Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
dushlain,-pian,-fulaingt-agus-eadochas-an-chearrbhachais-a-bple-i-ndrama-nua

Dúshláin, pian, fulaingt agus éadóchas an chearrbhachais á bplé i ndráma nua

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá clú agus cáil ar Naoise Ó Cairealláin sa tír seo agus i bhfad i gcéin óna shaothar ceannródaíoch leis an mbanna ceoil Kneecap, ach beidh bua eile dá chuid á roinnt aige leis an domhan mór an tseachtain seo. Beidh a dhráma Minimal Human Contact i measc na seónna a bheidh le feiceáil ag Féile Imill Bhaile Átha Cliath, sula mbeidh deis ag muintir Bhéal Feirste an dráma a fheiceáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Beidh an dráma i nGaeilge agus fotheidil Bhéarla ann.

Tá Minimal Human Contact á scríobh ag Naoise le roinnt mhaith blianta, ach tá buaine ag baint leis an dráma seo. Tá cultúr an chearrbhachais mar phríomhthéama sa dráma, agus faighimid léargas ar na bealaí a chaitear le handúiligh chearrbhachais agus faoin tslí a mbíonn geallghlacadóirí ag déanamh dúshaothrú ar phobail iomlána. 

Bhain Naoise leas as a chuid taithí féin le Minimal Human Contact a scríobh. 

“Bhí baint mhór agam leis an gcearrbhachas agus mé níos óige, mise agus mo chuid cairde. Is dócha go ndéarfá go rabhaimid inár n-andúiligh. Bhí muid gafa leis an gcearrbhachas le fada agus chaill muid na mílte punt. Tá an oiread daoine eile a chuaigh tríd sin cosúil liomsa. Tá cuid mhór daoine ann faoi láthair, agus beidh níos mó daoine ann, mar go bhfuil geallghlacadóirí ar fud na cathrach agus ar fud iarthar Bhéal Feirste. Tá sé an-fhorleathan sa cheantar ina bhfuilimid, agus i gceantar lucht oibre ar bith,” a dúirt Naoise le NÓS.

Tá an ceart aige. Tá geallghlacadóirí ar fud na háite: tá breis agus 1,400 siopa geallghlacadóra fud fad oileán na hÉireann. De bharr aipeanna ar na fóin chliste agus suíomhanna gréasáin, ní féidir éalú ón gcearrbhachas, fiú má tá tú sa bhaile. Ba chultúr rúnda a bhí ann le fada, ach tá daoine ag labhairt amach agus ag roinnt a gcuid scéalta go cróga. 

Tá Conn Kilpatrick, Oisín McConville agus Derek Morkan i measc na n-imreoirí ó Chumann Lúthchleas Gael a labhair amach go hoscailte i mbliana faoi na deacrachtaí a bhí acu féin leis an gcearrbhachas. Tá andúil sa chearrbhachas go rábach sa tír agus bhí sé ríthábhachtach do Naoise spotsolas a dhíriú ar an chultúr rúnda ceilte seo. 

Is léir gur údar faoisimh do Naoise an dráma a scríobh, agus thit an stiúrthóir Bríd Ní Ghallchóir i ngrá le Minimal Human Contact láithreach. Tá Aisling Ghéar a léiriú, compántas drámaíochta atá ag cur drámaí den chaighdeán is airde i láthair i mBéal Feirste le cúig bliana is fiche anuas. Is léiriú aonair é Minimal Human Contact ina bhfeicfimid an t-aisteoir aitheanta Seán T Ó Meallaigh sa phríomhról. Tá an dráma lonnaithe i mBéal Feirste agus tá an-obair déanta ag Seán T le máistreacht a fháil ar an gcanúint. 

Rachaimid ar aistear leis an phríomhcharachtar, agus é ag streachailt leis an choimhlint atá ag dul ar aghaidh ina intinn féin. Feicfimid na dúshláin, an phian, an fhulaingt agus an t-éadóchas a bhaineann le handúil an chearrbhachais. Scéal amh cumhachtach atá ann, agus ceann a bhfuil teachtaireacht thábhachtach ann. Cé go bhfuil téamaí troma á bplé, cinntíonn an bua scéalaíochta atá ag Naoise go mbeidh neart grinn agus spraoi éadrom fite fuaite chomh maith. 

Beidh Minimal Human Contact le feiceáil in Amharclann an Smock Alley i mBaile Átha Cliath ón 20-24 Meán Fómhair. Beidh deiseanna an dráma a fheiceáil i mBéal Feirste, ón 26 Meán Fómhair go dtí an 1 Deireadh Fómhair, nuair a bheidh sé a léiriú i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. 

Níos mó