Léiriú é a laghad daltaí scoile a fhaigheann cead gan an Ghaeilge a dhéanamh ar “an obair iontach” atá ar siúl ag an Roinn Oideachais agus scoileanna an Stáit, a deir an tAire Oideachais.
Agus í os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna, níor ghéill an tAire Norma Foley go raibh aon locht ar chóras conspóideach na ndíolúintí.
Dhein an tAire cosaint láidir ar chóras na ndíolúintí agus dúirt sí go raibh gá ag daltaí áirithe le díolúine chun go mbeadh bheith istigh acu “sa churaclam go léir”.
Maidir leis an bhfás leanúnach atá tagtha ar líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine, dúirt sí go raibh líon na ndíolúintí a cheadaítear ag leibhéal na hiarbhunscoile “seasmhach go maith ag timpeall 10%”.
Dúirt an t-aire gur dea-scéal é go ndéanann 80% de dhaltaí na hArdteiste scrúdú Gaeilge.
Léiriú a bhí sa mhéid sin ar an méid atá “á dhéanamh ceart againn maidir leis an nGaeilge a chur ar fáil do dhaltaí”.
Bheadh cásanna áirithe i gcónaí ann a mbeidh díolúine ag teastáil ó dhaltaí áirithe “ón ábhar áirithe seo” mar go mbíonn sé ina bhac orthu tabhairt faoin gcuraclam go léir.
Dúirt an tAire go raibh milliún dalta i scoileanna an stáit agus nach raibh díolúine ach ag 1.9% de dhaltaí bunscoile agus ag 10% de dhaltaí iar-bhunscoile.
Bheadh “grúpa beag” daltaí i gcónaí ann a mbeadh díolúine ón nGaeilge uathu, ar sí.
Níor chreid sí, a dúirt sí, go raibh daltaí “ag titim amach” as foghlaim na Gaeilge agus mhaígh sí nach gceadaítear díolúine ach amháin nuair a bhíonn móriarracht déanta thar thréimhse dhá bhliain le réiteach a fháil ar na deacrachtaí a bhíonn ag dalta leis an nGaeilge. Tugtar gach tacaíocht agus spreagadh do dhaltaí an Ghaeilge a dhéanamh agus ní cheadaítear díolúine ach amháin nuair is léir go mbeadh staidéar na teanga ina bhac orthu lántairbhe a bhaint as an gcuraclam.
Dúirt an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, Marc Ó Cathasaigh, ar iarmhúinteoir é, nach é sin an taithí a bhí aige féin ar an gcóras.
Dúirt Ó Cathasaigh gur minic go mbronntar díolúine ón nGaeilge ar dhalta i ndiaidh “comhrá cúig nóiméad” leis an múinteoir oideachais speisialta.
Mhaígh an tAire Oideachais Norma Foley nach dtarlaíonn a leithéid agus go mbíonn próiseas cuimsitheach fada i gceist le ceadú gach díolúine.
“Ní cheapfainn ar chor ar bith go ndéanfadh aon phríomhoide cinneadh [faoi dhíolúine] bunaithe ar comhrá cúig nóiméad,” arsa an tAire.
Shéan an tAire chomh maith go raibh rud éigin bunoscionn le córas a fhágann go mbíonn dhá thrian de na daltaí iarbhunscoile a mbíonn díolúine acu ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama i mbun staidéir ar theanga iasachta eile seachas an Béarla.
Ní bheadh sé “ceart”, a dúirt an tAire, Oideachais “cosc” a chur ar aon dalta staidéar a dhéanamh ar aon teanga eile.
Míshástacht leis an gcóras díolúintí a léirigh na saineolaithe agus grúpaí eile a d’fhreastail ar an tsraith cruinnithe atá á reáchtáil ag an gcoiste Oireachtais faoi cheist chonspóideach na díolúine.
In 2018 d’admhaigh an Roinn Oideachais go mbíonn 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtar do dhaltaí “mícheart”.
Tugadh córas nua isteach ina dhiaidh sin chun ‘rud eisceachtúil agus annamh’ a dhéanamh den díolúine ina dhiaidh sin ach is amhlaidh go bhfuil ardú eile tagtha ar líon na ndíolúintí a cheadaítear ó shin.
Léirigh anailís de chuid Tuairisc le gairid go raibh díolúine ón nGaeilge ag 41,148 dalta iarbhunscoile sa stát anuraidh, 11% den líon iomlán. Sin ardú ó 2.5% in 1999.
D’ardaigh líon na ndíolúintí ón nGaeilge a deonaíodh do dhaltaí iarbhunscoile anuraidh beagnach 25%.
Ag na cruinnithe a bhí ag an gcoiste Oireachtais faoi cheist na díolúine go dtí seo, léirigh eagraíochtaí Gaeilge agus oideachais, grúpaí múinteoirí agus príomhoidí agus saineolaithe oideachais a míshásamh faoi chóras na ndíolúintí.