Tá comhairle dlí á lorg ag forbróirí Gaeltachta faoi chinneadh sa Chúirt Uachtarach nach raibh gá cáipéisí dlí áirithe a chur ar fáil dóibh i nGaeilge mar go bhfuil ‘Béarla breá líofa’ acu.
Cinneadh sa Chúirt Uachtarach nár ghá éisteacht de chuid an Bhoird Pleanála a chur siar mar go raibh Béarla ar a toil ag an té a bhí ag éileamh go gcuirfí ionstraimí reachtúla ar fáil i nGaeilge, Siobhán Denvir-Bairéad, bean Ghaeltachta agus cainteoir dúchais.
Ó tharla gur cinneadh de chuid na Cúirte Uachtaraí atá i gceist, chaithfí dul chun na hEorpa chun achomharc a dhéanamh.
Ní raibh aon cheist, a dúradh, go mbeadh na freagróirí faoi aon mhíbhuntáiste d’uireasa na n-ionstraimí go léir a raibh siad ag iarraidh leagan Gaeilge díobh.
B’amhlaidh an scéal mar go raibh Béarla líofa ag na freagróirí agus ní bheadh a lucht dlí faoi mhíbhuntáiste agus cás á dhéanamh acu i gcoinne an CPO (ordú ceannaigh éigeantaigh) a bhfuiltear ag cur ina aghaidh.
Rinne an Stát achomharc in aghaidh cinneadh Ard-Chúirte i gcás a thug Siobhán Denvir-Bairéad agus dhá chomhlacht forbartha faoi chearta teanga.
Tá na comhlachtaí ag cur i gcoinne ordú ceannaigh éigeantaigh atá á lorg ag Uisce Éireann chun córas cóireála séarachais a thógáil ar a dtalamh ag Céibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara.
Cé gur sheas an Chúirt Uachtarach le cinneadh na hArd-Chúirte go raibh sé “míréasúnta” 17 mí a chaitheamh ag aistriú acht Oireachtais, údar imní do ghníomhaithe teanga agus saineolaithe dlí gur cinneadh nár ghá an éisteacht phoiblí a chur siar mar go bhfuil Béarla ag Siobhán Denvir-Bairéad.
Dheimhnigh muintir Bhairéad do Tuairisc go bhfuil comhairle dlí á lorg acu faoin scéal.
Is chuig an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine a chaithfí aon achomharc a dhéanamh.
Faoi Acht an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, is gá go mbeadh an bhrí a bhaintear as an reachtaíocht abhus ag teacht leis an gCoinbhinsiún. I gcúirteanna na tíre seo, áfach, bíonn tosaíocht ag rún soiléir reachtaíochta agus aon cheanglas freasordaithe sa mBunreacht ar an gCoinbhinsiún um Chearta an Duine. Ní féidir brath ach oiread ar fhorálacha an Choinbhinsiúin mar bhonn le cúiseanna caingne ar leith a thionscnamh.
Fad is a bhaineann sé le dlí na hÉireann ní thugtar tús áite do chinneadh sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine ar achtanna an Oireachtais. Ina áit sin, cuirtear an tOireachtas ar an eolas faoin mbreith san Eoraip agus déantar cinneadh ansin reachtaíocht a thabhairt isteach nó fiú reifreann a ghairm chun feidhm a thabhairt don chinneadh.
Tá sé ina imní gur cúlú é cinneadh na Cúirte Uachtaraí faoi na hionstraimí reachtúla ar an tuiscint a bhíodh ann go dtí seo go raibh sé de bhuncheart ag an saoránach cás a chur i láthair na cúirte i nGaeilge agus go mbeadh fáil aige i nGaeilge ar aon cháipéis nó seirbhís a bhí ag teastáil chun sin a dhéanamh.
Tá imní léirithe, mar shampla, gur cúlú é cinneadh na Cúirte ar bhreithiúnas an Bhreithimh Hardiman i gcás cáiliúil eile sa Chúirt Uachtarach a raibh baint aige le stádas na Gaeilge sa dlí, Ó Beoláin v. Fahy.
Dúirt an Breitheamh Hardiman sa bhreith sin nach bhféadfaí aon bhac a chur ar dhaoine a raibh an cumas acu nó an fonn orthu cás a dhéanamh i nGaeilge.
Dúirt sé nach bhféadfaí aon duine a bheadh ag iarraidh cás nó cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge a chur faoi aon mhíbhuntáiste in aon chomhthéacs “náisiúnta nó oifigiúil”.