Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘bhi-ganntanas-scealta-amthaistil-as-ghaeilge’

‘Bhí ganntanas scéalta amthaistil as Ghaeilge’

Tá leabhar nua Patricia Forde, Ó Am go hAm, atá foilsithe ag Futa Fata, lán le heachtraí iontacha agus le draíocht. Leabhar amthaistil atá i gceist, agus theastaigh uaithi é a scríobh mar nach bhfuil an oiread den seánra sin ar fáil i nGaeilge.

“Mar a tharla, bhí mé ag smaoineamh faoi sheánraí agus na cineálacha leabhar atá ar fáil anois do ghasúir, go mór mór i nGaeilge. Smaoinigh mé, mar go mbíonn an-tóir orthu sa mBéarla, gur cheart dom scéal amthaistil a scríobh,” a deir sí.

Maidir lena próiseas scríbhneoireachta, deir Patricia go bhfuil sí thar a bheith sciobtha ag scríobh.

“Tá mé sciobtha! Sin an rud is mó a déarfainn fúm féin,” ar sí. “Nuair a smaoiním ar rud éigin, caithfidh mé é a chur síos ar an bpointe, dáiríre. Dá bhféadfainn d’fhanfainn i mo shuí ar feadh na hoíche. Ní dhéanaim é sin níos mó, ach bhí tráth ann a ndéanfainn sin. Tá níos mó smacht agam anois orm féin!”

De ghnáth, nuair a thagann smaoineamh chuici, tosaíonn Patricia ag scríobh ina leabhar nótaí, mar go bhfuil sí in ann “an guth a chloisteáil níos éasca” mar sin. 

“Chomh luath agus atá an guth i m’aigne agam agus is féidir liom na carachtair a chloisteáil – fágfaidh mé uaim an leabhar nótaí agus tosóidh mé ar an ríomhaire,” ar sí. “Don chéad dréacht go mór mór, is maith liom é a dhéanamh chomh sciobtha agus is féidir liom – dul ó thús deireadh, gan cur isteach air, gan aon cheartúchán a dhéanamh. Nuair atá rud éigin agam, nuair atá dréacht agam, is féidir liom é sin a eagrú ansin.” 

Bíonn sí ag scríobh i mBéarla agus i nGaeilge, idir chláir teilifíse, leabhair do dhéagóirí agus phictiúrleabhair. “Ní dóigh liom gur fearr liom ceann amháin thar ceann eile,” ar sí. “Ach is rud draíochtúil é ar fad ar bhealach.”

Mar léiriú ar an draíocht, tá scéal aici faoin gcaoi ar tháinig sí ar an inspioráid dá leabhar Mise agus an Dragún. 

“Is cuimhneach liom, ceann de na rudaí a scríobh mé, blianta ó shin, ná Mise agus an Dragún le Futa Fata, pictiúrleabhar a bhí ann. Bhí mé i Meiriceá ag an am, agus bhíomar i siopa, agus tháinig athair isteach le leaidín óg – déarfainn go raibh sé timpeall trí nó ceithre bliana d’aois. Agus an leaidín beag ag dul amach an doras, chuala mé é ag rá, leis féin dáiríre, ‘When I grow up I’m gonna be a dragon hunter’. Agus scríobh mé i mo leabhar nótaí an lá sin é. 

“An chéad líne sa leabhar ná ‘Nuair a bheidh mise mór, rachaidh mé ag seilg drágúin!’ Ní dhéanann sé aon chiall gur scríobh mé i nGaeilge é mar is i mBéarla a chuala mé é, ach ceapaim anois ag breathnú siar air, gur thaitin an leagan Gaeilge níos fearr liom. Ceapaim uaireanta go mbraitheann sé ar na focail, agus an fhuaim atá acu. Bíonn a fhios agam ar an bpointe go hiondúil, an i nGaeilge nó i mBéarla a bheidh sé.”

Uaireanta ní bíonn oiread sin mistéire ag baint leis an gcúram, a deir sí. 

Binjí Madra ar Strae, scríobh mé é sin mar bím ar strae i gcónaí! B’in an áit as a dtáinig an inspioráid. Ní bhíonn tú ag iarraidh teacht ar scéalta i gcónaí ach tagann siad!”

