Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘bhi-me-cinnte-nach-bhfeadfainn-peil-a-imirt-agus-me-aerach’

‘Bhí mé cinnte nach bhféadfainn peil a imirt agus mé aerach’

| Cian O Griofa | ,

Is annamh a fheictear daoine aiteacha sa spórt. Ní hé sin le rá nach bhfuil siad ann. Dár ndóigh, tá siad ann. Bhí siad i gcónaí ann. Agus beidh siad i gcónaí ann. Ach go stairiúil, bhí sé níos éasca do lúthchleasaithe a gnéasúlacht a choinneáil faoi rún agus iad ag imirt spóirt. Mar seo a bhí go dtí le gairid, ach tá athrú ag teacht ar chúrsaí anois mar a fheicimid le teacht amach Nick McCarthy, Dame Kelly Holmes, agus Jake Daniels roimh agus le linn mhí an Bhróid 2022.

Tá sé an-deas é seo a fheiceáil, toisc nach raibh an ionadaíocht ná an fheiceálacht seo agam riamh agus mé ag fás aníos. Níor thuig mé go raibh daoine aiteacha sa spórt, ach tá sé fíorchumachtach do dhaoine óga timpeall an domhain go bhfeiceann siad iad féin sna meáin, ar an teilifís, agus sa litríocht – agus sa spórt. 

Tá sé ríthábhachtach go bhfeiceann siad na scéalta seo, agus go bhfeiceann siad an tacaíocht a fhaigheann na ceannródaithe seo ón domhan freisin agus iad ag déanamh iarrachta forás a dhéanamh ó thaobh comhionannais de. Tá na scéalta seo riachtanach go mór mór le déanaí leis na drochscéalta maidir le hionsaithe homafóbacha, ionsaithe trasfóbacha, agus leis an mbille ‘Don’t Say Gay’ sna Stáit Aontaithe freisin. Tá na scéalta seo an-díobhálach do dhaoine aiteacha timpeall an domhain, ach go háirithe do dhaoine óga fós ag aimsiú a gnéasúlacht agus a bhféiniúlacht.

Is cuimhin liom agus mé ag fás aníos nuair a thuig mé go raibh mé aerach, d’fhág mé an pháirc pheile agus níor chreid mé go mbeinn ar ais arís. Bhí eagla an domhain orm agus bhí mé mearaithe ar fad. Níl aon dóigh a bhféadfainn a bheith aerach dá mba rud é go raibh mé ag imirt peile? Agus is cinnte nach mbeinn in ann peil a imirt dá mba rud é go raibh mé aerach! B’eispéireas fíoruaigneach é, agus mar dhuine óg ag déanamh iarrachta mo ghnéasúlacht a thuiscint, bhí sé an-deacair. Sin an fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach do ‘threibh’ a aimsiú, nó pobal ar leith. 

Mar sin, nuair a chonaic mé go raibh Karl Ó Seanáin ag déanamh iarrachta club CLG ionchuimsitheach a bhunú, ní raibh an dara rogha agam. Bhí orm a bheith páirteach agus caithfidh mé a admháil, tá Na Gaeil Aeracha tar éis mo shaol a athrú amach is amach in aon bhliain amháin! Tá taithí agam sna meáin shóisialta, agus mar sin, thairg mé mo sheirbhísí chun cabhair a thabhairt dóibh ar líne agus tá mise mar leaschaptaen ar fhoireann na bhfear agus ní creidim go raibh saol agam roimh NGA toisc nach féidir liom cuimhneamh ar an saol sin! 

Agus sin an taithí atá ag gach duine eile sa chlub. Daoine nár cheap go mbeadh fáilte rompu ar fhoireann peile ná ar fhoireann spóirt ar bith. Tá siad ar a suaimhneas anseo, agus mar dhaoine aiteacha, tá sé sin thar a bheith cumhachtach.

Tá sé fíorspeisialta daoine aiteacha eile a aimsiú, daoine cosúil leatsa, nach dtabharfaidh breithiúnas ort. Níor chreid mé riamh go mbeadh rud cosúil leis seo agam mar fhear aerach. Agus mé i mo dhéagóir, ghuigh mé gach oíche chun a bheith heitrighnéasach. Buíochas le Dia, theip ar na paidreacha go léir. Ach ag an am, bhí mé faoi ghruaim agus níor chreid mé go mbeinn sásta riamh mar dhuine aerach toisc nach raibh ionadaíocht agam. Mar sin, is mór an onóir dom a bheith páirteach i ngluaiseacht cearta sibhialta lena gcinnteofar nach mbraithfeadh aon duine mar sin arís.

Tá Na Gaeil Aeracha ag dul ó neart go neart ó bhunú an chlub in 2020, agus táim tar éis na daoine is fearr i mo shaol a aimsiú sa chlub. Daoine aiteacha ag tús na bhfichidí, agus ag deireadh na ndaichidí. Daoine atá díreach tar éis teacht amach, agus daoine a bhí amuigh ar feadh na blianta fada. Daoine nár imir peil ar feadh fiche bliain, agus daoine nár imir riamh! Daoine a thugann inspioráid dom agus (tá súil agam) a fhaigheann inspioráid uaimse.

Is grúpa fíorspeisialta é agus tá súil agam go dtugaimid dóchas do dhaoine aiteach timpeall na tíre agus timpeall an domhain agus muid le feiceáil ar líne, sna meáin, ar an teilifís agus ar an raidió. Mar tá a fhios agam cé chomh cumhachtach is a bheadh an ionadaíocht sin domsa agus mé ag fás aníos. 

Má tá níos mó eolais uaibh, tá Na Gaeil Aeracha ar fáil ar InstagramTwitterFacebook agus ar LinkedIn, bíonn ár DMs oscailte i gcónaí! Agus má tá níos mó eolais uaibh maidir lena gclubanna ionchuimsitheacha eile timpeall na tíre, tá liosta déanta ag Sporting Pride Ireland.

Níos mó