Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
corca-dhuibhne-2030:-‘nil-reiteach-is-fearr-ar-an-eigeandail-aeraide-ach-seans-a-thogaint-chun-beart-a-dheanamh’

Corca Dhuibhne 2030: ‘Níl réiteach is fearr ar an éigeandáil aeráide ach seans a thógaint chun beart a dhéanamh’

| An Gael Glas | ,

Níl dabht ar bith ach go bhfuil ceantar Gaeltachta amháin sa tír i bhfad níos fearr ná na ceantair eile. Sea, is breá an áit é Dún na nGall, agus bímid sásta a dhóthain seal a chaitheamh i gConamara ó am go ham, ach má táimid chun an fhírinne a insint (agus insíonn Gael Glas an fhírinne i gcónaí), b’fhearr linn bheith i gCiarraí, ar an leithinis álainn dhraíochta siar ó Thrá Lí. 

Ach ná bac leis an Uimhir Dhé agus an Modh Foshuiteach ag ráthaíocht ann, bhí mé in ann labhairt le Deirdre de Bhailís, Bainisteoir Chorca Dhuibhne 2030, tionscadal a thugann deis don phobal áitiúil dul i ngleic leis an athrú aeráide. Chuala mé fúthu ar dtús nuair a thug siad cuairt ar COP26 i nGlaschú le carr leictreach, ach is léir go bhfuil i bhfad níos mó ar siúl acu.

Abair linn faoi Chorca Dhuibhne 2030- cathain a bunaíodh é agus cad iad na spriocanna atá agaibh?

Bunaíodh CorcaDhuibhne2030 sa bhliain 2018 chun na hathruithe ó thaobh athrú aeráide a chur chun cinn. Táimid ag comhoibriú leis an bpobal áitiúil, le scoileanna, lucht gnó, an córas iompair agus earnáil na feirmeoireachta chun tástáil a dhéanamh ar athruithe a chruthóidh fostaíocht nua ar phá maith ar
fud na leithinse agus a shábhálfaidh costais fuinnimh agus truailliú aeráide araon.

Tá páirtithe náisiúnta agus áitiúla ag obair le chéile ar an tionscnamh: Mol Cruthaitheachta agus Nuálaíochta Chorca Dhuibhne; MaREI, Ionad Taighde Fuinnimh, Aeráide agus Mara de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann atá faoi bhainistíocht Choláiste na hOllscoile Corcaigh; Líonraí BSL atá i gceannas ar chóras dáilte leictreachais na hÉireann; agus FCTTT, eagras forbartha pobail áitiúil. Cuid riachtanach den tionscnamh ná guth láidir an phobail sna pleananna a cheaptar. Tá saineolas ‘ón mbarr anuas’ agus infheistíocht airgid riachtanach leis; agus is aidhm an-tábhachtach againn an méid a fhoghlaimímid a roinnt le ceantair eile i gcontae. Chiarraí agus le pobail ar fud na tíre. 

Tá sár-jab déanta agaibh chun nasc agus ceangal a chruthú leis an bpobal ar an leithinis. Conas a bhí sibh in ann é sin a bhaint amach?

Na mílte uaireanta an chloig ag obair go dian chun caidreamh a cothú le gach earnáil ar an leithinis. Tógann sé am agus obair. Chuireamar raon mór imeachtaí ar siúl ionas go mbeadh áit sa chomhrá ar fáil do raon mór do dhaoine. Cuid dóibh siúd ar fáil ar líne anseo.

Bhí deis iontach againn tosnú leis an tionscadal Líonraí BSL mar bhíomar in ann dul i dteagmháil le daoine chun bheith páirteach i dtrialacha maidir le painéil ghréine, córais bainistithe cadhnraí, pumpaí teasa aerfhoinse agus feithiclí leictreacha. Spreagadh na trialacha seo comhrá agus díospóireacht i measc na gcomharsan, rud a chuireann aiseolas luachmhar ar fáil.

Tuigimid go léir an tábhacht a bhaineann leis an earnáil fheirmeoireachta i gcás na haeráide in Éirinn, agus tá a fhios agam go bhfuil ana-chuid oibre déanta agaibh le feirmeoirí na háite. Cad tá a siúl agaibh leo faoi láthair? An dóigh leat go mbeimid in ann an bhearna idir muintir na cathrach agus pobal na tuaithe a mhaolú go deo, agus comhoibriú le chéile? 

Cinnte tá an bhearna sin ann agus ag méadú ach táimid ag obair go dian chun é a bhriseadh síos. Seo iad na trí phríomhtionscadal atá ar siúl againn:

Pobal Fuinnimh Inmharthana do feirmeoirí déiríochta: Tá feirmeoirí ar fud na leithinse páirteach i dtrialacha ar ghiniúint fuinnimh ar an bhfeirm a shábhálfaidh costais mhóra orthu feasta: táirgeadh féir do dhíleatóir anaeróbach, painéil ghréine agus cumhacht hidrileictreach.

EU Ploutos 

Scéim an-nuálach ná na braiteoirí InE (Idirlíon na nEarraí) atá á dtriail ar 36 feirm. Is ‘stáisiún aimsire’ iad seo a thomhaiseann taise cré, airde aoiligh agus nithe eile; i gcomhar le clár digiteach de chuid Theagaisc, cuireann siad feabhas ar bhainistiú féir, agus déantar laghdú mór ar an leasú talún agus ar astaíochtaí carbóin.

Cad faoi chás na Gaeilge? An gceapann tú go bhfuil ról ag an teanga inár réitigh ar athrú aeráide? Cad iad na fadhbanna atá ann a chuireann bac ar í a bheith níos lárnaí? 

Chímíd anseo go bhfuil an Ghaelainn fite fuaite trí gach togra toisc gurb é sin príomhtheanga roinn mhaith do na rannpháirtithe. Is breá leis na rannpháirtithe eile an deis a fháil chun feabhas a chur ar a chuid Gaelainne féin. Cinnte, bíonn sé deacair ar eagraíocht bheag ó thaobh acmhainní agus buiséid gach rud a chur amach go dátheangach ach tá sé fíorthábhachtach chun go mbeadh gach duine sa comhrá céanna. Táimid ag plé le cúrsaí ealaíne chun teachtaireachtaí ó thaobh athrú aeráide a léiriú agus is dóigh liom go bhfuil buntáistí ag an Ghaelainn chun é sin a dhéanamh go híogair agus go bríomhar. 

Cloistear níos minice faoi na fadhbanna meabhairshláinte a chuireann athrú aeráide ar an aos óg ar fud an domhain. An bhfuil dóchas agus misneach agat go dtiocfaimid slán tríd an éigeandáil, agus go dtiocfaidh ár n-oidhreacht slán tríd chomh maith?

 Is dóigh liom féin nach bhfuil réiteach níos fearr ar imní ach an seans a thógaint chun beart a dhéanamh. Tá se an tábhachtach go mbeadh slite ann chun an chumhacht a thabhairt do dhaoine rud a dhéanamh – samplaí de sin ná bia áitiúla a cheannach, an bus a thógáil in ionad an chairr anois is arís. Tá sé tábhachtach freisin go dtuigfeadh daoine tionchar na roghanna sin. 

Cinnte, tá imní orm faoin dúshlán atá ós ár gcomhair amach ach is féidir liom bheith dóchasach fad is táimid ag iarraidh tabhairt faoi! Ná dean faoin meas agus cé chomh tábhachtach is atá sé éisteacht le daoine agus an imní atá ag cur isteach orthu. Ní aistriú teicneolaíochta an dúshlán i gceist anseo ach athrú meoin.

Níos mó