![aoife-sa-chistin:-chorizo-croquettes](/wp-content/themes/yootheme/cache/f7/52357-aoife-sa-chistin-chorizo-croquettes-f736539e.jpeg)
Aoife sa Chistin: Chorizo croquettes
Na comhábhair:
125g plúr
100g im
500ml bainne
75g chorizo, gearrtha go mín
75g manghego, gearrtha go mín
1 tsp salann
1 tbsp paiprice
1 ubh
Grabhróga pancó
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2022/05/20220428_154518-1024x768.jpg)
Leáigh an t-im istigh i bpota. Ansin, caith isteach an plúr agus an paiprice agus
measc an t-iomlán le chéile faoi theas íseal go ceann 5 nóiméad. Doirt an bainne
isteach leis an meascán agus lean ort á chócaráil go ceann 30 nóiméad ar theas fíoríseal.
Cuir an chorizo agus an manghego leis an meascán agus cócaráil go ceann 10
nóiméad eile.
Fág an roux thar oíche i gcuisneoir.
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2022/05/20220428_153112-768x1024.jpg)
Dein liathróidí (toirt liathróidí gailf) as an meascán. Buail an ubh. Sáigh
na liathróidí roux isteach san ubh ar dtús agus ansan isteach sna grabhróga.
Cócaráil na croquettes i ndomhhainfhrioctóir go ceann 4 nóiméad go mbeidh dath
deas órga orthu. (Teas 180ºC)
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2022/05/20220502_1736222-1024x676.jpg)