Deir an Roinn Oideachais gur dócha nach mbeidh ach “deiseanna teoranta” ann Gaelscoileanna nua a bhunú sna blianta amach romhainn.
Caithfear dá bharr, a deirtear i dtuarascáil nua faoin ngaeloideachas, “roghanna eile níos inbhuanaithe” a fhiosrú chun cur le líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Sa tuarascáil nua Léargas ar Sholáthar don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, cuirtear mioneolas ar fáil faoi staid an ghaeloideachais faoi láthair.
Cé go n-aithnítear sa tuarascáil na bearnaí móra sa soláthar sin lasmuigh den Ghaeltacht, deirtear gur ar éigean go mbeidh mórán Gaelscoileanna nó Gaelcholáistí nua á mbunú sna blianta amach romhainn mar go dtiocfaidh laghdú ar bhunú scoileanna go ginearálta mar gheall ar athruithe déimeagrafacha.
Tá laigí an tsoláthair gaeloideachais soiléir go háirithe ag an dara leibhéal.
Deir réir na tuarascála nua, ní dheachaigh ach 36% de na ndaltaí a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna an stáit i Meitheamh 2020 ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.
Tá an tuarascáil taighde nua curtha i dtoll a chéile mar chuid den pholasaí nua don ghaeloideachais lasmuigh den Ghaeltacht atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais. Tá tús curtha chomh maith le próiseas comhairliúcháin phoiblí faoin bpolasaí nua.
In áit a bheith ag brath ar Ghaelscoileanna nua a bhunú amháin, d’fhéadfaí, a deirtear, cabhrú le scoileanna Béarla iompú ina scoileanna Gaeilge, scoileanna Béarla agus Gaeilge a chur ar an gcampas céanna nó scoileanna lán-Ghaeilge atá ann cheana féin a mhéadú.
“Beidh deiseanna teoranta ann chun soláthar lán-Ghaeilge a mhéadú trí scoileanna nua… Beidh sé tábhachtach, mar sin, go mbainfí an leas is mó is féidir as na deiseanna atá ann laistigh de bhonneagar na scoileanna cheana féin,” a deirtear sa tuarascáil.
Maítear chomh maith go bhfaighfear eolas “úsáideach” don pholasaí ó thaighde nua atá á dhéanamh faoi aonaid agus sruthanna Gaeilge. Múnla eile a bheidh á mheas ná scoil satailíte Ghaeilge, múnla atá á thriail ar bhonn píolótach i nDún Dealgan.
D’fhéadfaí chomh maith, a deirtear sa tuarascáil, iarratas ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú ach cruthúnas a bheith ag an iarratasóir go gclárófaí 400 dalta leis. Idir 600-1,000 a bhíonn i gceist d’fhormhór na n-iar-bhunscoileanna nua.
De réir na hanailíse is déanaí atá déanta ag an Roinn tiocfaidh laghdú ar líon na ndaltaí a bheidh cláraithe i mbreis is 90% de na 314 limistéar pleanála scoile sa stát as seo go 2025. Meastar, áfach, go dtiocfaidh méadú ar líon na ndaltaí a bheidh cláraithe in 88% de na hiar-bhunscoileanna as seo go dtí 2028.
Deirtear chomh maith, áfach, go mbainfidh formhór na n-iar-bhunscoileanna “buaicphointe” ó thaobh líon na ndaoine a bheidh ag clárú leo amach sa dá bhliain nó sna trí bliana amach romhainn.
Géilltear sa tuarascáil nua go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar cheist an tsoláthair múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge chun a chinntiú gur féidir leanúint den oideachas “ar ardchaighdeán” atá ar fáil sna scoileanna sin agus cur le líon na ndaltaí atá ag freastal orthu.