Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Stáisiún úrnua Cúla4 ar an bhealach!

| Dáithí Anraí |

Fograíodh dea-scéala ar na mallaibh go raibh cead tugtha ag an Aire Catherine Martin don chainéal nua Cúla4.

Tugadh maoiniú breise €7.3 milliún do TG4, an méadú is mó ariamh don stáisiún, chun tabhairt faoin togra nua. Tabharfaidh an maoiniú tacaíocht d’fhoireann TG4 agus Cúla4 cainéal úrnua teilifíse do pháistí a bhunú – sin é Cúla4. Labhair Meon Eile le Conall Ó Máirtín, Eagarthóir Oideachais TG4 agus TG4 Foghlaim, chun níos mó eolais a fháil.

Rinneadh réamhobair mhór chun an fhorbairt iontach seo a bhaint amach ar ndóigh. Bhí sé de sprioc ag Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, le tamall fada maoiniú a fháil don stáisiún nua agus tá an-obair déanta ag foireann Cúla4 chomh maith chun níos mó cláracha a chur ar fáil do dhaoine óga. Tá ‘Cúla4 App’ ann anois fosta a chothaíonn i bhfad níos mó féidearthachtaí.

Tuigeann Conall agus an chuid eile den fhoireann go mbíonn múinteoirí, tuismitheoirí agus daoine óga ag dul ar líne ar bhonn laethúil anois chun ábhair agus áiseanna cuí a aimsiú agus mar sin ní ar chúrsaí teilifíse amháin a bhíonn TG4 ag díriú. Tá próifíl ard ag cuntas an stáisiúin ar na meáin shóisialta agus is amhlaidh a bheidh le Cúla4 chomh maith.

Beidh an cainéal úr ag craoladh óna 7 a chlog ar maidin fríd go dtí a 8 a chlog san oíche agus, mar a deir Conall, tabharfaidh seo neart deiseanna don fhoireann rudaí nua a chur amach faoi choinne daoine óga agus forbairt ollmhór a dhéanamh ar an ábhar atá déanta cheana féin. I measc na bpleannana uilig don sceideal úr faoi láthair, tá siad ag obair ar ‘Fís Scoile’ a mharfaidh thart ar dhá uair a chlog in aghaidh an lae le háiseanna agus le hábhar foghlama a chur ar fáil do scoileanna.

Labhair Conall fosta faoin réimse leathan achmhainní agus áiseanna a chruthaíonn TG4 agus an bhéim a chuireann siad ar chruinneas agus ar an eolas atá le fáil iontu. Tá thart ar 200 mír oideachasúil forbartha ó bhí 2020  ann agus tá siad sin anois ar fáil ar an suíomh. MúinteoirÍ den chuid is mó a bhíonn os comhair an cheamara agus is i gcomhpháirt leis an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus leis an Roinn Oideachais a chruthaítear an t-ábhar foghlama sa dóigh is go mbíonn gach rud atá á leiriú agus á láithriú acu go hiomlán cruinn agus bainteach leis an churaclam agus scrúduithe scoile. Tuigeann Conall go bhfuil an dá ghné den fhoghlaim, is iad siúd an tsiamsaíocht agus an t-oideachas, chomh tábhachtach lena chéile.

Tá Conall ag siúl go mbeidh tionchar dearfach ag Cúla4 ar an Ghaeloideachas agus ar theagasc na Gaeilge sna scoileanna agus go ndéanfar sin ar an dóigh nuálach atá ag TG4 ó bunaíodh é. Ar ndóigh beidh comhoibriú ar siúl fosta idir TG4 agus comhlachtaí leiriúcháin timpeall na tíre chun smaointe agus cláracha tarraingteacha do dhaoine óga a fhorbairt le chéile.

Is cinnte go bhfuil todhchaí gheal nua i ndán d’earnáil teilfíse na Gaeilge, todhchaí a rachaidh chun tairbhe do na glúnta óga atá le teacht.

Níos mó