Maidir leis an méid leabhar Gaeilge atá ar fáil do dhaoine óga faoi láthair, deir sí go bhfuil feabhas ag teacht ar chúrsaí, a bhuíochas cuid mhór le Futa Fata, ach go bhfuil “bearnaí” ann i gcónaí.

“Tá sé i bhfad níos fearr ná mar a bhí,” a deir sí. “Bíonn go leor pictiúrleabhar sna scoileanna. Ó thaobh úrscéalta tá sé níos deacra. Tá bearna iontach ann tar éis na bunscoile. Níl tada dáiríre, nó fíorbheagán, do dhéagóirí, agus ansin fíorbheagán do dhaoine fásta ina dhiaidh sin. 

“Ba bhreá liom leabhar iontach do dhéagóirí a fheiceáil i nGaeilge. Tá mé cinnte go bhfuil duine éigin amuigh ansin a d’fhéadfadh é a scríobh.“

Tá dhá úrscéal do dhéagóirí, The Wordsmith agus Mother Tongue, scríofa aici féin do dhéagóirí.

“Fuair mé deacair é, ach ag an am céanna, ba í an Ghaeilge a thug inspioráid dom,“ a deir sí. “Bhí mé ag smaoineamh ar an nGaeilge agus ar an gcaoi a bhfuil muid ag cailleadh focal an t-am ar fad. Is leabhair iad faoi fhocail agus teanga agus cumhacht teangan.“

Deir sí gur “maratón, seachas rúid” a bhí i gceist leis na húrscéalta.

Bhí sí ina stiúrthóir ar Fhéile Ealaíona na Gaillimhe tráth agus na healaíona níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh, dar léi.

“Ceapaim go bhfaca muid le Covid cé chomh tábhachtach is atá na healaíona i saol na ndaoine,” a deir sí. “Nuair a smaoiním faoi, ceapaim i gcónaí gur cineál staighre iad na healaíona a thugann as an saol seo thú, gur féidir leat éisteacht le píosa ceoil nó breathnú ar ealaíon nó leabhar a léamh agus bíonn tú i gcraiceann duine éigin eile agus bíonn tú i saol eile. Nuair a bhí an dianghlasáil ar siúl, sin a bhí uainn, ceapaim – bhí saol níos leithne uainn, agus bhí sé le fáil taobh istigh de na healaíona.”

Deir sí gurb é an chloch is mó ar a paidrín ná go mbeadh gasúir blaiseadh de na healaíona a aimsiú ó aois an-óg.

“Cosúil le rud ar bith eile, caithfidh tú tosú nuair atá siad óg, go mór mór leis an léitheoireacht. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an deis sin acu,” ar sí.

Is léitheoir díocasach í, a léann dhá leabhar in aghaidh na seachtaine go hiondúil, ceann do dhaoine fásta agus ceann do ghasúir. 

“Léim an dá rud i gcónaí. Bím de shíor ag léamh. Dhéarfadh mo mháthair i gcónaí nuair a bhí mé óg nach bhfaca siad ach barr mo cheann, agus bhí sin fíor,” a deir sí. “Bíonn leabhar i mo mhála i gcónaí agam. Má chuirtear moill orm áit ar bith, ag an dochtúir nó ag an mbus, bheinn ag léamh! Ní fhéadfainn saol gan leabhair ann a shamhlú.”

Tá na léitheoireacht an-tábhachtach  don scríbhneoir.

“Bíonn an rithim sin istigh i do cheann mar tá tú ag léamh abairtí an t-am ar fad – tá rithim áirithe i do cheann agat,” a deir sí. “Caithfidh tú am a dhéanamh le bheith ag léamh, agus guthanna eile a chloisteáil i do cheann seachas do ghuth féin.”

Tá neart comhairle ag Patricia Forde do scríbhneoirí óga agus úra.

“Ná caill do mhisneach,” a deir sí. “Tá sé an-éasca do mhisneach a chailleadh, mar níl sé éasca. Bain taitneamh as bheith ag scríobh. Scríobh duit féin! Bí ag léamh an t-am ar fad, bíodh leabhar nótaí i do mhála agat. Agus mura bhfuil tú in ann bheith ag scríobh inniu, léigh leabhar. Mar is é an rud céanna é dáiríre – an taobh eile den rud céanna.”

Níos mó