Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
‘taimid-an-bhroduil-a-bheith-ag-deanamh-ionadaiochta-ar-ar-dtir-agus-ar-dteanga’-–-‘an-cailin-ciuin’-roghnaithe-do-na-oscars

‘Táimid an-bhródúil a bheith ag déanamh ionadaíochta ar ár dtír agus ár dteanga’ – ‘An Cailín Ciúin’ roghnaithe do na Oscars

An Cailín Ciúinan fadscannán Gaeilge is fearr ar éirigh leis riamh ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa Bhreatain, roghnaithe ag IFTA le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar i mbliana.

Seo an tríú bliain as a chéile a bhfuil scannán Gaeilge a rinneadh faoin scéim Cine4 roghnaithe ag IFTA don rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr.   Ba é Foscadh, leagan corraitheach d’úrscéal le Donal Ryan, The Thing About December a roghnaigh IFTA anuraidh agus ba é Arracht, an scéinséir faoin Ghorta Mór, a roghnaíodh don in 2020.

Beifear ag súil anois go rachaidh An Cailín Ciúin céim níos faide agus áit a fháil ar an ngearrliosta d’ainmniúcháin na ngradam a bheidh ar siúl in Los Angeles i mí an Mhárta seo chugainn. Fógrófar na gearrliostaí do na gradaim mí na Nollag.

Ó cuireadh amach i lár mhí na Bealtaine é, os cionn €800,000 a ghnóthaigh An Cailín Ciúin, an chéad fhadscannán ag Colm Bairéad, ag oifig na dticéad.

Léirmheasanna cúig réalta ó nuachtáin in Éirinn agus i Sasana a fuair an scannán teacht in aois ina dtéann cailín óg chun cónaí lena gaolta faoin tuath fad is atá a máthair ag súil.

‘Míorúilt bheag de scannán” a thug léirmheastóir Tuairisc air.

Chomh maith leis sin, tá go leor duaiseanna buaite ag An Cailín Ciúin, ina measc ocht ngradam IFTA, An Grand Prix agus Duais Speisialta an Ghiúiré Idirnáisiúnta sa Roinn ‘Generation KPlus’ ag an Berlinale, Féile Scannán Bheirlín, Gradam Lucht Féachana Virgin Media, agus duais don Scannán is Fearr as Éirinn ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath.

Dúirt scríbhneoir agus Stiúrthóir An Cailín Ciúin, Colm Bairéad, agus Léiritheoir an scannáin, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal, gur   mór an “onóir” dóibh go bhfuil An Cailín Ciúin roghnaithe mar iontráil na hÉireann do na 95ú Gradaim Oscar agus ghabh siad buíochas ó chroí le IFTA, TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

“Chreideamar i gcónaí sa smaoineamh go bhféadfadh scannán Gaeilge seasamh gualainn ar ghualainn le scoth na scannánaíochta domhanda agus mothaímid chomh bródúil as a bheith ag déanamh ionadaíochta thar ceann ár dtír agus ár dteanga ar an mbealach seo.”

Dúirt an stiúrthóir agus an léiritheoir gur mhór an phribhléid é Foster, an leabhar le Claire Keegan ar a bhfuil An Cailín Ciúin bunaithe, a chur in oiriúint don scáileán mór.

Ghabh Mary Ellen Ní Chualáin, Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4, comhghairdeachas ó chroí le Inscéal agus le gach duine a raibh baint acu leis an saothar.

“Tá An Cailín Ciúin tar éis dul i bhfeidhm go mór ar gach duine a bhfuil sé feicthe acu go dtí seo, anseo sa mbaile agus ar lucht féachana ar fud an domhain sa mBreatain, san Eoraip, sa Nua-Shéalainn, sa Téaváin agus san Astráil.  Is léir go bhfuil ag éirí le scéim Cine4 tionscal scannán na Gaeilge a fhorbairt agus tá TG4 thar a bheith bródúil as sin.”

Dúirt Máire Ní Chonláin, Léiritheoir Feidhmiúcháin TG4 gur “de bharr fhís agus tallann na beirte, Colm agus Cleona” a roghnaíodh  An Cailín Ciúin mar iontráil na hÉireann do na Oscars.

“Tá seoid de scannán cruthuithe acu, agus scoth na n-aisteoirí agus criú iontach páirteach ann. Tá sé tuillte ag gach duine díobh. Tréaslaím a n-ainmniúchán leo.  Go mara siad a nuacht.”

Níos mó