Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
‘ta-rud-speisialta-cruthaithe-ag-ulaidh-sa-phaca’

‘Tá rud speisialta cruthaithe ag Ulaidh sa phaca’

| jeff neville | ,

Uladh v Mumha, Anocht @ 19.35, Staid Kingspan/TG4

Bhí séasúr iontach maith ag Ulaidh san URC go dtí seo, agus an tríú háit bainte amach acu. Beidh siad ag iarraidh cur leis seo inniu in aghaidh na Mumhan agus roinnt rudaí a cheartú ag an am céanna freisin. 

Bhuaigh Mumha an uair dheireanach a thaistil siad go Béal Feirste i mí Aibreáin, cluiche inar thosaigh Mike Lowry ina leathchúlaí clibirte amuigh in áit lánchúlaí, agus Ian Madigan fágtha ar an mbinse. Ní tharlóidh an rud céanna an uair seo má bhíonn gach duine aclaí. 

Tá líne chúil an-fhisiciúil ag Ulaidh. Tá níos mó méadar déanta ag Stuart McCloskey tar éis an ghreamaithe ná mar atá déanta ag aon imreoir eile sa tsraith go dtí seo agus ar an taobh eile den liathróid is stiúrthóir cosanta den scoth é James Hume taobh amuigh dó. Má chruthaítear ardán maith don bheirt acu seo, chomh maith leis na cúlaithe eile, beidh sé deacair stop a chur leo.

Cé gur chaill siad sé chluiche san iomlán i rith na sraithe, is foireann chomhsheasmhach iad Ulaidh agus beidh siad ag iarradh leanúint ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile.

Tá rud speisialta cruthaithe ag Ulaidh sa phaca freisin. Má bhreathnaítear orthu mar imreoirí ina n-aonar, níl mórán atá speisialta faoi chuid acu. Is fíor go bhfuil Alan O’Connor beag go leor don áit a n-imríonn sé agus b’fhéidir nach dtugtar meas atá tuillte aige do Andrew Warwick. Ach le chéile, mar phaca, cruthaíonn siad ardáin dochreidte arís agus arís eile. 

Nascann Vermuelen, Rea, agus Timoney le chéile chun ceann de na línte cúil is fearr sa tsraith a chruthú agus murar tugadh aird ar Timoney go dtí seo, ba cheart aird a thabhairt air anois. Tá níos mó úd aige ná haon imreoir eile don chúige agus níos mó greamuithe déanta aige ná aon duine eile freisin. Rinne sé 52 ghreamú sa dhá bhabhta deireanach. Coinnigh súil air.

Os comhair Uladh beidh Mumha ag iarradh caoi a chur ar a séasúr féin agus dul sa seans an babhta leathcheannais a shroicheadh. Níl ach cluiche amháin eile caillte acu i gcomparáid le hUlaidh ach ba é an bealach a chaill siad roinnt dá gcluichí a chuir isteach ar a lucht leanúna.

Ach mar a luaigh mé, bhuaigh siad faoi dhó in aghaidh a gcéilithe comhraic go dtí i mbliana agus glacfaidh siad misneach ó na cluichí sin. Ach ní sraith í seo a thuilleadh ach comórtas díbeartha agus tagann brú le sin. Níor bhuaigh Mumha corn ar bith ó 2011 agus, le himeacht Johann van Graan ag deireadh an tséasúir tar éis cúig bliana leis an gcúige, tá níos mó brú air anois imeacht le bonn ina phóca. 

Caithfidh an lucht leanúna na bunchlocha a chuir sé isteach a fheiceáil ag aibiú anois. Tá siad mífhoighneach cheana féin. Ní hé van Graan amháin atá faoi bhrú ach an oiread ach Steve Larkham freisin. Chonaiceamar splanc nó dhó in ionsaí na Mumhan i rith an tséasúir ach leis an tallann atá ag imirt dó sa líne chúil, ba cheart go mbeadh siad i mbarr a réime tráthnóna

Tá fadhbanna ag Mumhain sa phaca agus feictear roinnt de na fadhbanna sin sa líne thosaigh. Agus Kilcoyne gortaithe, tá Josh Wycherley ag fáil níos mó ama ar an bpáirc agus is rud maith é sin. Is imreoir óg an-mhaith é. Ach teastaíonn níos mó acu in aice leis sa chlibirt agus timpeall na páirce. 

Laighin vs Glaschú, Amárach @ 15.15, RDS/RTÉ One

Tar éis dhíomá an deiridh seachtaine seo caite nuair a chaill Laighin craobh na hEorpa in aghaidh La Rochelle is dóigh go bhfuil mí-ádh ar Ghlaschú go gcaithfidh siad taisteal go Baile Átha Cliath agus aghaidh a thabhairt ar Laighin ar an Satharn.

Tá foireann i bhfad níos láidre agus i bhfad níos doimhne ag Laighin ná atá ag Glaschú agus beidh siad ag iarradh deireadh a chur leis an díomá atá orthu ó Marseille le bua sa bhaile agus céim eile a thabhairt sa chomórtas seo.

Imreoidh Laighin sa bhaile i ngach aon bhabhta den chomórtas má fhanann siad istigh mar gheall gur chríochnaigh siad sa chéad áit roimh na babhtaí ceathrúcheannais agus is buntáiste ollmhór é sin. Níl orthu gach rud a bhogadh go cúige nó tír eile. Beidh deis acu fanacht sa bhaile an oíche roimh ré. Beidh gach rud acu a bheidh uathu. 

Chonaiceamar a stíl imeartha i rith an tséasúir agus, fiú gur thóg sé tamall an stíl sin a forbairt, tá siad breá sásta léi anois. An rud is tábhachtaí dóibh ná na clistí. Má tá Laighin ag iarradh a bheith éifeachtúil san ionsaí, caithfidh siad luas na gclistí a choimeád faoi trí shoicind. Chonaiceamar La Rochelle ag cur moill ar clistí Laighean. Chonaiceamar La Rochelle ag coimeád sheilbh na peile freisin ag deireadh an chluiche agus bhí Laighin faoi go leor brú mar thoradh.

Caithfidh Glasgow seilbh na peile a choimeád chun seans a bheith acu ach tá sé sin an-éasca a rá; rud iomlán difriúil é a dhéanamh in aghaidh imreoirí ar nós Josh van der Flier agus Garry Ringrose.

Má coinníonn Laighin greim ar an liathróid agus má leanann siad leis an stíl ionsaí a d’oibrigh go maith go dtí seo, is dóigh go mbeidh lucht leanúna Laighean ag filleadh ar an Aviva i gceann seachtaine don chéad bhabhta eile.

Níos mó