Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
‘ta-dushlan-ollmhor-os-comhair-na-laighneach’

‘Tá dúshlán ollmhór os comhair na Laighneach’

| jeff neville | ,

Ar an Satharn, beidh Laighin ag déanamh iarrachta an cúigiú réalta a chur os cionn shuaitheantas a ngeansaí agus iad ag tabhairt aghaidh i gcluiche ceannais an Champions Cup ar La Rochelle i Marseille. Beidh an aimsir te and ní bheidh scamall sa spéir a chosnóidh na Laighnigh ó ghathanna ghrian na Fraince. Tá dúshlán ollmhór os a gcomhair.

An Chlibirt

Bhí Andrew Porter ag caint le linn na seachtaine faoina bheith ag dul in iomaíocht le Uini Atonio sa chlibirt. Chuaigh an bheirt acu in iomaíocht le chéile cúpla mí ó shin nuair a d’imir Éire in aghaidh na Fraince agus déarfadh go leor daoine go raibh an lámh in uachtar ag Atonio an lá sin. 

Murar casadh ort é roimhe seo, is é Atonio an tosaí is troime sa Fhrainc; ní ar an bhfoireann náisiúnta amháin ach sa tír iomlán. Sin an dúshlán atá os comhair Porter ag an deireadh seachtaine. Ní bheadh ionadh orm dá bhfeicfimid Porter ag streachailt leis.

Beidh brú ollmhór ar chlibirt Laighean agus beidh clibirtí gasta uathu. Chonaiceamar an brú céanna in aghaidh Toulouse. Nuair a d’fhan an liathróid sa chlibirt, bhí clibirt Toulouse ag éirí níos láidre agus níos cumhachtaí. Bhí Laighin sásta an chlibirt a úsáid chun tús a chur leis an imirt arís. Ní raibh siad ag iarradh ciceanna éirice a bhaint amach aisti. 

Beidh clibirt La Rochelle ag iarradh taithí agus cumhacht Atonio a úsáid ionas go ngéillfidh líne thosaigh Laighean ciceanna éirice. Ar an lámh eile, ní mhairfidh clibirtí Laighean i bhfad.

Ciceanna Chun Cúil

Má ghéilleann Laighin ciceanna éirice sa chlibirt agus roghnaíonn La Rochelle dul i dtreo na bpostaí, beidh ar Ihaia West a bheith i bhfad níos cruinne ná a bhí sé in aghaidh Racing 92 sa bhabhta leathcheannais. Caithfidh tú do sheansanna a thógáil in aghaidh Laighean mar tá na seasanna sin fíordheacair a chruthú. Má fhaigheann West deis cur leis an scór, caithfidh sé é sin a dhéanamh. 

Níl na foirne ainmnithe go fóill ach níl dabht ar bith i m’aigne go dtosóidh Johnny Sexton. Tá sé ag imirt níos fearr faoi láthair ná mar a d’imir sé bliain ó shin agus tá seans ann gurb é seo an cluiche ceannais Eorpach deireanach a bheidh aige. Tá an taithí aige a bheith ag buachan cluichí mar seo agus beidh a fhios aige céard a bheidh le déanamh, ní hamháin agus é ag stiúradh an chluiche ach nuair a thiocfaidh na seasanna os a chomhair freisin. 

An Síneadh Amach 

Bhí dabht ann faoi Will Skelton agus La Rochelle ag dul i dtreo an chluiche seo ach dúradh i rith na seachtaine go mbeidh sé aclaí agus go mbeidh sé in ann imirt sa chluiche seo (tháinig sé ón mbinse in aghaidh Stade Francais an deireadh seachtaine seo caite). Tá buntáiste soiléir ag baint leo seo sa chlibirt (cuireadh sé le haon chlibirt ar domhan) ach sa síneadh amach freisin.

Tá Skelton ard, agus é mó ná dhá mhéadar in airde, is constaic é do húcálaithe ag an síneadh amach. Má léimeann sé, caithfidh tú an liathróid a fháil thairis. Má ardaíonn sé imreoir eile, ardaítear é ag luas aisteach go hairde aisteach. Beidh jab deacair ag Ronan Kelleher agus é ag caitheamh na liathróide agus ná bíodh ionadh ort má fheiceann tú go leor gluaiseachta i síneadh amach Laighean.

Feicfidh tú Josh van der Flier ag seasamh in áit an leathchúlaí clibirte freisin agus ní rud nua é seo ach an oiread. Baineann Laighin an-úsáid as van der Flier anseo agus ligeann sé seo dóibh rogha eile a chruthú le Gibson-Park. Má thógtar an liathróid síos in áit í a chaitheamh ó bharr an síneadh amach, caithfidh cosaint La Rochelle fanacht go mbogann an liathróid ón síneadh amach sula mbogann siad. Ciallaíonn sé sin go bhfuil níos mó ama ag Laighin an rogha cheart a dhéanamh.

An Cliseadh

Is é an cliseadh an rud is tábhachtaí do Laighin agus iad ag iarradh an cluiche seo a bhuachan. Beidh an dhá fhoireann ag aistriú na liathróide go gasta ach beidh La Rochelle ag iarradh (agus caithfidh siad) é seo a scriosadh. 

Maireann meánluas cliste Laighin thart faoi thrí shoicind agus is é seo a ligeann dóibh a stíl imeartha a imirt. San aon chluiche a chaill siad i rith an tséasúir seo, ní bhfuair siad an luas aistrithe sin ar 95% dá gcliste. 

Má mhoilltear an cliseadh, tá tú ag cruthú ama do do chosaint féin, am inar féidir leat fáil réidh don chéad tonn ionsaithe eile. Is féidir na bagairtí a phiocadh amach, is féidir luas a bheith agat agus tú ag teacht ón líne cosanta agus is féidir leis an líne cosanta sin a bheith socair agus eagraithe in áit a bheith ag cúlú an t-am uilig. Is é an t-am an rud is luachmhaire agus tú i mbun cosanta.

Beidh cliseadh gasta uaidh Laighin agus iad ar an ionsaí. Is nuair a bhíonn an luas sin acu sa chliseadh is fearr a imríonn siad rugbaí. Tá siad thar a bheith compordach ag imirt cluiche ilphasach. Tá ról gach aon imreoir ar eolas aige agus ní bhíonn scaoll orthu nuair a théann pas go talamh. Tuigeann siad go bhfuil fios ag gach aon duine céard atá le déanamh agus go gceartófá an fhadhb.

Is cuma freisin cé atá ar an bpáirc (cé chomh fada go bhfanann Sexton uirthi, ar ndóigh). Chonaiceamar stíl imeartha Laighean seachtain ó shin in aghaidh na Mumhan le foireann beagnach iomlán difriúil roghnaithe acu.

Is cluiche fíorshimplí é an rugbaí: má bhuann tú formhór na n-imbhuailtí, éiríonn leat sa chluiche. I measc na staitisticí go léir a léitear i rith na seachtaine roimh chluiche mar seo, sin an bhunchloch is tábhachtaí agus an prionsabal is bunúsaí. Má éiríonn le Laighin na himbhuailtí sin a bhuachan, beidh deis iontach acu an cúigiú réalta sin a chur os cionn shuaitheantas an gheansaí. 

Níos mó