Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
mairin-ni-ghadhra-agus-seamus-o-scanlain-fogartha-mar-laithreoiri-nua-‘adhmhaidin’

Máirín Ní Ghadhra agus Séamus Ó Scanláin fógartha mar láithreoirí nua ‘Adhmhaidin’

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Is iad Máirín Ní Ghadhra agus Séamus Ó Scanláin a thiocfaidh i gcomharbacht ar Ghormfhlaith Ní Thuairisg mar láithreoirí ar chlár mór na maidine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Adhmhaidin. Fógraíodh Sceideal Fómhair RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin agus deimhníodh ann go mbeadh an bheirt Ghaillmheach sa chathaoir mhór ar phríomhchlár cúrsaí reatha an stáisiúin.

Beidh Máirín Ní Ghadhra, a bhfuil taithí na mblianta aici ar chláracha cúrsaí reatha agus nuachta ar RnaG agus TG4 araon, ar an aer ó Luan go Céadaoin, agus beidh Séamus Ó Scanláin, a bhuaigh Gradam an Réalta Óig ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais in 2019 agus a bhfuil cláracha éagsúla curtha i láthair aige ar RnaG le ocht mbliana anuas, ar an aer Déardaoin agus Dé hAoine.

Beidh a chlár nua féin ag Séamus freisin ar an gCéadaoin an fómhar seo – Céapar na Céadaoine – a bheidh ar an aer ag 14.05 gach seachtain. Clár comhrá agus siamsaíochta le scéalta an phobail ceol agus “go leor gáire” a bheidh ann.

Fógraíodh athruithe eile ar Sceideal an Fhómhair inniu freisin. Is í Máire-Bríd Ní Chualáin a bheidh ina láithreoir ar an gclár Iris Aniar agus Mícheál Ó Tuathail a bheidh ag léiriú an chláir sin. Beidh an fhoireann ag dul amach i measc an phobail go rialta le labhairt le daoine faoina gcuid scéalta pearsanta féin i nGaillimh, i Maigh Eo agus i Ráth Cairn, agus tá súil acu go mbeidh an pobal páirteach go mór sa chlár.

Beidh Fionnuala Uí Neachtain i gcathaoir an láithreora ar Nuacht a hAon ón 19 Meán Fómhair. Tá aithne ag an bpobal éisteachta ar Fhionnuala ón tréimhse a chaith sí mar láithreoir ar Iris Aniar.

Beidh a chlár nua féin ag Cárthach Bán Breathnach, Cúlchaint, ina gcloisfear agallaimh le pearsana spóirt. Ní faoin spórt féin a bheidh siad ag caint le Cárthach, áfach, ach faoina shaol taobh amuigh de. Is é Seán Denvir, iar-pheileadóir na Gaillimhe, an aoi a bheidh aige sa chéad chlár. I measc na n-aíonna eile a bheidh le cloisteáil sa tsraith, beidh Naomi Ní Chearbhaill, Éabha Rutledge, Paul Flanagan, Éanna Ó Conchúir agus Mairéad Seoighe.

“Tá muid thar a bheith sásta a bheith ag cur tús le Sceideal an Fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Mar a fheicfidh daoine, tá roinnt athruithe foirne déanta, agus cloisfear craoltóirí in áiteacha nua, agus cur chuige a bheas difriúil agus úr ar chláracha. Rachaidh na forbairtí seo chun leasa na seirbhíse, agus níos tábhachtaí ná aon rud eile, chun leasa éisteoirí na seirbhíse sa bhaile nó i bhfad i gcéin.

“Mar chuid de cheiliúradh an leathchéid i mbliana, theastaigh uainn an Raidió a thabhairt amach i measc an phobail. Rinne muid sin, agus leanfar leis sa bhFómhar agus muid le bheith ar cuairt ag pobail éagsúla le craoltaí seachtracha, coirmeacha ceoil, clúdach ar ócáidí agus imeachtaí ar nós Oireachtas na Gaeilge, rud nach raibh muid in ann a dhéanamh le fada, agus tá muid ag súil go mór leis,” a dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Níos mó