comhaimseartha ann. Is iad Skipper’s Alley a bheidh ar stáitse na hamharclainne ó 20.30 ar aghaidh. Tá aitheantas mór bainte amach ag Skipper’s Alley agus a stíl uathúil chomhaimseartha. Bíonn fuinneamh agus neart cumhachtach le cloisteáil i gcuid ceoil an bhanna, seinnte ag John Francis Flynn, Ultan O’Brien, Eoghan Ó Ceannabháin, Caoimhín Ó Fearghaill, Patrick ‘Paahto’ Cummins agus Fionnán Mac Gabhann. Beidh an lucht féachana faoi gheasa ag na píoba uilleann, feadóga, an fhidil, an bodhrán, an bouzouki, fliúit, an chláirseach agus scoth na hamhránaíochta. 

Dé Domhnaigh, 17 Aibreán

Daoirí Farrell

Leanfaidh an ceol ar aghaidh in Amharclann Ghaoth Dobhair ó 15.50 ar an Domhnach, nuair a bheidh an t-amhránaí traidisiúnta Daoirí Farrell ag déanamh ceolchoirme. Tá dhá cheann de chuid Ghradaim Cheol Tíre BBC Raidió 2 bainte ag Daoirí dá shaothar agus tá dhá albam eisithe aige go dtí seo: The First Turn agus True Born Irishman. Beidh na ceoltóirí tréitheach Steph Geremia agus Mánus Lunny ag tacú le Daoirí ar an lá. Tá meascán den amhránaíocht Cheilteach agus an stíl Mheiriceánach le cloisteáil i gcuid amhránaíochta Steph Geremia, agus is fliúiteadóir í leis an ngrúpa, Alan Kelly Gang. Tá clú agus cáil dhomhanda bainte amach ag Mhánus Lunny mar dhuine de mhórcheoltóirí traidisiúnta na tíre seo. 

Níos déanaí sa tráthnóna, beidh ceolchoirm a dhéanamh ag Altan, ceann de na grúpaí is iomráití sa tír agus aitheantas domhanda bainte amach acu dá gcuid saothar. Rinne Clannad a gcéad ceolchoirm i mí an Mheithimh 1985 i Lios Tuathail agus d’eisigh siad a gcéad albam dhá bhliain ina dhiaidh sin. Tá an domhan siúlta acu lena gcuid ceoil agus dlúthbhaint acu le Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair. Déanfaidh Altan an cheolchoirm seo ina dhiaidh dóibh dátaí san Eoraip a dhéanamh agus tabharfaidh siad aghaidh ar Mheiriceá san fhómhar agus iad ar chamchuairt mhór. 

Dé Luain, 18 Aibreán

Iarla Ó Lionáird agus Steve Cooney

Tá ceol traidisiúnta agus amhránaíocht ar an sean nós i ndúshraith agus i mballaí Teach Hiúdaí Beag ar an Bhun Bhig i nGaoth Dobhair. Is iomaí seisiún ceoil agus seisiún amhránaíochta iontach a bhí ag daoine ann agus beidh an nós sin mar chuid de Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair i mbliana. Tosóidh seisiún amhránaíochta sa teach tábhairne ag 15.00 agus léireoidh sé cé chomh saibhir is atá amhránaíocht Thír Chonaill. 

Tiocfaidh Iarla Ó Lionáird, Dermot Byrne agus Steve Cooney le chéile don cheolchoirm dheireanach in Amharclann Ghaoth Dobhair ag 20.30 ar an Luan. Déanfar albam nua de chuid Byrne & Cooney a sheoladh mar chuid den ócáid. Donegal Melodeon atá mar theideal ar an mbailiúchán úr. Bronnadh Gradam TG4 (Cumadóir na Bliana 2021) agus Gradam Cheol Tíre RTÉ Radio 1 (Gradaim Saoil 2020) ar Steve Cooney dá shaothar ar an ngiotár. Tá stíl amhránaíochta ag Iarla Ó Lionáird atá thar a bheith uathúil, agus cáil dhomhanda bainte amach aige dá bharr. Tá bua speisialta ag Dermot Byrne ar an mbosca ceoil, bua a tugadh aitheantas do nuair a bhronnadh duais de chuid Gradaim TG4, Ceoltóir Traidisiúnta na Bliana air sa bhliain 2013. Beidh ceolchoirm ann nach ndéanfar dearmad uirthi go deo le críoch álainn a chur le Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair. 

Tá breis eolais faoi Scoil Gheimhridh Ghaoth Dhobhair agus ticéid do na himeachtaí ar fad ar fáil ag http://scoilgheimhridh.com/

Níos mó