Éabha Breathnach ag ceiliúradh lena máthair agus múinteoirí. Ó chlé: Bridie Ní Shúilleabháin, Éabha, a máthair Bríd, Treasa Uí Lochlainn agus Seán Mac Donncha, príomhoide
Sheona Ní Mháille, múinteoir ceoil sa scoil, ag déanamh comhghairdeachais le Áine Ní Ghríofa. Beidh Áine ag déanamh Ceol, Tíreolaíocht agus Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad
Bríd Ní Liatháin agus a iníon, Éabha, ag oscailt na dtorthaí le chéile
Tá torthaí Éabha thar cinn!
Na múinteoirí féin sásta leis na torthaí. Ó chlé: Ali Donald (Bitheolaíocht); Siobhán Uí Loideáin (Séiplíneach scoile) Neasa Mhic Dhonncha (Mata) agus Sinéad McGuirk (Fraincis)
Dara Ó Conghaile ag oscailt a chuid torthaí
Na marcanna aige. Beidh Dara ag déanamh múínteoireachta in OÉG
Tá Siobhán Uí Loideáin sásta le torthaí a mhic, Cormac, a tógadh ar chúrsa fisiteiripe in Eindhoven na hÍsiltíre ar an tuiscint go bhfaigheadh sé na marcanna a bhí ag teastáil inniu. Fuair sé agus tuilleadh!
Grinnstaidéar ar thorthaí: Margarita McDonald, ar chlé, le Gráinne de Bhailís agus an príomhoide Seán Mac Donncha. Beidh Margarita, imreoir rugbaí le Cúige Chonnacht agus le foireann na hÉireann, ag déanamh céim sna dána in OÉG
Scoláire sásta eile. Eoghan Ó Súilleabháin
Margarita McDonald agus Aibidh Ní Mháille, imreoirí rugbaí le Cúige Chonnacha) agus Saffron Ní Fhlatharta ag ceiliúradh a dtorthaí. Beidh céim sna dána á déanamh ag Margarita in Ollscoil Na Gaillimhe, beidh Aibidh ag déanamh radagrafaíochta sa Choláiste Ollscoile, BÁC agus beidh Saffron ag déanamh múinteoireachta i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach
Orla Ní Fhlatharta ar chlé a mbeidh céim sna dána á déanamh aici in Ollscoil na Gaillimhe agus Orlaith Ní Chonghaile a bheidh ag déanamh Dlí agus Gnó san Ollscoil chéanna
Éanna Ó Domhnaill lena aintín agus múinteoir Sallyann Uí Dhubháin. Tá suil ag Éanna cúrsa Bainistíocht Fhoirgníochta a dhéanamh
Sásta beirt. Orla Ní Chadhain agus Aisling Ní Mhocháin
Maria Nic Dhonncha ag ceiliúradh ardmharcanna san Ardteist (625) lena máthair Natalia Kovaleva
Níos mó