In Stormont tráthnóna theip ar iarracht dheireanach pholaiteoirí an Tuaiscirt an feidhmeannas a athbheochan agus toghchán a sheachaint.
D’fhill na páirtithe ar Stormont inniu ach theip orthu spéicéir nua a thoghadh nuair a bhain an DUP leas arís as a veto.
Dúirt Státrúnaí Thuaisceart Éireann Chris Heaton-Harris go ndéanfaí an dara toghchán tionóil le bliain a ghairm mura n-éireodh leis na páirtithe feidhmeannas a bhunú roimh mheán oíche anocht.
Meastar gur i lár mhí na Nollag a bheidh an toghchán.
Sinn Féin a bhí sa chéad áit i dtoghchán tionóil mhí Bealtaine seo caite.
Mar an páirtí is mó sa tionól i ndiaidh an toghcháin sin bhí a leasuachtarán, Michelle O’Neill, i dteideal post an chéad-aire a líonadh ach dhiúltaigh an DUP leaschéad-aire a ainmniú.
Tá sé ina sháinn ó shin agus stop curtha ag an DUP le feidhmiú an tionóil agus an fheidhmeannais.
Deir an páirtí aontachtach nach bhfuil aon chuimhneamh acu deireadh a chur lena mbaghcat nó go ndéanfar Prótacal Thuaisceart Éireann a leasú chun a sástachta.
Dúirt ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, nach ndéanfadh toghchán eile aon rud chun réiteach a fháil ar an aighneas faoin bprótacal, ach go raibh a pháirtí ullamh chun toghchán a throid.
Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald go raibh a páirtí réidh chun an feidhmeannas a athbhunú ach go raibh “stuaim” agus dea-thoil ag teastáil.
Dúirt sí gur trua go raibh an DUP ag diúltú géilleadh do thoil an phobail agus glacadh leis go bhfuil Éire ag athrú. Ní riail dhíreach an toradh a bheadh air sin, a dúirt sí, ach comhúdarás ag Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin chomh maith nach mbeifí ag filleadh ar an riail dhíreach ó Londain.
Faoin gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua, ceadaítear d’airí ón bhfeidhmeannas deireanach fanacht ina bpost 24 seachtain i ndiaidh toghcháin.
Ach gan céad-aire agus leaschéad-aire ní féidir leo aon chinneadh a dhéanamh faoi aon cheist a bhfuil baint ag dhá roinn nó níos mó léi ná faoi aon cheist ar gá tacaíocht an fheidhmeannais a fháil ina leith.
Cuireadh tús athuair le déanaí le cainteanna idir Rialtas na Breataine agus an tAE faoi Phrótacal an Tuaiscirt, a cuireadh sa mhargadh Breatimeachta chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint. Deir an dá thaobh go bhfuil dóchas acu go dtiocfar ar réiteach faoin bprótacal a fhágann go mbíonn an Tuaisceart ag cloí i gcónaí le cuid de rialacha trádála an AE.
Ag an am céanna, tá bille tugtha isteach ag Rialtas na Breataine a chuirfeadh go leor den phrótacal ar ceal go haontaobhach. Tá an tAE dulta i muinín an dlí mar gheall ar dhiúltú Rialtas na Breataine gnéithe de mhargadh idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm.
Bhí an dá rialtas, thuaidh agus theas, agus páirtithe eile an Tuaiscirt go léir, ag iarraidh ar an DUP a bport a athrú agus filleadh ar an bhfeidhmeannas ar mhaithe leis an daonlathas agus chun déileáil le ceisteanna amhail an ghéarchéim costas maireachtála.