Is mó duine a bhfuil an anáil bainte astu nó spalladh tarta curtha orthu tar éis gabháil aníos ó Ché Dhún Chaoin ar an gcosán géar ard a thugann go ‘Barr na hAille’ iad. Is mó duine go mbíonn a dteanga bheag amuigh acu chun cupa deas tae nó muga breá caife nó an barra seacláide féin a chur ina mbolg chun an dé agus an fuinneamh a chur ar ais iontu arís.
Cosán suaithinseach is ea é go deimhin a bhíonn gnóthach go maith an t-am seo bliana agus daoine ag dul síos agus ag teacht aníos as chun dul ar na báid farantóireachta a thugann isteach is amach ón mBlascaod Mór iad.
Is fada atá trácht ar an gcosán seo agus do bheartaigh Fáilte Éireann, cúpla bliain ó shin, pictiúr den gcosán seo agus caoirigh ag gabháil aníos thairis a chur mar ábhar fógraíochta ar fud an domhain. Is d’éirigh go hiontach leis an bhfeachtas fógraíochta sin agus mar a deirtear an aimsir seo ‘d’imigh sé viral’ ar na meáin chumarsáide.
Is anseo aníos leis a thagadh muintir an Bhlascaoid fadó agus iad ag teacht amach ón Oileán chun a gcuid éisc a thabhairt don Daingean leo nó chun dul go pósadh ar an mBuailtín nó chun Aifrinn i nDún Chaoin lá Domhnaigh. Ach ní raibh aon oidhre ar mhuintir A’ Bhlascaoid sna cúrsaí sin ach pocáin gabhair.
Anois, mar sin, tá faoiseamh le fáil ag gach n-aon a mbaineann an cosán ard seo allas nó fuinneamh astu. Is é Tomás Ó Sé, ón gCeathrúin, i nDún Chaoin, fear fuascailte na faidhbe. Ní gá d’aon duine a bhíonn ar na bólaí seo a bheith ‘marbh gan tae’ a thuilleadh.
Mar le tamall de laethanta anuas tá Tomás ag soláthar tae, caife, deochanna boga agus sólaistí eile do thaistealaithe triallta an róid seo óna chaife soghluaiste a thugann sé leis go Barr na hAille gach lá go mbíonn an uain oiriúnach chuige.
Sea, ambaiste, agus tá ainm baistithe ar an gcaife soghluaiste seo – ‘Cupán Sé’ .
Fear óg go bhfuil ard-aithne agus ardghean air is ea Tomás Ó Sé – ceoltóir, rinceoir agus fear maith caide.
‘Tá na pleananna ann ach cuimhneamh orthu!’ mar a déarfadh an tuata tuisceanach ar an dtaobh seo tíre.