Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
a-beannacht-tugtha-ag-aire-na-mean-do-staisiun-lan-ghaeilge-do-phaisti

A beannacht tugtha ag Aire na Meán do stáisiún lán-Ghaeilge do pháistí

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá a beannacht tugtha ag an Aire Catherine Martin, a bhfuil cúram na Gaeltachta agus na Meán Cumarsáide aici, do stáisiún lán-Ghaeilge do pháistí. D’fhógair TG4 an bhliain seo caite go raibh sé i gceist ag an stáisiún Gaeilge cainéal iomlán nua a bheadh dírithe ar pháistí a bhunú amach anseo. 

Tá Cúla4 ann le fada an lá, mír do pháistí a chraoltar ar TG4 le linn an lae agus atá ar fáil ar ardáin an stáisiúin ar líne. Bíonn cláracha do pháistí á gcraoladh faoi bhranda Chúla4 ón 7.00-10.00 agus arís ón 15.00-17.00. Ceapadh an Duibhneach Karina Feirtéar ina bainisteoir ar Chúla4 níos luaithe i mbliana agus is í a bheidh ar an stiúir agus an cainéal sainiúil nua seo á bhunú sna míonna amach romhainn. 

Tá súil ag Cúla4 go gcuirfear leis na cláracha a sholáthraíonn an earnáil léiriúcháin agus go mbeidh ábhar nua Gaeilge ar an sceideal teilifíse agus ar na hardáin ar líne a bheidh dírithe go hiomlán ar pháistí. Is ar pháistí ó aois réamhscoile go 12 bhliain d’aois a fhreastalaíonn Cúla 4

Ceapadh Niamh Ní Chróinín, a chaith blianta fada ag plé le cúrsaí raidió do dhaoine óga, ina láithreoir lánaimseartha le Cúla4 i mí Aibreáin na bliana seo. Dúirt TG4 ag an am gur “leagadh bunchloiche” a bhí sa cheapachán sin do bhunú an chainéil nua in 2023.

Tá fáilte curtha roimh fhógra an Aire Martin ag Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont. 

“Agus muid de réir a chéile ag teacht amach as an bpaindéim agus ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéimeanna domhanda eile, ní mór dúinn breathnú i dtreo na todhchaí agus ar an gcineál sochaí is mian linn a bhunú do na glúine atá le teacht. Ní mór dúinn smaoineamh freisin ar cén chaoi a bhforbróidh leanaí na cumais agus an chruthaitheacht a theastaíonn uathu. Tá na meáin ríthábhachtach d’fhorbairt tuisceana, dearcthaí, agus rannpháirtíocht leanaí sa tsochaí. 

“Caithfimid freastal ar leanaí agus daoine óga i spásanna sábháilte le hábhar iontaofa. Tá ról ar leith ag craoltóirí seirbhíse poiblí ina leith seo ach tá dúshlán breise roimh na meáin Ghaeilge agus iad in iomaíocht le haghaidh lucht féachana i margadh meán domhanda agus Béarla den chuid is mó,” a dúirt sé.  

Dúirt sé freisin go bhfuil “ról tábhachtach” ag TG4 i “gcur chun cinn féiniúlacht agus saibhriú na bpobal Gaeilge” agus san aistriú teanga ó ghlúin go glúin.

Maíonn TG4 go dtabharfaidh an cainéal nua Cúla4 “teagmháil rialta don óige leis an nGaeilge”, óige atá “ag fás aníos i dtimpeallacht na meán domhanda ina bhfuil an Béarla in uachtar”.

Tá fáilte mhór curtha freisin ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, roimh fhógra an Aire Catherine Martin. 

“Ba mhaith liom tréaslú le TG4 agus an maoiniú breise atá curtha ar fáil ag na hAirí leis an gcainéal nua Cúla4 a fhorbairt go lánaimseartha amach anseo. Tá tábhacht faoi leith le páistí a spreagadh agus níl aon dabht ach go bhfuil Cúla 4 mar thacaíocht iontach tábhachtach do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge agus mar ábhar spreagtha dá bpáistí. Beidh an cainéal nua mar spreagadh mór chomh maith do pháistí eile fud fad n tíre atá ag foghlaim na Gaeilge,” a dúirt Paula. 

Níos mó