Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
cuilithin-a-bhi-sa-’mhaidhm-dhearg’-a-bhi-a-tuar-agus-pobal-mheiricea-deighilte-go-damanta-i-gconai

Cuilithín a bhí sa ’mhaidhm dhearg’ a bhí á tuar agus pobal Mheiriceá deighilte go damanta i gcónaí

| Tuairisc.ie | ,

Dá laghad barúil a bhí ag daoine den pháirtí Daonlathach sna toghcháin lár téarma sna Stáit Aontaithe, níor tháinig an tuar faoin “maidhm dhearg” a raibh tuairisceoirí is saineolaithe ag trácht uirthi le linn an fheachtais.

Bhíothas ag tuar go dtiocfadh an páirtí Poblachtánach i dtír go breá réidh ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre agus an boilsciú níos airde i Meiriceá faoi láthair ná a bhí sé le daichead bliain. Cuir leis sin Uachtarán Daonlathach sa Teach Bán nach bhfuil aon mhórghean air, a dúradh.

A mhalairt is cosúil a tharla mar go bhfuil chuile chosúlacht air ón méid atá deimhnithe gur sna toghcháin seo is measa riamh a chruthaigh páirtí nach raibh i gcumhacht agus a bhí ag tabhairt faoi Uachtarán a bhí ina chéad téarma san oifig.

Tá torthaí á bhfógairt sna toghcháin lár téarma go fóill agus an chuma air go bhfuil ceannas na Comhdhála fós idir dhá cheann na meá agus pobal Mheiriceá deighilte go damanta i gcónaí.

Tá an chosúlacht ar na réamh-mheastacháin go n-éireoidh leis an bpáirtí Poblachtánach smacht a fháil ar Theach na nIonadaithe ach go mbeidh sé ina chath go deireadh faoin Seanad.

Sa gcás go gcaillfidh an Páirtí Daonlathach smacht ar cheachtar teach, beidh an páirtí Poblachtánach in ann cosc a chur le clár oibre an Uachtaráin Joe Biden.

Bhí dea-scéal ag an Uachtarán as Pennsylvania mar gur éirigh leis an Daonlathach, John Fetterman an suíochán sa Seanad a bhaint d’iarrthóir an pháirtí Phoblachtánaigh Mehmet Oz. Bhí imní faoi shláinte Fetterman agus é ag téarnamh ó stróc a bhuail é mí na Bealtaine.  Fuair na Daonlathaigh dhá shuíochán eile a rabhthas buartha fúthu – Maggie Hassan i New Hampshire agus Michael Bennet in Colorado. In Ohio d’éirigh le JD Vance, an fear a scríobh Hillbilly Elegy, suíochán a sciobadh do na Poblachtánaigh.

Mar sin féin is léir ag an tráth seo gur cuilithín a bhí sa ’mhaidhm dhearg’ a bhí á tuar.

Tá cúpla suíochán Seanaid faoina raibh an iomaíocht fíorghéar nach bhfuil na torthaí fógartha fós iontu, agus d’fhéadfadh gur vóta eile i dtús mhí na Nollag a bheadh ag teastáil in Georgia.

Dá n-éireodh leis an bpáirtí Daonlathach suíochán a fháil in Arizona agus i Nevada, d’fhéadfaidís tromlach a bheith acu sa Teach Uachtarach.

Bhí an t-iarUachtarán Donald Trump an-ghníomhach san bhfeachtas ach níor éirigh le cuid de na hiarrthóirí ar thug sé a bheannacht dóibh suíochán a fháil. Tá caint go leor ann go bhfógróidh sé an tseachtain seo chugainn go bhfuil rún aige tabhairt faoin fheachtas 2024 na hUachtaránachta, an tríú feachtas aigesean.

Bhí Trump ag súil gur cleití geala ina chaipín a bheadh sna hiarrthóirí ar thacaigh sé leo ach a bhfaighidís suíocháin ach níor chruthaíodar chomh hiontach agus a bhí súil leis.

“Tráthnóna suimiúil” an léirmheas a bhí ag an iarUachtarán ar fhógairt na dtorthaí.

D’éirigh thar cionn le Gobharnóir Poblachtánach Florida, Ron DeSantis. Tá a phost coinnithe go héasca aige agus bail mhaith air dá mbuailfeadh fonn é tabhairt faoi ainmniúchán na bPoblachtánach don uachtaránacht in 2024.

Tá áthas ar dhaoine atá ar son na rogha mar gur éirigh leo cearta ginmhillte a chosaint sa dlí in Vermont, Michigan agus California.

Níos mó