Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘theastaigh-uainn-ealaiona-na-gaeltachta-a-chur-i-lar-an-aonaigh’

‘Theastaigh uainn ealaíona na Gaeltachta a chur i lár an aonaigh’

| Maitiu O Coimin | ,

Cuirfear ealaíona na Gaeltachta “i lár an aonaigh” ag An Fhéile Bheag a bheidh á reáchtáil an deireadh seachtaine seo ar champas Ollscoil Mhá Nuad. Tá an fhéile á heagrú ag mic léinn an Ma sa Nua-Ghaeilge agus beidh roinnt imeachtaí ar siúl i gcaitheamh an lae amárach ar fud champas na hollscoile.

“Seo an chéad bhliain a behidh ócáid mar seo ar siúl, agus caithfidh muid buíochas mór a ghabháil leis an Ollamh Tríona Ní Shíocháin as an gcúnamh a thug sí dúinn. Tá an fhéile dírithe ar ealaíona na Gaeltachta, theastaigh uainn an cultúr sin a chur i lár an aonaigh ar an gcampas agus go mbeadh deis ag muintir na Gaeltachta ar an gcampas aithne a chur ar a chéile agus ar chainteoirí eile Gaeltachta. Beidh roinnt imeachtaí ar siúl againn, idir cheardlanna ceoil, cheardlanna damhsa, cheardlanna amhránaíochta, chomh maith leis ‘An Phicnic Bheag’ agus seisiún ‘Siúlach Scéalach’ leis an amhránaí Étáin Ní Churraoin.

“Beidh blaiseadh de chuile shórt ann, agus an deis ag daoine a bheidh ag freastal ar an bhféile amhrán nó port a chasadh ag an bPicnic Bheag a bheidh ar siúl amuigh faoin aer. Tá muid ag súil go mbeidh sí ina hócáid bhliantúil amach anseo, agus go mbeidh ardán ag traidisiún na Gaeltachta in Ollscoil Mhá Nuad bliain i ndiaidh bliana,” a dúirt duine d’eagraithe na féile, Méabh de Barra, le NÓS.

Cuirfear tús leis an bhféile lae amárach ag 9.30 agus beidh na himeachtaí ar siúl as sin go dtí 16.30. Beidh an t-amhránaí clúiteach Muireann Nic Amhlaoibh as Corca Dhuibhne i láthair le ceardlann amhránaíochta a dhéanamh agus beidh ceardlann damhsa ann le Nada Ní Chuirrín as Conamara.

Is í an t-amhránaí as Ráth Chairn Étáin Ní Churraoin, duine de bhaill an ghrúpa An Chéad Ghlúin Eile, a bheidh i mbun na siúlóide amhránaíochta ‘Siúlach Scéalach’ timpeall an champais theas i ngairdíní na hollscoile. Sna gairdíní céanna a bheidh an Phicnic Bheag ar siúl níos deireanaí sa tráthnóna.

Ar deireadh, beidh ‘Péinteáil agus Port’ ar siúl i Halla Callan an choláiste. Cuirfear ábhair phéinteála agus scuaba péinte ar fáil do na rannpháirtithe le go mbeidh siad in ann “todhchaí nua a shamhlú don Ghaeilge”.

Ócáid ana-speisialta a bheidh anseo ina gcuirfear ábhair phéinteála agus scuaba péinte ar fáil do dhaoine fásta ionas gur féidir leo todhchaí nua a shamhlú don Ghaeilge. Roinnfear íomhánna ar leith a bhaineann le saol na Gaeilge agus na Gaeltachta ar rannpháirtithe mar inspioráid chun gur féidir leo todhchaí na Gaeilge a shamhlú go teibí leis an scuab phéinte agus iad ag éisteacht le taispeántais cheoil den scoth. Beidh béim ar éagsúlacht agus indibhidiúlacht na cruthaitheachta sa tseisiún, agus beidh saoirse chruthaitheach ag cách. Iarrfar ar rannpháirtithe grianghraf a ghlacadh dá bpictiúr féin lena bhfón póca le seoladh go dtí stiúrthóirí na comhdhála as a gcruthófar collage digiteach ealaíne a roinnfear leis an bpobal.

Beidh saorchead isteach chuig imeachtaí na féile ach ní mór clárú roimh ré ar Eventbrite le freastal orthu.

Níos mó