Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
a-dhicheall-a-dheanamh-ag-an-bpapa-bualadh-le-putin,-sibhialtaigh-tugtha-slan-as-mariupol

A dhícheall á dhéanamh ag an bPápa bualadh le Putin, sibhialtaigh tugtha slán as Mariupol

Níl “mórán dóchais” ag an bPápa faoin gcogadh san Úcráin, a deir sé, toisc nach bhfuil an toil ar son na síochána sách láidir.

Dúirt an Pápa Proinsias gur thairg sé féin dul go dtí Moscó le bualadh leis an Uachtarán Putin chun an cogadh san Úcráin a phlé ach nach raibh aon fhreagra faighte aige go dtí seo.

Dúirt an Pápa leis an nuachtán Iodálach Corriere della Sera gur sheol sé an teachtaireacht sin go dtí an Chreimil 20 lá i ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin.

“Ní bhfuaireamar aon fhreagra fós ach táimid fós á iarraidh.

“Tá faitíos orm nach féidir leis an Uactarán Putin, agus nach mian leis, an cruinniú seo a bheith aige liom ag an tráth seo. Ach conas nach stopfá brúidiúlacht mar seo?”

Ba é moladh an Phápa go ngabhfadh sé go Moscó sula dtabharfadh sé cuairt ar phríomhchathair na hÚcráine, Cív.

“Ar dtús, caithfidh mé dul go Moscó, caithfidh mé bualadh le Putin ar dtús …déanfaidh mé mo dhícheall. Dá n-osclódh Putin doras…” a dúirt an Pápa Proinsias.

Dúirt an Pápa leis an nuachtán chomh maith nach bhféadfadh Patrarc Kirill Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise “a bheith ina chléireach ag Putin”. Tá a thacaíocht iomlán tugtha ag an bPatrarc don Uachtarán agus a ionradh ar na Úcráin.

Thagair an Pápa freisin do chruinniú a bhí aige le Príomhaire na hUngáire, Viktor Orban. Dúirt sé go ndúirt Orban leis go raibh “plean” ag na Rúisigh agus “go mbeadh sé uilig thart” ar an 9 Bealtaine.

Is é an 9 Bealtaine Lá an Bhua sa Rúis agus is lá tábhachtach é don tír agus í ag comóradh Gearmáin na Naitsithe a threascairt sa dara cogadh domhanda. Bíonn paráid mhór mhíleata ann de ghnáth.

Dúirt aire gnóthaí eachtracha na Rúise, Sergey Lavrov, nach ndéanfadh arm míleata na tíre “aon athrú bréagach” ar a chuid gníomhaíochtaí ar mhaithe le haon dáta, Lá an Bhua féin.

Agus é ag cur síos ar ghlao zúm a bhí aige le Patrarc Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise, dúirt an Pápa gur chaith an Patrarc Kirill an chéad 20 nóiméad de chomhrá fíorúil sin ag léamh amach na cúiseanna ar fad a thug an Rúis lena gcogadh san Úcráin.

“Is tréadaithe muid beirt ag freastal ar an bpobal Dé céanna. Sin an fáth go gcaithfimid slite na síochána a lorg, agus lámhach na n-arm a stopadh. Ní fhéadfaidh an Patrarc a bheith ina chléireach ag Putin.”

Shroich 100 bean is páiste a tugadh amach as  monarcha cruach Azovstal in Mariupol ag an deireadh seachtaine áit shábháilte san Úcráin inniu.

Bhain na sibhialtaigh a bhí teanntaithe sa daingean deireanach sa chathair faoi léigear Zaporzhzhia amach slán sábháilte, a dúirt Cumann na Croise Deirge.

BREAKING: The safe passage operation that left #Mariupol over the weekend has safely arrived in Zaporzhzhia.

Our teams, working with @UN personnel, escorted +100 people who were able to leave the city and surrounding areas. pic.twitter.com/fjChmhsOVb

— ICRC (@ICRC) May 3, 2022

Dúirt údaráis an chalafoirt sin go raibh 200 duine sáinnithe faoi thalamh ansin fós agus an áit á ionsaí arís ag an Rúis.

Dúirt saighdiúirí na hÚcráine go raibh eitleáin, tancanna agus diúracáin longa cogaidh á n-úsáid ag trúpaí na Rúise ansin chun an láthair a thuargaint.

Tá súil ag na Náisiúin Aontaithe agus ag Cumann na Croise Deirge go mbeidh siad ábalta cuidiú le tuilleadh sibhialtach.

Níos mó