Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘leiriu-e-an-daonaireamh-go-bhfuil-obair-na-gcapall-a-deanamh-ag-gaelscoileanna-agus-grupai-pobail’-–-uachtaran-cnag

‘Léiriú é an daonáireamh go bhfuil obair na gcapall á déanamh ag Gaelscoileanna agus grúpaí pobail’ – Uachtarán CnaG

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá ráite ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, gur léiriú iad na figiúirí faoi líon na gcainteoirí Gaeilge sna Sé Chontae go bhfuil “obair na gcapall” á déanamh ag Gaelscoileanna agus grúpaí pobail sa réigiúin le deich mbliana anuas. 

Tháinig méadú suntasach ar líon na ndaoine a thug le fios sa daonáireamh a reáchtáladh anuraidh go bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge acu – 23.6% ó bhí 2011 ann, ó 148,898 duine go 228,617. Bhí méadú mór ann freisin ar líon na ndaoine a thug le fios gurb í an Ghaeilge “a bpríomhtheanga” – ó 4,164 in 2011 go 5,969 in 2021, méadú 43%. 

Dúirt Paula Melvin go bhfuil “ardmholadh” tuillte ag na múinteoirí agus na heagraíochtaí áitiúla as an méid atá bainte amach acu le deich mbliana anuas.

“Léiríonn figiúir an lae inniu go bhfuil obair na gcapall ar bun ar an talamh ó thuaidh. Idir na Gaelscoileanna, grúpaí pobail, agus eile tá fás leanúnach ag teacht ar líon na ndaoine a deir go bhfuil Gaeilge éigin acu le deich mbliana anuas, agus i bhfad níos faide ná sin fosta.

“Tá ard-mholadh tuilte ag na múinteoirí, na heagraíochtaí áitiúla agus na scoileanna féin as ucht a bhfuil bainte amach acu. Cé go bhfuil muid ag dul sa treo ceart, tuigeann muid go bhfuil obair ollmhór romhainn le húsáid na teanga a spreagadh agus líon na ndaoine atá ag caint trí Ghaeilge gach lá a mhéadú, agus gur ghá dúinn tuilleadh brú a chur ar an stát a gcuid féin a dhéanamh fosta,” a dúirt sí.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, bainisteoir cumarsáide le Conradh na Gaeilge agus duine de cheannairí an Dreama Dheirg go bhfuil an t-ardú seo ar líon na gcainteoirí Gaeilge ó thuaidh “suntasach i gcomhthéacs nach bhfuil aon chosaint reachtúil ag an teanga ó thuaidh”. 

“Is é an tuairim a bheadh againn no go mbaineann an t-ardú leanúnach ar líon na ndaoine a deir go bhfuil Gaeilge éigin acu leis an obair chlaochlaitheach pobail agus Gaelscolaíochta atá faoi lán seoil ó thuaidh, agus leis an ardú próifíle atá ag an Ghaeilge i gcoitinne le breis agus cúig bliana anuas a bhuí leis an fheachtas ollmhór ar son ceart teanga. 

“Ach tá an obair sin ag dul ar aghaidh i bhfolús aon oibre pleanála straitéisí ón stát féin. Níl reachtaíocht againn don Ghaeilge fós agus níl aon straitéis teanga againn fós. Tá an pobal agus earnáil an Ghaeloideachais ag obair go dlúth leis an teanga a chothú agus a chur chun cinn,” a dúirt Pádraig. 

Dúirt sé go bhfuil Conradh na Gaeilge “cinnte go dtiocfadh méadú iontach ard ar na figiúirí seo arís eile le himeacht na chéad tréimhse daonáirimh eile” ach “cur chuige straitéiseach fadtéarmach, maoiniú cuí, agus tacaíocht cheart” ón stát ó thuaidh. 

Níos mó