Cuirfear tús inniu le Corn an Domhain 2022 agus an fhoireann bhaile, Catar, ag tabhairt aghaidh ar Eacuadór i nGrúpa A.
Rogha an Lae
Catar v Eacuadór – 4pm (Grúpa A)
Agus drogall ar go leor daoine an iomarca ama a chaitheamh leis an gcomórtas conspóideach seo, ní mheallfaidh an chéad chluiche mórán acu atá in amhras faoin rud uilig.
Ní amháin go bhfuil obair mhór curtha isteach ag Catar chun an comórtas seo a reáchtáil, tá obair mhór déanta chun go mbeadh foireann réasúnta maith acu freisin. Rugadh breis agus dhá thrian den scuad i dtíortha eile agus mealladh chun imirt le Catar iad, seift a mbeadh taithí againn uirthi anseo in Éirinn. Fear a bhíodh ag obair le foirne faoi aois Barcelona, Félix Sánchez, atá i gceannas ar an bhfoireann agus bhuaigh siad Corn na hÁise in 2019. Tosaithe maithe iad Akram Afif agus Almoez Ali.
Toradh gan choinne a bhí ann nuair a d’éirigh le hEacuadór áit a bhaint amach ag an gcomórtas ach tá siad ar cheann de na foirne is mó a bhfuil gortuithe ag cur as dóibh. Foireann óg atá ag Eacuadór agus is tá Moises Caicedo agus Piero Hincapie ar bheirt de na himreoirí is cumasaí atá acu.