Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
glor-dhomhnaill-mhic-an-tsithigh-a-bheidh-ina-‘siri-na-gaeilge’

Glór Dhomhnaill Mhic an tSíthigh a bheidh ina ‘Siri na Gaeilge’

| Maitiu O Coimin | , ,

Is é glór Dhomhnaill Mhic an tSíthigh an file, scríbhneoir, agus eachtraí aitheanta as Baile Eaglaise i gcontae Chiarraí a bheidh le cloisteáil ar chóras sintéise cainte Abair.ie.

D’fhógair an tOllamh Ailbhe Ní Chasaide gurb é glór Dhomhnaill a bheidh in úsáid do chanúint Chorca Dhuibhne ar an gcóras sintéise cainte atá á fhorbairt ag Abair.ie agus an suíomh nua á sheoladh aici ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne tráthnóna.

Seoladh glór nua Connachtach darbh ainm ‘Sibéal’ ag an ócáid sa Bhálseomra in Óstán an Gleneagle inniu. Dúirt an tOllamh Ní Chasaide go raibh éileamh mór ar ghlór cailín as Connachta don sintéiseoir, a bhíonn agus a bheidh in úsáid i dteicneolaíocht a chabhróidh le daoine atá faoi mhíchumas, agus ar chórais dála ‘Alexa’ de chuid Amazon agus ‘Siri’ de chuid Apple.

Dúirt Ailbhe nach raibh lucht na saotharlainne urlabhra ag iarraidh go bhfágfaí aon chanúint ar lár agus go rabhthas ag obair anois le canúintí eile a chur ar fáil trí Abair.ie. Is í canúint Chorca Dhuibhne an chéad chanúint eile a chuirfear ar fáil agus is é glór Dhomhnaill a bheidh le cloisteáil.

Bhásaigh Domhnall Mac an tSíthigh (nó Danny Sheehy mar a thugtaí freisin air) gan choinne nuair a d’iompaigh tonn an naomhóg a raibh sé inti béal fúithi i mbéal na habhann Minho ar theorainn na Portaingéile leis an Spáinn ar 9 Meitheamh 2017.

Mhínigh an tOllamh Ní Chasaide go raibh a dhóthain ábhair cainte taifeadta ag Domhnall i gcaitheamh na mblianta leis an sintéiseoir a chruthú. Ba mhinic a bhí Domhnall le cloisteáil ar chláracha RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar TG4, i measc stáisiúin eile.

Is ag ócáid speisialta i mBaile an Fheirtéaraigh in earrach na bliana seo chugainn a sheolfar an sintéiseoir nua ar a mbeidh glór Dhomhnaill le cloisteáil.

Aithníodh Domhnall ar dhuine de na cainteoirí ba bhreátha i gCorca Dhuibhne, agus in Éirinn féin, agus bhí saineolas aige ar chaint a mhuintire in iarthar Duibhneach.

Tá obair ar bun ag lucht Abair.ie le blianta beaga anuas ar sheirbhísí sintéise cainte agus aithinte cainte a ghabhfaidh chun tairbhe phobal na Gaeilge sna blianta atá amach romhainn. Beidh na glórtha an sintéiseora in úsáid ar lear mór seirbhísí – táirgí dála Alexa agus Siri, léitheoirí suíomhanna gréasáin, agus ar uirlisí a thabharfaidh glór do dhaoine nach bhfuil a nglór féin acu.

Níos mó