Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘mo-mhala-lan-suibhe-agus-mo-chloigeann-lan-cuimhni-deasa-tar-eis-fheile-na-bpuiteachai’

‘Mo mhála lán suibhe agus mo chloigeann lán cuimhní deasa tar éis Fhéile na bPuiteachaí’

| Maitiu O Coimin | ,

“An lá a théanns tú ann, beir leat do chuid aráin, nó beidh tú an lá sin i do throscadh’, a dúirt Colm de Bhailís faoi Inis Meáin tráth dá raibh ach is beag duine a bhí ag Féile na bPuiteachaí i Halla Naomh Eoin Dé Sathairn seo caite a bheadh ar aon fhocal leis an bhfile Conamaraíoch. 

Chaith muid lá aoibhinn ag ceiliúradh na sméar dubh agus, mar a dúirt John Beag, “togha beatha á roinnt ag mná óga” ann.  Aedín Ní Thiarnaigh an tí seo a chum an fhéile agus a d’oibrigh go dian díograiseach leis an gcoiste áitiúil le Féile na bPuiteachaí a thabhairt ar an saol. 

Cuireadh tús leis an bhféile i Halla Naomh Eoin ar maidin agus bronnadh na duaiseanna do na comórtais filíochta. Ní raibh ach aon choinníoll amháin ann sa gcomórtas – chaithfí na puiteachaí a lua! Bhronn Máirín Mhéiní na duaiseanna móra ar Aonghus Ó Curraoin i rannóg na bunscoile (Naíonáin go Rang a 2), Michelle Ní Fhátharta i rannóg na bunscoile (Rang a 3 go Rang a 6), agus ar Fhearghas Mac Lochlainn i rannóg na ndaoine fásta dá amhrán ‘Amhrán na bPuiteachaí’. 

Amach linn i ndiaidh an bhronnta ar na creaga le hAedín féin, a bhfuil cáil amuigh mar bhean bláthanna, ar shiúlóid biaphlandaí. Labhair Aedín faoi na ‘puiteachaí’, na hairní, agus an t-iliomad plandaí eile a fhásann san oileán agus a thugann beatha don duine daonna. Bailíodh slam puiteachaí agus tugadh ar ais chuig Halla Naomh Eoin iad le haghaidh na gceardlann a bhí le tarlú amach sa lá. 

Ar na gasúir is mó a bhí an cheardlann péintéireachta agus déanta suibhe dírithe agus thapaigh mé an deis cuairt a thabhairt ar na Harry Clarkes i Séipéal Muire Gan Smál agus ar Dhún Chonchúir a fhad is a bhí na daoine óga ag caitheamh sú puiteachaí ar a chéile i gcisteanach an halla. Cé gur mhaith ann iad imeachtaí speisialta do na gasúir, tá mé a cheapadh go dtaitneodh an cheardlann déanta suibhe le daoine fásta freisin dá bhféadfaí é a dhéanamh an bhliain seo chugainn. 

Ar ais linn chuig an halla sa tráthnóna le haghaidh na ceardlainne déanta fíona – nó ‘jin’ mar a thugtar anois ar an deoch sna foclóirí. Ba é Pádraig Ó Fátharta a mhúin an cheird dúinn agus níorbh aon bhac í an Ghaeilge ar na rannpháirtithe idirnáisiúnta a bhí i láthair – duine amháin acu a tháinig an bealach ar fad as Florida go hInis Meáin.  

An imeacht dheiridh ar chlár na féile ná an choirm mhór cheoil le hÚna Ní Fhlannagáin, cláirseoir atá ina cónaí san oileán le tamall de bhlianta anuas. Chuaigh Úna sa tóir ar amhráin agus ar fhoinn a bhain le sméara dubha ar bhealach éigin, agus thug taispeántas álainn ceolmhar uaithi. Bhí tuilleadh ceoil agus amhráin ann ag lucht na féile agus muintir an oileáin sa teach ósta go deireanach san oíche. 

Agus mé ar an mbád ar ais go Ros an Mhíl an mhaidin dar gcionn, bhí an mála lán fíona agus suibhe agus an cloigeann lán cuimhní deasa d’Inis Meáin agus d’Fhéile na bPuiteachaí. Bígí ann an bhliain seo chugainn!

Níos mó