Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘is-e-an-trua-nach-feidir-le-fear-geansai-deas-camogaiochta-a-cheannacht’

‘Is é an trua nach féidir le fear geansaí deas camógaíochta a cheannacht’

| Maitiu O Coimin | ,

Tá a fhios againn uilig nach bhfaigheann spórt na mban an oiread céanna tacaíochta agus a fhaigheann spórt na bhfear sa tír seo (agus ar fud an domhain), ach tháinig mé ar bhealach eile a bhfuil leithcheal á dhéanamh ar na mná an lá cheana agus mé ar shiopa idirlín O’Neills. 

Seachtain sular thug peileadóirí na Gaillimhe aghaidh ar an imreoirí na Ríochta i bPáirc an Chrócaigh an mhí seo caite, chinn mé gur ócáid sách sollúnta a bhí ann geansaí úrnua na Gaillimhe a cheannacht agus an seancheann caite a chur ar féarach.

Ar ndóigh a luaithe is a bhí cuardach amháin déanta agam ar ‘Galway jersey 2022’ ar Google ní raibh le feiceáil ar na meáin shóisialta ar feadh coicíse ina dhiaidh ach fógraí do gheansaithe ó chuile chontae in Éirinn.

D’oibrigh an mhargaíocht. ‘Céard atá níos fearr ná geansaí amháin,’ a d’fhiafraigh mé díom féin, ‘ach dhá gheansaí?’. Ach ní geansaí Chiarraí a bhí uaim, mar a shíl Instagram, ach geansaí camógaíochta na Gaillimhe nó geansaí peile ban na Gaillimhe. Is maith liom tacaíocht a thabhairt do na mná an oiread agus is féidir agus tá mé théis freastal ar níos mó cluichí ceannais ban ná mar atá mé théis freastal ar chluichí ceannais fear. Ní bheadh sé aisteach, mar sin, geansaí na Gaillimhe a mbeadh lógó na LGFA nó an Cumann Camógaíochta ar a bhrollach a chaitheamh, an mbeadh? Ní cheapfainnse é. 

Siúd liom go siopa idirlín O’Neills arís mar ar féidir liom geansaí na bhfear a cheannacht dom féin nó leagan ‘women’s fit’ a cheannacht do bhean a bheadh ag iarraidh a tacaíocht do leaids na Gaillimhe a léiriú. Ach nuair a chuaigh mé chomh fada le rannóg spórt na mban níl ann ach an ‘women’s fit’. Mar a chéile an scéal i gcás na camógaíochta, níl aon rogha ann ach geansaí atá deartha do cholainn mná a cheannacht. B’fhéidir go bhfeilfeadh geansaí mar sin do cholainn fir áirithe ach i mo chás-sa ní go rómhaith a théann geansaí a dearadh do bhean ar mo ghuaillí ná trasna mo bhrollaigh. 

Anois b’fhéidir go ndéarfá gur seafóid atá orm agus go bhféadfainn an geansaí atá agam a chaitheamh le tacú leis na mná, ach tá mé cinnte go dtéann ar a laghad cuid den airgead a chaitear ar earraí de chuid an LGFA nó an Cumann Camógaíochta i dtreo na n-eagraíochtaí sin, agus ba mhaith liom go bhfaighidís an tacaíocht airgid sin chomh maith le mo bhúireach agus béiceach sna seastáin. 

Fágtar spórt na mban ar an trá fholamh go minic sa tír seo agus feictear dom gurb é an bealach is fearr leis an duine aonair tacaíocht a thabhairt do na mná ná an lámh a chur sa bpóca agus ticéid agus rudaí eile (geansaithe!) a cheannacht. Is é an trua nach bhfuil an rogha sin ann do na fir a thacaíonn le foirne na mban. Is é Ard Mhacha an t-aon chontae a bhfuil geansaithe LGFA aige atá ‘unisex’, de réir shuíomh O’Neills. 

Coinneoidh mé orm ag freastal ar chluichí na mban agus geansaí na bhfear orm ach bheadh sé go deas dá gcuirfí geansaí deas camógaíochta ar fáil lá breá éigin. 

Níos mó