![aoife-sa-chistin:-ciste-brioscai-seaclaide](/wp-content/themes/yootheme/cache/f6/54482-aoife-sa-chistin-ciste-brioscai-seaclaide-f6d4ebf1.jpeg)
Aoife sa Chistin: císte brioscaí seacláide
Na comhábhair:
400g seacláid dhorcha
2 ubh
1 bsp siúcra
225g im leáite
2 bsp rísíní, dein na rísíní a bhogadh in uisce
½ tsp fanaile
225g brioscaí (Digestives briste)
Stán aráin 12.5 x 20.5cm (5 x8) líonta le scannán cumhdaithe.
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2022/06/2.-768x1024.jpg)
Bíodh pota uisce te ar siúl íseal ar an sorn. Leáigh an tseacláid in airde ar an bpota. Buail suas na huibheacha agus an siúcra le chéile i bpróiseálaí bídh go ceann cúig nóiméad nó go dtí go mbeidh an toirt dúbáilte. Measc isteach an t-im leáite. Ansan measc isteach an tseacláid, na rísíní agus na brioscaí.
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2022/06/1.-1024x567.jpg)
Cuir an t-iomlán isteach i stán aráin agus clúdaigh leis an scannán cumhdaithe é. Fág sa chuisneoir é go ceann trí uair a chloig nó thar oíche.
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2022/06/4.-1-1024x768.jpg)