Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
tionchar-mor-ag-‘foclach’-agus-an-cogadh-san-ucrain-ar-usaid-na-emoji-sa-ghaeltacht-dhigiteach

Tionchar mór ag ‘Foclach’ agus an cogadh san Úcráin ar úsáid na emoji sa Ghaeltacht Dhigiteach

| Maitiu O Coimin | ,

Bhí tionchar mór ag an gcluiche Foclach ar úsáid na emoji ar na meáin shóisialta i measc cainteoirí Gaeilge i mbliana. Dúirt an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri le NÓS go bhfuil “borradh mór” faoi na emoji ☘💛

⬛ agus araile mar gheall ar chainteoirí Gaeilge a bheith ag roinnt thorthaí a n-iarrachtaí sa gcluiche focal ar Twitter. 

D’imir an cogadh san Úcráin tionchar mór ar staitisticí na bliana seo freisin agus bratach na tíre sin go mór in úsáid ag idir ghnáthdhaoine ag tacú le muintir na hÚcráine, pholaiteoirí agus rialtais ar fud an domhain ag scaipeadh teachtaireachtaí faoin gceist, agus eagraíochtaí nuachta agus iriseoirí ag tuairisciú ar an gcoimhlint in oirthear na hEorpa.  

Is dream thar a bheith moltach iad na Gaeil ar líne más féidir aon tátal a bhaint as a mhinice is a bhíonn an emoji  👏 ina gcuid teachtaireachtaí ar líne. Seo an ceathrú bliain as a chéile atá an emoji ‘bualadh bos’ ar bharr an liosta atá curtha ar fáil ag an Ollamh Kevin Scannell do NÓS. 

Déantar ceiliúradh chuile bhliain i mí Iúil ar Lá Idirnáisiúnta na Emoji agus tá taighde á déanamh ag Kevin le blianta beaga anuas ní hamháin ar úsáid na Gaeilge ar líne ach ar úsáid na emoji i measc lucht labhartha na Gaeilge ar na meáin shóisialta. Rinne sé scagadh ar úsáid na emoji i measc cainteoirí Gaeilge Twitter agus chuir liosta le chéile den 100 emoji is coitianta.

Ar bharr an liosta sin arís eile tá an ‘bualadh bos’. Athraíonn brí na emoji in imeacht na mblianta agus is minic a thugtar brí as nua do emoji ar leith. San am a caitheadh d’úsáidtí an ‘bualadh bos’ le béim a leagan ar theachtaireacht ach tá an nós sin imithe i léig beagán anois cé go bhfeictear fós é ó am go chéile. Mar a bheifí ag súil, is le moladh a thabhairt do dhuine is mó a úsáidtear an ‘bualadh bos’ ar na meáin shóisialta. 

Tá na giolcacha poiblí go léir a seoladh ó chuntais phoiblí Twitter bailithe ag Scannell mar chuid den togra ‘Indigenous Tweets’, agus is ón mbailiúchán sin a tháinig sé ar an 50 emoji is mó úsáid ag cainteoirí Gaeilge ar Twitter.

Bhí an bhogliathróid Mheiriceánach 🥎 agus an eitpheil 🏐 go hard ar an liosta freisin mar gheall ar an úsáid a bhaintear astu agus trácht á déanamh ar na cluichí Gaelacha. Dúirt Kevin gurb é cuntas TG4 is mó a úsáideann an bhogliathróid i leaba an sliotair agus an eitpheil i leaba na peile Gaelaí. 

https://twitter.com/SportTG4/status/1537862496127791107)

Tá tionchar níos mó fós ag Cumann Lúthchleas Gael ar úsáid na emoji ar Twitter agus na ciorcail dhaite in úsáid ag daoine lena dtacaíocht a léiriú d’fhoirne CLG na tíre. Go deimhin, tá dathanna CLG chomh haitheanta sin faoin am seo go n-úsáidtear iad le contaetha a chur in iúl fiú nuair nach bhfuil aon spórt i gceist. 

Tá an ‘tÉireannachas’ le feiceáil ar an liosta agus brat na hÉireann 🇮🇪, an tseamróg ☘, agus an tseamair Mhuire le feiceáil ann. Is iad bratach Mheiriceá agus bratach na hÚcráine an t-aon dá bhratach eile atá ar an liosta 100 emoji i mbliana ach deir Kevin gur úsáideadh bratach an Chósta Eabhair 

deich n-uaire i ngiolcacha Gaeilge le bliain anuas.

Níl an tóir chéanna ar na hemoji a bhaineann leis an grípa an Dream Dearg i mbliana ach tá an ‘ciorcal mór dearg’, ‘an ciorcal dearg’ agus ‘an fhuilghrúpa O’ fós ar an liosta. 

Ar údar éigin tá an clog aláraim sa gcúigiú háit ar liosta na bliana seo. 

Níos mó