Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
pratai-ar-maidin,-pratai-um-neoin-is-da-n-eireoinn-istoiche,-pratai-a-gheobhainn!

Prátaí ar maidin, prátaí um neoin is dá n-éireoinn istoíche, prátaí a gheobhainn!

| Slaine Ni Chathallain | ,

Ní cuimhin liom cathain a chonac oiread de shlua i mBaile na nGall. Ní fhéadfá do chois a tharrac i dTigh Bheaglaoi tráthnóna Fhéile an Phráta Dé Domhnaigh seo a d’imigh tharainn. An ghrian ag scoilteadh na gcloch laistiar den Daingean, ó b’annamh léi na laethanta seo, leanaí ag cur laethanta m’óige féin i gcuimhne dom, agus packaigí Tayto á n-ithe acu agus stán Club Orange, fir is mná ná faca riamh ag snámh leath-nocht á dtumadh féin san uisce, agus ceol ar challaire ag dream óg agus iad ag baint taitnimh as an saol. 

Dóbair dom dearúd a dhéanamh ar an gcúpla duine coráistiúil a bhí timpeall agus geansaithe peile Átha Cliath á gcaitheamh go mórtasach acu. Níorbh fhada ambaist, go mbaineadh an teaspach dóibh! Bhí bús fén mbaile, agus é ag teastáil go dóite ón mBaile Beag is Fearr ar Domhan! 

Istigh i dTig Bheaglaoi, áfach, bhí an scéal níosa dháiríre. Bhí na moltóirí suite sa chúinne ag bord, agus plátaí is sceana is foirc rompu amach, ullamh chun na prátaí a bhlaiseadh i gComórtas an Spud Off Mór. Istigh sa chistin, bhí prátaí ochtair á gcoimeád deas te fé éadach, chun ná fuaróidís sula mbeadh greim bainte ag na moltóirí astu.

“B’fhearr liomsa práta fliuch ná ceann plúrach,” “ní maith liomsa rudaí atá róbhog,” sin í an chaint a bhí idir na moltóirí agus iad ag marcáil na bprátaí as 10 agus as 20, don mblas, an boladh, an uigeacht, an tsástacht iomlán agus an chuma a bhí orthu. Prátaí na Banríona ba mhó a bhí ann, deinim amach. Tar éis dos na moltóirí a gcuid a bheith ite, fuair an slua a bhí sa tig tábhairne blaiseadh, agus a moltóireacht féin ar bun acusan eatarthu féin!

Ba iad na prátaí a bhuaigh na réamhbhabhtaí sna paróistí a bhí san iomaíocht sa chraobh Dé Domhnaigh, agus ar cheann de na rialacha a bhaineann leis an gcomórtas, níl aon chead iad a bheiriú in uisce go bhfuil salann ann, cé go bhfuil cead iad a bheiriú in uisce sáile.

Sea, bhí deireadh déanta agus é in am ag bean an tí, Susan Feirtéar, an buaiteoir a fhógairt. N’fheadar cad as ar tháinig na daoine; dhóigh leat gur amach as na fallaí cloch a thángadar, Glen Hansard istigh ina measc, ag tacú lena chara Breanndán Ó Beaglaoich a raibh a phráta san iomaíocht! Sea, sa tríú háit, bhí Tomás An Rí Ó Cíobháin, ó Pharóiste Fhionntrá, sa tarna áit, Seán Mac an tSíthigh agus prátaí Dhún Chaoin, agus sa chéad áit, Rí na bPrátaí 2022, Tomás Ó Murchú ón nGráig, le prátaí Pharóiste Bhaile an Fheirtéaraigh, agus am briathar, ach dob é a bhí go sásta. Deinim amach go raibh An Ghráig ar fad i dTigg Bheaglaoi ach a bhfógraíodh an buaiteoir! Bhí sé ina chóisir ar fad, agus an clog taobh thiar den chuntar á bhualadh ag bean an tí, Rita! Fuair Tomás pláta aoibhinn potaireachta, déanta ar son na Féile ag an ndéantúsóir John Sheehy ó Arda Mór.

Sea, bhí ana ana-thráthnóna ag Féile an Phráta agus ceol isteach san oíche ag muintir Bheaglaoi. Dob é an trua é ná raibh an comórtas Práta Pláta ann, mar a bhíodh gach bliain le linn na féile, ach le cúnamh Dé, beidh arís ann. Tosnaíg ag prapáil chun curtha anois fé cheann cúpla mí, agus féadfaidh sibhse cur isteach ar Chomórtas an Phráta an bhliain seo chugainn!

Níos mó