Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
comer-ina-laoch-ag-gaillimh-agus-cluiche-ceannais-na-heireann-bainte-amach-ag-fir-an-iarthair

Comer ina laoch ag Gaillimh agus cluiche ceannais na hÉireann bainte amach ag fir an Iarthair

Gaillimh 2-8 Doire 1-6

Tá peileadóirí na Gaillimhe ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair le 21 bliain anuas tar éis dóibh Doire a chloígh i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

Chuir na Gaillimhigh tús thar a bheith mall leis an gcluiche ach dhúisigh siad théis 20 nóiméad agus ba iad ab fhearr as sin go deireadh. Bhí Damien Comer ina laoch acu, agus 2-2 aige i dtaispeántas den scoth.

Léiriú ar an gcluiche uile a bhí sa choimhlint a bhí ag an lántosach le Brendan Rogers Dhoire. D’aimsigh Rogers dhá phointe sa chéad 12 nóiméad chun curaidh Uladh a spreagadh ach nuair a d’éirigh le Comer dul i bhfeidhm ar an gcluiche, bhí a chuid iarrachtaí cinniúnach do Ghaillimh. Bhí an tosach cráite ag gortuithe le cúpla bliain anuas ach nuair atá sé i mbarr a shláinte, mar a bhí anseo, is deacair é a stopadh.

Ba é Comer a fuair an chéad scór do Ghaillimh agus 21 nóiméad caite acu gan scór ar bith a fháil. Bhíodar ag thabhairt faoi na postaí ó i bhfad amach sa chéad chuid sin den chluiche agus iad ag iarraidh dlúthchosaint Dhoire a a shárú, ach níor bhain na hiarrachtaí an sprioc amach. Léiríodh beagáinín níos mó foighne i gcás chúilín Comer, tréith a bhí chun leas na Gaillimhe.

Fuair John Daly pointe eile chun an bhearna a laghdú agus nuair a chuir Shane McGuigan cic saor thar an trasnán théis 33 nóiméad, ba é an chéad scór a bhí faighte ag Doire le 20 nóiméad agus an gearradh a bhí ina n-imirt ag tús an chluiche imithe.

Bhí Gaillimh ar comhscór faoi leath ama, 0-4 an taobh, a bhuí de phointe eile ó Comer agus cic ‘45 ag Shane Walsh. Thóg sé tamall fada scór an Bhreathnaigh a cheadú tar éis do Hawkeye a rá go raibh sé ar fóraoil, in ainneoin go ndeachaigh an liathróid troigh taobh istigh den chuaille.

Ní raibh aon amhras faoi na trí chic saor a shlánaigh Walsh chun bearna a chur idir na foirne ag tús an dara leath agus bhí leathchos ag na Gaillimhigh sa chluiche ceannais nuair a scóráil Comer a chéad chúl théis 46 nóiméad. Chuir John Daly, a bhí ar fheabhas do Ghaillimh, an liathróid isteach chuige ar imeall na cearnóige, d’fhág Comer Rogers ina chnap agus bháigh sé an liathróid go híseal go cúl na heangaí.

Damien Comer, Gaillimh, ag ceiliúradh a chéad chúl in aghadh Dhoire. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Chuir an cúl Gaillimh 1-7 in aghaidh 0-4 chun tosaigh agus cé gur laghdaigh Shane McGuigan an bhearna idir na foirne le cic saor eile go gairid ina dhiaidh sin, bhí cuma an-theoranta ar imirt Dhoire. Bhí an bheocht agus an luas a bhí ina gcuid imeartha in aghaidh an Chláir imithe agus smacht ag Gaillimh ar leithéidí McGuigan, Benny Heron agus Niall Loughlin.

Ba cheart go mbeadh cúl faighte ag Johnny Heaney agus ceathrú uaire fágtha ach ní bhfuair sé ach pointe. Bualadh buille maraithe na muice ar Dhoire sa 64ú nóiméad le cúl a fhanfaidh i gcuimhne na nGaillimheach ar feadh i bhfad.

Bhain John Daly an liathróid de Conor Glass ar líne 45m na Gaillimhe agus thug sé pas tapa do Liam Silke. Agus cúl báire Dhoire  suas an pháirc fuair Comer pas fada ó Silke. Bhí a fhios ag Comer céard a bhí le déanamh agus sheol sé iarracht thomhaiste isteach sa chúl folamh ó 40m amach chun a chinntiú go mbeadh Gaillimh ag fáil réidh do chluiche ceannais na hÉireann faoi cheann coicíse.

Scóráil an t-ionadaí Lachlan Murray cúl do Dhoire agus an t-am caite, ach amhail cúl Gary Coleman in aghaidh na Gaillimhe i 1998, ní raibh tionchar ar bith aige ar an toradh agus Gaillimh cáilithe don chluiche ceannais.

Paul Conroy ag ceiliúradh  le Damien Comer. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Gaillimh: C Gleeson; L Silke, S Kelly, J Glynn; D McHugh, J Daly (0-1), K Molloy; P Conroy, C McDaid; Patrick Kelly, M Tierney, J Heaney (0-1); R Finnerty, D Comer (2-2), S Walsh (0-4, trí phointe ó chiceanna saora, ceann ó chic ‘45). Fir Ionaid: F Ó Laoi in áit Heaney (60 nóim), B Mannion in áit Comer (67 nóim), D Conneely in áit Finnerty (67 nóim), Paul Kelly in áit Patrick Kelly (70+2 nóim).

Doire: O Lynch; C McKaigue, B Rogers (0-2), C McCluskey; C Doherty, G McKinless, P McGrogan; C Glass, N Toner; P Cassiy, S Downey, E Doherty; B Heron, S McGuigan (0-3, 0-2 ó chiceanna saora), N Loughlin (0-1). Fir Ionaid: E Bradley in áit Downey (44 nóim), L Murray (1-0) in áit Toner (55 nóim), B McCarron in áit Heron (60 nóim),

Réiteoir: Brendan Cawley.

Níos mó