Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
la-mor-do-na-deisigh-agus-sarchoimhlint-idir-gaillimh-agus-cill-chainnigh-romhainn

Lá mór do na Déisigh agus sárchoimhlint idir Gaillimh agus Cill Chainnigh romhainn

Corcaigh v Port Láirge – Páirc an Chrócaigh, 3.15pm (Beo ar RTÉ)

Lá mór é seo do lucht camógaíochta na nDéise agus an contae ar ais i gcluiche leathcheannais na hÉireann den chéad uair ó 1959 ach tá dúshlán mór rompu tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh agus iad ag tabhairt aghaidh ar Chorcaigh.

Tar éis dóibh ceithre chluiche ceathrú ceannais as a chéile a chailliúint, bhuaigh Port Láirge ar Luimneach an deireadh seachtaine seo caite chun áit a bhaint amach i gcluiche an lae inniu agus cé gur beag a rinne na Déisigh a bhí mícheart sa chluiche sin, bhí neart le foghlaim acu.

Bhí Port Láirge ar fheabhas ar fad sa chéad leath, iad 2-15 in aghaidh 1-6 chun cinn ag leath ama, ach ag streachailt a bhí siad sa dara leath. Níor aimsigh siad ach 1-1 sa dara 30 nóiméad, fiú agus iad ag imirt in aghaidh 14 imreoir, ach bhí Luimneach rófhada chun deiridh chun brú ceart a chur orthu.

D’fhéadfadh go raibh baint ag an teas le taispeántas Phort Láirge sa dara leath, go háirithe i ndiaidh a n-iarrachtaí sa chéad leath, ach beidh taispeántas níos cothroime ag teastáil inniu. Bhí Beth Carton, a scóráil 1-6, agus Niamh Rockett, a fuair 2-1, i measc na n-imreoirí a bhí an-mhaith do Phort Láirge agus beidh taispeántais den chaighdeán céanna ag teastáil inniu.

Chuaigh Corcaigh díreach ar aghaidh go dtí na babhtaí leathcheannais tar éis dóibh críochnú ar bharr Ghrúpa 1 agus tá cuma láidir ar fhoireann Matthew Twomey. Níor chaill Corcaigh ach aon chluiche craoibhe amháin go dtí seo agus bhíodar slán sna babhtaí leathcheannais faoin am ar bhuaigh Tiobraid Árann orthu sa chluiche deireanach sa ghrúpa.

Bua 0-16 in aghaidh 0-10 ar Phort Láirge i mBabhta 4 a chinntigh a n-áit i bPáirc an Chrócaigh inniu do Chorcaigh agus bhuaigh Corcaigh ar na Déisigh freisin i gcluiche leathcheannais na Mumhan, cé gur géarchoimhlint a bhí ansin.

Ní bheidh Aisling Thompson ar fáil do Chorcaigh inniu toisc í a bheith ar fionraí ach, mar sin féin, ba cheart go mbeadh siad róláidir do Phort Láirge.

Aoife Donohue agus Sarah Crowley. Pictiúr: INPHO/Ashley Cahill

Gaillimh v Cill Chainnigh – Páirc an Chrócaigh, 5.30pm (Beo RTÉ)

Cluichí idir Gaillimh agus Cill Chainnigh iad cuid de na cluichí is fearr atá feicthe againn sa chraobh camógaíochta le roinnt blianta anuas agus ba cheart go mbeadh sárchoimhlint eile ann inniu.

Nuair a chas na foirne ar a chéile sa chluiche deireanach i nGrúpa 2 na craoibhe trí seachtaine ó shin, imríodh cluiche den scoth i mBaile Átha an Rí. Scóráil Áine Keane cúilín gleoite in am cúitimh chun na foirne a fhágáil ar comhscór agus má bhíonn cluiche an lae inniu ar an gcaighdeán céanna, beidh linn.

Ábhar díomá amháin atá ann ná go bhfuil roinnt gortuithe ag cur as don dá fhoireann. Buaileadh dhá bhuille throma ar sheaimpíní na hÉireann 2021 nuair a bhain drochghortuithe glúine do Rebecca Hennelly, príomhscórálaí na foirne, agus d’Orlaith McGrath, a bhuaigh gradaim All Star in 2020 agus 2021.

Údar imní freisin é nach fios an mbeidh fáil ar thosach eile, Sarah Spellman, rud a d’fhágfadh go mbeadh Gaillimh ag brath go mór ar leithéidí Siobhán McGrath, Ailish O’Reilly agus Carrie Dolan chun scóranna a fháil.

Ar fhoireann Chill Chainnigh, cé go bhfuil na deirfiúracha Kellyann agus Aoife Doyle amuigh le gortuithe glúine, tabharfaidh an bua a bhí ag na Cait ar Áth Cliath sna babhtaí ceathrú ceannais an-spreagadh d’fhoireann Brian Dowling.

Bhí Cill Chainnigh i bhfad rómhaith do mhná na príomhchathrach an tseachtain seo caite. Scóráil Denise Gaule 1-10, cé nach bhfuair sí scór ar bith ón imirt, agus bhí Miriam Walsh ar fheabhas agus 1-3 aici.

Tá Gaillimh ag iarraidh cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach don cheathrú bhliain as a chéile ach ní bhfaighidh siad tada éasca i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

Níos mó