Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
reachtaiocht-nua-ag-teastail-on-leabharlann-naisiunta-le-coinneail-suas-le-habhar-ar-line

Reachtaíocht nua ag teastáil ón Leabharlann Náisiúnta le coinneáil suas le hábhar ar líne

Deir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann go bhfuil “bearna ollmhór” sa reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí foilsitheoireachta faoi láthair.

Ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean inné, dúirt Katherine McSharry, Stiúrthóir Gníomhach na Leabharlainne Náisiúnta go bhfágann an bhearna reachtaíochta nach bhfuil aon dualgas ar fhoilsitheoirí ábhar digiteacha nó ábhar ó láithreáin ghréasáin a chur ar fáil don leabharlann.

Bíonn ar fhoilsitheoirí cóip chrua de gach leabhar is foilseachán traidisiúnta a fhoilsítear a sheoladh chuig an Leabharlann Náisiúnta, ach níl a leithéid de dhualgas i gceist i gcás an fhoilsitheora ar líne.

Mar gheall air seo, tá an Leabharlann Náisiúnta ag déanamh iarrachta na foilseacháin dhigiteacha agus na láithreáin ghréasáin a bhailiú ar bhonn ceadanna, obair mhall dhúshlánach.

“Chuirfeadh an Leabharlann Náisiúnta fáilte an-mhór roimh leathnú na reachtaíochta um thaiscí dlíthiúla go hábhair digiteacha amhail suíomhanna gréasáin agus ríomhleabhair,” a deir Katherine McSharry.

“Chuirfeadh sé sin ar ár gcumas an fearann .ie iomlán a bhailiú gach bliain agus taifead cuimsitheach ar gach ábhar a fhoilsítear in Éirinn gach bliain a choinneáil agus mar sin chuimseofaí ábhar i nGaeilge ann.”

Deir McSharry go bhfuil go leor oibre breise i gceist faoi láthair mar nach bhfuil an reachtaíocht a theastaíonn ann.

“Imíonn 50% de na láithreáin ghréasáin laistigh de bhliain amháin,” ar sí. “Tá go leor acmhainní ag teastáil chun an obair seo a dhéanamh.”

Deir Gearóid Ó Lúing, Leabharlannaí Bailiúcháin Speisialta sa Leabharlann Náisiúnta, go mbíonn sé “deacair coimeád suas le rudaí” agus go mbíonn an comhthéacs ag athrú “an t-am ar fad”.

Cé go bhfuil gá le reachtaíocht nua in Éirinn, tá an reachtaíocht sin i bhfeidhm cheana féin in Albain agus sa Bhreatain Bheag, a dúradh.

Agus iad ag caint ar chúrsaí digiteacha agus ar an digitiú, deir McSharry go dtugann an clár um dhigitiú atá acu sa Leabharlann Náisiúnta deis dóibh leaganacha digiteacha de na bunleaganacha fisiceacha a chruthú sna bailiúcháin.

Roinntear iad seo sa chatalóg ar líne.

“Mar gheall air sin is féidir linn ábhar i nGaeilge a chur ar fáil d’úsáideoirí pé áit a bhfuil siad lonnaithe in Éirinn nó ar fud an domhain,” ar sí.

“Maidir leis an nGaeilge cuirtear béim faoi leith ar thionscadal ar cuireadh tús leis i mí na Samhna 2021, ag obair le priontaí Gaeilge suas go dtí 1871 i mbailiúchán Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Ar an iomlán déanfaimid breis agus 400 priontáil Ghaeilge a dhigitiú.”

Deir Gearóid Ó Lúing nach bhfuil na leabhair seo ar fáil in aon áit eile.

Deir McSharry go bhfuil 200 milliún píosa sa leabharlann, 13,500 leabhar Gaeilge ina measc.

Deir Gearóid Ó Lúing go bhfuil Gaeilge líofa ag “thart ar dheichniúr” den fhoireann 107 duine sa Leabharlann Náisiúnta.

Tá sé mar aidhm ag an Leabharlann Náisiúnta láithreán gréasáin dátheangach a sheoladh i mí Mheán Fómhair na bliana seo.

Chomh maith leis sin, tá sé beartaithe acu seomraí cruinnithe, caifé agus siopa a thógáil roimh 2025.

“Tabharfaidh an togra seo go leor deiseanna dúinn chun leabhair Ghaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn,” a deir McSharry. “Beidh muid in ann tuilleadh ceardlann a reáchtáil agus mar sin de.”

Níos mó