Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
‘ni-dh’athroinn-an-saol-ar-or-na-ar-airgead’

‘Ní dh’athróinn an saol ar ór ná ar airgead’

| Slaine Ni Chathallain | ,

Táimid thar n-ais agus dulta chomh fada le Paróiste Dhún Urlann agus Baile an Chalaidh, ach ní as san ó dhúchas m’aoi an uair seo, ach ón mBaile Loiscthe. Sin í Treasa Ní Shé, nó Treasa Uí Lúing mar atá anois uirthi. Nuair a gheibheas chuici, bhí boladh breá spaghetti bolognese ag teacht ó chorcán mór a bhí á ullmhú aici dos na laethanta breátha a bhí ag fanacht aici, ladhar cailíní a bhí ana-dheas ar fad a dúirt sí! Ní chaitheann Treasa aon nóimeant díomhaoin!


Cad í an chuimhne is sia siar i dcheann?

“Is dócha,  ag teacht abhaile ón scoil i dteannta mo mham, ar an rothar. Théadh sí ag triail orm mar gur mé an duine is óige. I naíonáin mhóra, cuimhin liom é, mar bheinn ag teacht abhaile níos luaithe ná éinne eile acu, is ba bhreá lem’ chroí a bheith ag teacht abhaile ina teannta. Is dócha ná tagadh sí na haon lá, ach is cuimhin liom é anyway, í ag teacht ag triail orm. Cheapas go rabhas chomh speisialta, mam ag teacht ag triail ormsa mar ní bhíodh sí ag teacht ag triail ar éinne eile!”

Is é Johnny an Ghabha a bhíodh mar mháistir orthu, a dúirt Treasa, agus fuair sí ana-dheas ar fad é, cineálta, agus laethanta, nuair a shiúlaidís ó scoil, stadadh sé chun spin a thabhairt dóibh. B’in íseanscoil na Muirí. Bhíodh na naíonáin bheaga, na naíonáin mhóra agus rang a haon thuas ag Nuala sa scoil nua ach ansan, théidís síos, trasna an bhóthair dtí Neilí Tom dos na ranganna níos sine, cé go dtéití thar n-ais suas dtí an máistir do rang a cúig is a sé. Deireadh Neilí leo, “má bhíonn scríbhneoireacht dheas agat, rachaidh tú i bhfad sa tsaol.” Ní raibh aon leithreas sa scoil thíos, “so, chaithfeá imeacht suas an leithreas. Bhíodh sé chomh difriúil seachas na scoileanna atá inniu ann, ní cheadófaí in aon chor é”. Tá scoil nua anois ar an Muirígh, Scoil Mhaolchéadair.

Cén saghas duine tú?

Thosnaigh sí ag gáirí nuair a cheistíos í, mar atá déanta ag na héinne go dtí seo! “Is dócha, is maith liom bualadh le daoine. Is maith liom bualadh lem’ chairde agus am a chaitheamh le mo dhaoine muinteartha is lem’ ghaolta, is le mo dheirfiúracha is mo dheartháireacha. Is maith liom an áit ina bhfuilim ag maireachtaint, dul amach agus féachaint timpeall. Ní dh’athróinn é ar ór ná ar airgead. Is dóigh liom go bhfuil sé níos a thábhachtaí a bheith sásta id’ shaol, in ionad, d’fhéadfá post le hairgead mór millteach a bheith agat in áit éigin eile, ach is dóigh liom an áit a bhfuil tú sásta, go gceart duit fanacht ann. Níl aon luach air sin.”

Cén lá is fearr a bhí riamh id’ shaol agat?

“Is dócha, an lá a phósas Tommy Long,” a deir sí, agus tosnaíonn sí ag gáirí. Neoilín Brosnan, sin é an fear a thóg na pictiúirí.” Stadann sí tamall is téann sí dtí’n gcorcán, le heagla go ndóifí é, a deir sí! Leanann sí uirthi, “bhí na héinne imithe an tSáipéal agus bhuail an fón agus dúradh liom ‘ná tair go fóill.’ ‘Ó a Mhaighdean Bheannaithe,’ a dúirt mo dheartháir, mar sin é a d’fhreagair an fón, ‘conas a déarfaidh mé léi é?’ Bhí sé a’rá leis féin, ‘n’fheadar an bé Tommy Long ná fuil tagtha?’ ach sé Neoilín náraibh tagtha! So, sí Áine a sheasaibh liom agus Liam a sheasaibh le Tommy.” I Sáipéal na Carraige a phósadar agus sa Hillgrove ina dhiaidh san. Bhí sé ana dheas a dúirt sí. “Is dócha ná raibh aon áit sa Skellig an uair sin. Ina dhiaidh san a tháinig san.” Chuadar go Baile na nGall an oíche ina dhiaidh, go Tig Bheaglaoi agus is go Majorca a chuadar go Majorca, agus “Ó, Mhuire Mháthair,” an teas, a dúirt Treasa! “Bhí sé rómhaith ar fad dom, mar níl aon tógaint agamsa ar an ngrian.”

Cad é an t-amhrán/píosa ceoil is fearr leat?

“Bhí mo mham i gcónaí ag canadh. Bhreá léi Ceaití. Bhreá lena croí Ceaití. Is maith liom féin Ceaití. Bím i gcónaí ag amhrán i m’aonar ach ní rachainn isteach i gcomórtas ná faic, mar bheadh na nerves, a chailín! Dheineas an tOireachtas istigh i dTrá Lí aon bhabhta amháin agus Cuan Bhéil Ínse a dúrt is chas Pádraig Sé timpeall chugam is dúirt sé, ‘Íosa Críost, ní raibh fhios agam riamh go rabhaise ag canadh!’ Ní chloisfidh tú arís mé, a dúrt leis.”

Cad é an nath cainte is fearr leat?

“Mo mham, trócaire uirthi sa chré, an bhean bhocht, bhí ceann ana-mhaith aici. Is minic a bhíonn breábréan. Mar bhíomair thoir aige baile aon oíche amháin is n’fheadar an úll nó orange a thugas di is dheineas dhá leath do is bhí an t-úll ag féachaint go haoibhinn agus nuair a ghearramair isteach tríd, ‘fhéach anois, a dúirt sí, is minic a bhíonn breá bréan. Is dóigh liom gur ana-cheann é.”

Cén clár teilifíse/raidió is fearr leat?

“Is maith liom Togha agus RoghaAn Saol Ó Dheas, agus is maith liom Tequila Tíre. Bím ag éisteacht leis sin, le Josie, gach aon oíche Dé Domhnaigh agus cén ceann eile, is maith liom Ros na Rún.”


Aisteoir, cócaire, cúntóir riachtanais speisialta, bean tí, agus amhránaí is ea Treasa, agus is mó bua ná san aici. Faid saoil di féin is dá grá geal, Tommy.

Níos mó