Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
‘ta-an-saol-roghearr-le-caitheamh-d’eagmais-na-ndaoine-a-bhfuil-gra-agat-doibh’

‘Tá an saol róghearr le caitheamh d’éagmais na ndaoine a bhfuil grá agat dóibh’

| Domhnall O Braonain | ,

Bliain is an lá Dé Sathairn bhí mo chara agus a chailín (a raibh mé cairdiúil léi ach nach raibh aithne chomh maith céanna agam uirthi) ar a mbealach abhaile ó thuras a rinne siad trasna Mheiriceá ar fad sa gcarr nuair a tháinig leoraí trasna ón taobh eile den mhótarbhealach agus bhuail fúthu.

Bhí mé féin agus a chuid deartháireacha ag an obair an lá sin agus ní raibh a fhios againn cén fáth ach bhí drochphian i mbolg leathchúpla an té a cailleadh an mhaidin sin uilig. Anois níl a fhios agam an gcreidim ann i ndáiríre ach deirtear go mbíonn nasc mar sin ann i gcúpla. 

Ar aon chuma fuair mé an scéala an tráthnóna sin ón deartháir is sine (an deartháir is mó a bhfuil mé cairdiúil leis) agus is cuimhneach liom a bheith i mo sheasamh sa gcistineach agus gan mé in ann ciall cheart a dhéanamh den scéal, gan mé in ann caoineadh ach an rud is mó gan a fhios agam céard a bhí mé ceaptha a rá le mo mhéit a bhí díreach théis a dheartháir a chailleadh. 

Céard sa diabhal a déarfadh duine sa gcás sin?

Chuaigh mé féin chuig an séipéal ansin le mo phaidrín agus chaoin agus chaoin mé agus as sin tigh m’uncail (a raibh muid uilig ag obair dó) le tuilleadh caoineacháin a dhéanamh. 

Mar gheall go raibh mo chara, Cole, bliain níos óige ná mé, cineál ag magadh leis dhéarfainn “maith buachaill” aon uair a gheobhadh sé uirlis dom as an traelaeir nó dá mbeadh sé ag brú barra nó rud éicint agus dhéanfadh sé gáire agus dhéarfadh sé “my buckle” ar ais liom. Mar sin ar chúl cheann de na trucailí oibre s’againn féin chuir mo chol cearthar ainm Chole, dáta breithe agus dáta báis agus “maith buachaill” (theastaigh mo chabhair leis an gceann sin).

Tá bliain imithe tharainn, agus bhailigh os cionn céad duine ar an trá Dé Sathairn in ómós dóibh. Scaoileadh le coilm agus ansin chuaigh cuid againn amach san uisce ar chláracha le bláthanna inár mbéal agus bhí searmanas againn mar a dhéantar in Haváí agus i measc surfálaithe ar fud an domhain. 

Bhailigh muid i gciorcal san uisce, dúirt mo uncail paidir agus chaith muid na bláthanna i lár an chiorcail agus bhuail muid dromchla na farraige cúpla uair agus ansin chuaigh muid isteach i dtreo na talún arís. Bhí sé go hálainn.

Bhí mé ag an Aifreann ansin maidin Dé Domhnaigh agus théis dom an comaoineach a fháil shuigh mé síos agus i measc paidreacha eile d’iarr mé ar Dhia a inseacht do Chole agus Sadi go bhfuil grá agam dóibh. 

Théis don cheol stopadh, is maith leis an athair Damien (as Contae an Dúin, an-sagart) scaitheamh beag ciúnais a thabhairt dúinn. Thosaigh mo chliabhrach ag líonadh leis an bhfuinneamh seo ag buzzáil tríom. D’airigh mé grá mór millteach ag pléascadh trí mo cholainn uilig agus bhí a fhios agam gurbh in mo chairde ag inseacht dom gur chuala siad mo phaidir.

Ceacht atá foghlamtha agam ach nach bhfuil déanta agam, faraor, ná go bhfuil an saol róghearr le caitheamh d’éagmais na ndaoine a bhfuil grá agat dóibh. Má tá duine i do shaol a bhfuil grá agat dóibh ach a raibh troid agat leo nó díreach mura bhfuil siad feicthe agat le tamall, cuir téacs, cuir glaoch, déan rud éicint. Más troid a bhí ann cneasaigh an cairdeas, má bhíonn sibh róghnóthach cuir uair a chloig nó dhó ar leataobh mar níl a fhios agat cén uair é an uair deireadh a bhfeicfidh tú duine. 

Más duine atá ann atá tábhachtach i do shaol caith an oiread ama agus is féidir leat ina dtimpeall. Tá mé chomh buíoch gur éirigh liom féin chuile lá ar feadh dhá shamhradh a chaitheamh le Cole.

Beannacht Dé le hanamacha na mairbh ar fad.

Níos mó