Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
pleanail-tithiochta-agus-teanga-sa-ghaeltacht-le-ple-i-gcorca-dhuibhne-amarach

Pleanáil tithíochta agus teanga sa Ghaeltacht le plé i gCorca Dhuibhne amárach

Reáchtálfar seimineár ar an bpleanáil “tithíochta, teanga, agus teaghlaigh” in Áras Bhréanainn i mBaile an Fhéirtearaigh amárach mar chuid de Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl i gCorca Dhuibhne an deireadh seachtaine seo.

“Tá sé beartaithe againn sa seimineár seo iniúchadh a dhéanamh ar roinnt de na téamaí a bhaineann le hinmharthanacht na Gaeltachta mar áit a bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha an phobail. Is téamaí iad seo a bhaineann le gach ceantar Gaeltachta ach tá ríméad orainn go bhfuil triúr cainteoirí againn ó cheantar Chorca Dhuibhne a bhfuil saineolas agus spéis faoi leith acu sna téamaí seo.

“Is mór againn gur ghlac na cainteoirí lenár gcuireadh labhairt ag an Seimineár. Is é mo chomhghleacaí ar Mheitheal Ghaeltachta an Chonartha, an t-abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh a bheidh sa chathaoir. Táimid ag súil go mór lena cainteanna agus leis an díospóireacht,” a dúirt Mairéad Ní Fhatharta, Cathaoirleach Mheitheal Gaeltachta Chonradh na Gaeilge.

Is iad na cainteoirí a bheidh i láthair tráthnóna amárach ná Aoife Ní Shéaghdha, taighdeoir ó Ionad na Gaeilge Labhartha i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh; Breanndán Ó Beaglaoich, ball aitheanta den ghrúpa todhchaí na tuaithe agus fear atá ag streachailt leis an gcóras cead pleanála le fada an lá; agus Orlaith Ruiséal, stiúrthóir ‘Tús Maith’, togra de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

“Táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh ár gcuairteoirí chuig Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge agus chun áilleacht an cheantair agus saibhreas teanga agus chultúr Chorca Dhuibhne a thaispeáint dóibh. Cuireann an Tionól Ghaeltachta leis an obair atá ar siúl againn mar chuid dár bPlean Teanga agus is léiriú é ar an mbuntáiste atá againn mar phobal Ghaeltachta. Ba mhaith liom a mheabhrú freisin don phobal áitiúil go bhfuil fáilte rompu ag na himeachtaí poiblí atá ar siúl mar chuid den Tionól,” a dúirt John Prendergast, Oifigeach Pleanála Teanga Thobar Dhuibhne.

Reáchtálfar an Seimineár in Áras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh ar an Aoine 1 Iúil ag 8.00i.n. Tá an Seimineár oscailte don phobal agus beidh deis breathnú air freisin ar shuíomh Facebook agus cainéal YouTube Chonradh na Gaeilge.

Cuirfear tús oifigiúil le Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge anocht i Músaem Chorca Dhuibhne ag 20.30. Beidh turais bháid ann go na Blascaodaí amárach (Dé hAoine) ag 10.00 agus 12.00; turas timpeall Ionad an Bhlascaoid, a osclaíodh ag tús na seachtaine seo, ag 15.00; agus béile in Óstán Cheann Sibéal ag 18.00 roimh an seimineár.

Dé Sathairn, tiocfaidh lucht freastail an Tionóil le chéile ar 11.00 ar maidin le siúlóid a dhéanamh ó Chuas na nEighe go Cloichear; beidh tráth na gceist ar siúl in Óstán Cheann Shibéal ag 15.00 agus béile ann ina dhiaidh; agus beidh ceolchoirm ar siúl in Áras Bhréanainn ag 20.00. Beidh seisiún ceoil ann Tigh Bhric go deireanach san oíche.

Níos mó