Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘cuirfidh-feile-lughnasadh-ciarrai-lair-ar-an-learscail-aris!’

‘Cuirfidh Féile Lughnasadh Ciarraí Láir ar an léarscáil arís!’

| sean o dubhchon | ,

Cuirfear tús le Féile Lughnasadh tráthnóna inniu i mBaile an Mhuilinn i gContae Chiarraí. 

Tá deireadh seachtaine lán d’imeachtaí do chách eagraithe agus beidh craic agus ceol den scoth i lár an bhaile ón Déardaoin go dtí an Domhnach. 

Beidh plúr na gceoltóirí ag seinm mar chuid den fhéile. Tá ardán mór tógtha sa chearnóg i lár an bhaile, áit ina mbeidh The Rising, grúpa ó Chill Airne, le feiceáil ag a naoi a chlog ar an Aoine. Beidh na laochra ceoil Sharon Shannon ansin ag an am céanna ar an Satharn agus déanfaidh Jiggy ceolchoirm an oíche dár gcionn. Beidh deis ag an bpobal amhránaithe agus ceoltóirí na háite a chloisteáil gach tráthnóna mar chuid den fhéile, agus tá céilí le bheith ar siúl i rith an lae ar an Satharn. 

Mhínigh Séaghan Ó Súilleabháin, ball den choiste eagraithe, do NÓS go raibh sé tábhachtach dóibh ardán a thabhairt do cheoltóirí, amhránaithe, rinceoirí agus ealaíontóirí na háite. Beidh idir óg is aosta i láthair agus rannpháirteach san fhéile, agus tá clár imeachtaí cuimsitheach leagtha amach do gach aoisghrúpa.

 “Táimid ag iarraidh an pobal a tharraingt le chéile agus taispeáint don phobal lasmuigh an tallann agus na luachanna atá ag na daoine anseo timpeall. Beidh rud éigean ann do gach éinne, ó leanaí go seandaoine, agus gach saghas duine. Dos na leanaí, ach go háirithe, táimid ag tosú le paráid ag leathuair tar éis a seacht, agus beidh leanaí áitiúla, ó na foirne peile, ón scoil áitiúil agus grúpaí eile ag máirseáil tríd an bhaile agus tá feisteas éagsúla déanta acu cheana féin. Agus ansin ar an Domhnach, táimid ag féachaint ar an Lá Spraoi a bheidh againn dos na leanaí óga. Beidh ceardaíocht, scéalaíocht, siamsaíocht sráide agus go leor rudaí mar sin, dírithe ar theaghlaigh,” a dúirt sé.

Bhí Samhain, Imbolc, Bealtaine agus Lúnasa ríthábhachtach i gcónaí do na Gaeil, agus beidh roinnt mhaith imeachtaí eagraithe ar fud na tíre le ceiliúradh a dhéanamh ar Lúnasa, féile a tharlaíonn leath bealaigh idir grianstad an tsamhraidh agus cónocht an fhómhair. Tá an cultúr agus traidisiún san fhuil ag muintir Bhaile an Mhuilinn. Tá baint mhór acu leis an talamh, an timpeallacht agus an fheirmeoireacht chomh maith. 

Bhí Lúnasa i gcónaí tábhachtach sa taobh seo tíre, agus seo rud a thug spreagadh don choiste agus iad ag eagrú an fhéile seo. 

“Tagann sé ó na fréamhacha ón bhféile sheanCheilteach a bhí ann fadó – Lúnasa – an t-am den bhliain a bhíodh na barra bainte ag gach éinne, féar nó pé barr a bhí ann. Bhí ceiliúradh mór acu le buíochas a ghabhail don mhéid a bhí faighte acu le linn an tsamhraidh, don aimsir agus don bhia. Táimid ag iarraidh tagairt de sin, agus mar sin, beidh tine cnámh againn,” a dúirt Séaghan.

Beidh na himeachtaí ar fad, seachas an pharáid, ar siúl sa chearnóg i lár an bhaile. Tá baint thábhachtach ag an suíomh sin le go leor imeachtaí in imeacht na mblianta, aontaí agus féilte móra ina measc. Ní raibh mórán ag tarlú le roinnt blianta anuas, ach athróidh Féile Lughnasadh sin. 

“Bhí Féile an Bhodhráin san áit, agus bhí cáil ar an áit dá bharr, ach tháinig deireadh le sin faraor. Gan dabht, nuair a bhí Fleadh Cheoil na Mumhan anso chomh maith. Ní raibh tada mar sin ar siúl le roinnt blianta anuas, agus táimid ag iarraidh Baile an Mhuilinn agus Ciarraí Lár ar an léarscáil arís,” a dúirt Séaghan.

Táthar ag tarraingt ar sheantraidisiún Ceilteach agus ag tosú traidisiún iomlán nua sa cheantar, a dhéanann ceiliúradh ar an tseanfhéile Lúnasa agus ar mhuintir Bhaile an Mhuilinn ag an am céanna. Nach iontach na traidisiúin iad! 

Beidh Féile Lughnasadh ar siúl i mBaile an Mhuilinn i gCiarraí ón 28-31 Lúnasa. Tá breis eolais faoin fhéile ar Instagram @feilelughnasadh agus ar Facebook.  

Níos mó