Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
1,000,000-cuairt-tugtha-ag-500,000-leitheoir-ar-nos

1,000,000 cuairt tugtha ag 500,000 léitheoir ar NÓS

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá os cionn 1,000,000 cuairt tugtha ag os cionn 500,000 léitheoir uathúla ar NÓS ó seoladh an leagan reatha den iris ar an 15 Eanáir 2015.

Tugadh an milliúnú cuairt ar an suíomh i lár na seachtaine seo caite agus thug an leathmhilliúnú léitheoir cuairt orainn cúpla lá roimhe sin. Dúirt eagarthóir na hirise, Maitiú Ó Coimín, go raibh sé ag faire na n-uimhreacha le cúpla seachtain ach gur tháinig an lá mór “i ngan fhios [dó]” sa deireadh.

“Coinním súil ar na figiúirí léitheoireachta ó sheachtain go seachtain agus ó mhí go mí, agus bhí tuairim agam go mbainfeadh muid an chloch mhíle tábhachtach seo amach le linn an fhómhair. Ach rinne mé leathdhearmad de an tseachtain seo caite, agus tháinig an lá mór i ngan fhios dom! 

“Tá an-áthas orm go bhfuil an chloch mhíle bainte amach againn agus go bhfuil pobal léitheoireachta agus scríbhneoireachta NÓS ag fás lá i ndiaidh lae. Chuir bunaitheoir agus iar-eagarthóir na hirise, Tomaí Ó Conghaile, bonn maith faoin togra Lá Fhéile Pádraig 2008 agus tá mé fíorbhuíoch de na scríbhneoirí iontacha a bhí againn i gcaitheamh na mblianta. Tá rudaí móra maithe bainte amach ag cuid acu in áiteacha eile anois, agus tá cuid mhaith acu fós linn,” a dúirt Maitiú. 

Dúirt bunaitheoir na hirise gur “onóir” a bhí ann a bheith ag freastal ar phobal na Gaeilge agus gur “cloch mhíle shuntasach” é an 500,000 léitheoir. 

“Nuair a chuir muid tús leis an iris ar bhonn deonach beagnach 15 bliana ó shin, ní raibh a fhios againn cad é a bhí romhainn.Ach tá pobal láidir léitheoireachta cothaithe againn in imeacht na mblianta sin agus is cloch mhíle shuntasach é 500,000 cuairteoir uathúil a bhaint amach.

“Onóir atá ann a bheith ag freastal ar phobal na Gaeilge agus tá muid iontach buíoch dár léitheoirí ar fad, agus ar ndóigh dár mbaill foirne agus dár scríbhneoirí – ní bheadh NÓS ann murach iad,” arsa Tomaí Ó Conghaile, bunaitheoir NÓS.

Úsáideann NÓS an tseirbhís Google Analytics le súil a choinneáil ar líon na léitheoirí a bhíonn ag an suíomh chomh maith le staitisticí eile. Ciallaíonn ‘duine uathúil’ sa gcás seo duine daonna amháin chomh fada agus atá Google in ann é a dheimhniú.

Is éard atá i gceist le ‘cuairt’ ná seisiún amháin ar an suíomh. Sa gcás go léifeadh an duine céanna NÓS faoi dhó in aon lá amháin, bheadh ‘duine uathúil’ amháin ar an taifead agus dhá ‘chuairt’. Nuair a osclaítear scéal nua, comhairtear ‘radharc leathanaigh’. Mar sin, dá léifeadh duine aonair ceithre alt ar NÓS ar maidin, agus ceithre alt tráthnóna, bheadh ‘duine uathúil’ amháin ar an taifead, dhá ‘chuairt’ agus ocht ‘radharc leathanaigh’.

Bunaíodh NÓS go deonach in 2008 chun iris chomhaimseartha spreagúil a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, iris a bheadh inchurtha le foilseachán ardchaighdeáin ar bith eile in aon teanga ar domhan.

Bhí an iris ar fáil saor in aisce i dtús aimsire i gcathair Bhéal Feirste, agus bhí PDF di ar fáil ar líne. Nuair a tháinig an nuachtán náisiúnta Gaelscéal ar an bhfód in 2010, bhí NÓS ar fáil mar fhorlíonadh míosúil ann, agus nuair a cuireadh deireadh le Gaelscéal in 2013, chuaigh muid amach sa saol mór asainn féin mar iris chlóite lándaite a bhí ar fáil i siopaí nuachtán ar fud na hÉireann. Níl na léitheoirí a bhí ag NÓS san áireamh sa leathmhilliún a luaitear sa tuairisc seo.

Nuair a bhuaigh NÓS conradh ó Fhoras na Gaeilge in 2014 le hiris chultúir a chur ar fáil ar bhonn uile-Éireann ar líne, tógadh anuas an seansuíomh idirlín www.nosmag.com agus cruthaíodh www.nos.ie. Baineann na figiúirí léitheoireachta seo leis an suíomh nua agus leis sin amháin.

Níos mó