Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
‘is-e-mo-thuairim-go-dtabharfaidh-laighin-aghaidh-ar-ulaidh-sa-chraobh’

‘Is é mo thuairim go dtabharfaidh Laighin aghaidh ar Ulaidh sa chraobh’

| jeff neville | ,

Laighin vs Vodacom Bulls

Ní raibh deacracht ar bith ag Laighin sa bhabhta ceathrúcheannais in aghaidh Ghlaschú. Scóráil siad dhá úd déag i rith an chluiche, agus sé cinn acu sin – nó 40 pointe san iomlán –  ag teacht i rith dhá thréimhse tar éis do bheirt a bheith curtha sa loca pionóis. Thosaigh Laighin go mall ach, i ndiaidh do Ghlaschú cúpla scór a fháil, thosaigh siad ag imirt an cineál stíle imeartha a rabhamar ag feitheamh air.

Is í an stíl imeartha sin an stíl imeartha chéanna a fheicfimid in aghaidh na Vodacom Bulls an deireadh seachtaine seo. Is dóigh go bhfeicfimid imreoirí eile ag teacht isteach san fhoireann freisin agus má tá Furlong, Sexton, agus Lowe aclaí, bheadh ionadh orm dá bhfágfadh Cullen as an bhfoireann iad.

Tá ceithre theideal i nidiadh a chéile buaite ag Laighin go dtí seo. Tá siad ag druidim i dtreo uimhir a cúig ach beidh na Vodacom Bulls ag teacht go Baile Átha Cliath ag iarradh stop a chur leis an gcuriarracht seo. Tá roinnt rudaí le déanamh chun é a chosc, áfach.

I dtús báire, agus cé go bhfuil sé seo soiléir go maith, caithfidh siad seilbh na liathróide a choinneáil. Bíonn Laighin sásta nuair a bhíonn an tseilbh acu. Cruthaíonn na cúlaithe deiseanna ón ardán a thugann na tosaithe dóibh ach an rud is dainséaraí fúthu ná go bhfuil na tosaithe in ann nasc a dhéanamh leis na cúlaithe. Murab ionann agus tosaithe traidisiúnta, tá tosaithe Laighean sásta ag caitheamh pasanna nó ag aimsiú bearnaí. Ach mura mbeadh an liathróid acu, ní fhéadfaidís é sin a dhéanamh.

An dara dúshlán atá os comhair na Vodacom Bulls ná caithfidh siad cur isteach ar chliseadh Laighean. I ngach cluiche a chaill Laighin i mbliana, bhí céatadán liathróid coinneála faoi 95% acu sa chliseadh. Caithfidh na Vodacom Bulls clistí Laighean a mhoilliú agus seilbh na peile a ghoid. Mura stopann siad athchúrsáil liathróide sciobtha Laighean, ní aimseoidh siad an bua.

An rud deireaneach atá le déanamh acu ná an cluiche a mhoilliú. Má chiceálann siad, caithfidh an liathróid dul amach don síneadh amach. Caithfidh siad na clibirtí a mhoilliú freisin. Tá Laighin compordach leis an liathróid san imirt agus tá siad aclaí go leor chun an stíl cluiche sin a imirt.

Scríobh mé faoi na rudaí a chaithfidh na Vodacom Bulls a dhéanamh chun an cluiche a bhuachan. Ní gá do Laighin ach a stíl imeartha féin a imirt agus a bheith thar a bheith fisiciúil agus iad á imirt. Má dhéanann siad é sin, beidh cluiche ceannais le himirt acu go luath.

DHL Stormers vs Ulaidh

Ní raibh ach dhá phointe idir an dhá fhoireann seo sa tsraith i mbliana agus, cé gur chaill Ulaidh san Afraic Theas nuair a bhuail siad le chéile den chéad uair riamh i mí an Mhárta, droch-chinneadh réiteoireachta a bhí ann a thug an bua don fhoireann bhaile. Beidh Ulaidh ag taisteal chuig an Staid DHL arís le go leor muiníne go bhfuil siad in ann bua a fháil ann.

Tá ag éirí go maith leis na DHL Stormers i mbliana. Chríochnaigh siad sa dara háit sa sraith agus tá a gcúig chluiche dheireanacha buaite acu freisin. Chaill Ulaidh in aghaidh Toulouse i gcomórtas na hEorpa agus in aghaidh Mumhan sa URC, ach tháinig siad ar ais chun babhta ceathrúcheannais a bhuachan in aghaidh na Mumhan.

Tá síneadh amach maith ag Ulaidh agus tá cúlaithe an-mhaith acu freisin; is dóigh go mbeidh James Hume ag taisteal leis an bhfoireann náisiúnta i rith an tsamhraidh agus d’fhéadfá argóintí a dhéanamh faoi roinnt de cúlaithe eile freisin. Má fhaigheann Ulaidh síneadh amach i leath na DHL Stormers, bíodh fios agat go bhfuil siad chun na cúlaithe a úsáid sa bhealach céanna a chonaiceamar in aghaidh na Mumhan an deireadh seachtaine seo caite.

Beidh ar Ulaidh Evan Roos a stopadh áfach. Cruthaíonn an fear óg ardán iontach do na DHL Stormers. Idir an dhá fhoireann seo, tá níos mó iompar aige ná aon imreoir eile (tá 126 iompar aige i gcomparáid le 77 ó Stuart McCloskey) agus chuaigh sé timpeall níos mó cosantóirí ná aon imreoir eile (53 i gcomparáid le 38 ó Mike Lowry). Ó thaobh cosanta de, tá níos mó greamuithe déanta aige ná aon imreoir DHL Stormers freisin.

Ach tá Ulaidh tar éis taispeántais a chruthú i rith an tséasúir seo agus ní bheidh faitíos orthu ag dul isteach sa chluiche seo. Má tá siad in ann an chlibirt a choinneáil ceart (is frapaí dochreidte iad Steven Kitshoff agus Frans Malherbe), dul chun cinn a dhéanamh san iompar, agus luas athchúrsála na gclistí a choinneáil sciobtha, is é mo thuairim go bhfeicfimid Ulaidh ag tabhairt aghaidh ar Laighin sa chraobh.  

Níos mó