Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ceard-is-fiu-do-letitia-james-an-dli-a-chur-ar-donald-trump?

Céard is fiú do Letitia James an dlí a chur ar Donald Trump?

| Mairin Ni Ghadhra | ,

Céard is fiú do Letitia James, Ard-Aighne Stát Nua-Eabhrac a bheith ag cur an dlí ar Donald Trump agus ar a chlann as cúbláil airgid agus caimiléireacht? Ar éigean a bhí an dúch triomaithe ar an gcáipéis 300 leathanach a d’fhoilsigh sí ar an gCéadaoin ag cur síos ar na líomhaintí ar fad in aghaidh theaghlach Trump nuair a thosaigh tráchtairí ag míniú dúinn ar fad gur dóigh go ndéanfaí réiteach sa gcás agus nach dtiocfadh sé os comhair cúirte go deo.

Ar ndóigh, d’fhéadfadh sin a bheith amhlaidh ach níl cúrsaí chomh simplí sin. Ach an oiread le beagnach chuile shórt eile a bhaineann le Donald Trump agus a chuid gníomhartha tá go leor den pholaitíocht fite fuaite leis an scéal seo. Tá sé curtha i leith Letitia James ag Trump go bhfuil géarleanúint á déanamh aici air féin agus a chlann. Ní féidir sin a chur as an áireamh ar fad. Tá sé tugtha le fios ag Ard-Aighne Nua-Eabhrac le fada an lá gur mhian léi Trump a chniogadh mar gheall ar a chuid cleachtas gnó. Tá fadhb eile aici – cé go bhfuil an tuairim forleathan nach bhfuil cúrsaí gnó Trump iontaofa, tá go leor eile sa saol gnó a d’admhódh nach bhfuil siad féin gan locht. Dá réir, bheadh sé deacair aon chás coiriúil a thabhairt ina aghaidh. Nuair a chaitheann tú a chruthú nach bhfuil aon amhras réasúnach faoi chiontú, tá sé deacair aon chiontú a shamhlú.

Tá cáipéis mhór théagartha ag cur síos ar na líomhaintí ina aghaidh foilsithe anois. Cuirfear faoi bhráid na n-údarás coireachta na líomhaintí freisin. Ní dhéanfaidh an saothar aon dochar do chlú Letitia James ach an éireoidh léi aon rud a bhaint amach?

Ní chuirfidh an cor is déanaí seo i scéal Trump tada as dó fad a bhaineann sé leis an dream a chreideann ann. Chomh luath agus a foilsíodh an phróis Dé Céadaoin chuaigh sé i mbun stocaireachta ar a lucht leanúna ag iarraidh airgid leis na cúiseanna a throid. Seasfaidh an lucht leanúna dílis sin leis ar ais nó ar éigean. Creideann siadsan go bhfuil géarleanúint ar bun.

Letitia James

An rud a gcaithfear faire amach dó anois an mbeidh tionchar ag an scéal seo ar na toghcháin lár téarma faoi cheann sé seachtaine. An gcuirfidh sé dlús le tacaíocht na n-iarrthóirí a bhfuil Trump ag tabhairt a chuid tacaíochta dóibh? Is iondúil gur reifreann faoin uachtarán a bhíonn sa toghchán lár téarma sna Stáit Aontaithe. A bhuíochas do bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí faoi Roe v Wade agus beagán téarnaimh eacnamaíochta níl an cás chomh dona ag Joe Biden agus na Daonlathaigh agus a bhí cúpla mí ó shin.  Reifreann, mar sin, ar an iar-uachtarán atá ag brath ar sheasamh in athuair don Teach Bán?

Beidh ainm Trump lárnach sa bpróiseas polaitiúil sna Stát Aontaithe nó go dtiocfaidh fógra uaidh bealach amháin nó bealach eile faoin toghchán in 2024.  Tá an chosúlacht ar na Poblachtánaigh go bhfuil siad sa tóir ar mhalairt iarrthóra. Idir chás Nua-Eabhrac agus Mar-a-Lago tuigeann siad go bhfuil an oiread duáilcí agus atá suáilcí ag baint le Trump. Inseoidh na toghcháin ar an 8 Samhain an chuid eile den scéal dóibh.

Níos mó